Iriseoir Éireannach curtha faoi chosc ag an Rúis

Sa tuairisc dheiridh a sheol Orla Guerin as cathair Lysychansk, thuairisc sí go raibh an chathair sin á scrios d’aon turas 

Iriseoir Éireannach curtha faoi chosc ag an Rúis

Tá n t-iriseoir Éireannach Orla Guerin ar dhuine de na hiriseoirí atá curtha faoi chosc ag an Rúis in éiric na smachtbhannaí agus cosc na Ríochta Aontaithe ar chuid d’oifigigh is lucht gnó na Rúise.

Chomh maith le roinnt mhaith feisirí parlaiminte Shasana, tá 29 duine de chuid na meán ar an liosta coiscthe, triúr iriseoirí ón BBC, agus iriseoirí ón Guardian, Times, agus cainéil teilifíse Sky, ITV agus Channel Four.

Ní stopfaidh seo an BBC ó thuirsiciú “go neamhspleach agus go cothrom” a dúradh i ráiteas ón stáisiún sin. Dúirt urlabhraí ó Roinn Gnóthaí Eachtracha na Rúise go gcuirfí leis an liosta sin. Cuireadh i leith na n-iriseoirí a bhfuil cosc curtha orthu go raibh siad “ag scaipeadh eolas bréagach aontaobhach d’aon turas faoin Rúis agus faoi eachtraí san Úcráin”. Dúradh go raibh a gcuid tuairisceoireachta “claonta” ag cothú “fuath don Rúis” [‘Russophobia’] i bpobal na Breataine.

Tá Orla Guerin lonnaithe i gCív ag an BBC agus sa tuairisc dheiridh a sheol sí as cathair Lysychansk, thuairisc sí go raibh an chathair sin á scrios d’aon turas agus polasaí an rualoiscthe i bhfeidhm ansin ag an Rúis.

Rugadh Orla Guerin i mBaile Átha Cliath agus d’oibrigh sí leis an Sunday Tribune sular oibrigh sí mar iriseoir le RTÉ agus í ag tuairisciú ó oirthear na hEorpa. Sheas sí mar iarrthóir ag Páirtí an Lucht Oibre i dtoghchán na hEorpa i 1994 ach níor éirigh léi suíochán a fháil. Tá Orla Guerin leis an BBC ó 1995 agus is iomaí láthair chogaidh is achrainn a ndearna sí tuairisceoireacht as ó shin. Tá gradaim iriseoireachta go leor saothraithe aici, céim oinigh ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh in 2019 ina measc, agus bhronn Banríon Shasana MBE uirthi in 2004.

Fág freagra ar 'Iriseoir Éireannach curtha faoi chosc ag an Rúis'

  • An Teanga Bheo

    An fhírinne ar chúl arist agus cead tuairimí i mbaol.