Bhí ionadh ar go leor san Ísiltír nuair a fógraíodh ag an deireadh seachtaine go mbeidh rialtas mionlaigh sa tír den chéad uair ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann.
Trí pháirtí a bheidh ina bhun: D66, páirtí atá rud beag bídeach ar chlé ón lár agus a fuair an sciar is mó de na vótaí in olltoghchán mhí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite; daonlathaigh Chríostaí an CDA; agus nualiobrálaigh an VVD. Is é Rob Jetten (38), ceannaire D6, a bheidh ina phríomh-aire, an duine is óige riamh a bhí sa ról sin san Ísiltír agus an chéad phríomh-aire atá aerach go hoscailte.
Ach ní bheidh ach 66 shuíochán ag na trí pháirtí sin le chéile sa Tweede Kamer, sin é ‘Dáil’ na hÍsiltíre – 10 suíochán gann ar mhóramh. San Eerste Kamer, sin é an ‘Seanad’, beidh jab níos deacra fós ag an rialtas nua. Beidh D66, CDA agus VVD 16 shuíochán gann ar mhóramh sa teach sin.
Ní hionann agus tíortha Chríoch Lochlann mar shampla, níl traidisiún rialtas mionlaigh san Ísiltír agus is patuar an fháilte atá á cur roimhe anois. Tá an freasúra agus tráchtairí polaitíochta araon den tuairim go mbeidh sé deacair ar a leithéid cinntí a dhéanamh faoi chruacheisteanna, agus go bhfuil an baol ann go dtitfidh an tóin as go luath agus go mbeidh gá le holltoghchán eile. Sin é go deimhin an bhuairt is mó atá ar dhaoine: nach é rialtas mionlaigh an rogha is seasmhaí agus is sábháilte anois díreach agus cúrsaí an domhain mar atá.
Ach ní raibh rogha eile ar fáil. Tá tírdhreach polaitiúil na hÍsiltíre níos scoilte ná mar a bhí riamh: tá suíochá(i)n sa pharlaimint ag 15 cinn de pháirtithe éagsúla agus níl ach 17 faoin gcéad de na suíocháin sin ag an bpáirtí is mó, D66. Níl aon pháirtí sásta dul isteach i gcomhrialtas leis an dara páirtí is mó, PVV an phobalóra chonspóidigh Geert Wilders; níl nualiobrálaigh an VVD sásta comhoibriú le comhghuaillíocht na nGlasach agus an Lucht Oibre (GroenLinks/PvdA); agus níor theastaigh ó D66 go mbeadh JA21, an ceann is daonlathaí de thrí pháirtí atá i bhfad amach ar an eite dheis, mar chuid den rialtas, mar a bhí á mholadh ag nualiobrálaigh an VVD.
Tuigeann an príomh-aire nua Rob Jetten an dúshlán atá roimhe agus deir sé go bhfuil “obair chrua” i ndán dó. Beidh ar thrí pháirtí an rialtais nua a bheidh faoina stiúir tacaíocht ar a laghad 10 mball parlaiminte de chuid an fhreasúra a fháil le go n-éireodh leo rud ar bith a chur i gcrích, agus tá faitíos ar na tráchtairí nach ndéanfar aon dul chun cinn dá bharr sin maidir le cruacheisteanna ar nós an ghanntanais tithíochta agus na haeráide.
Fág freagra ar 'Ionadh san Ísiltír agus rialtas mionlaigh á bhunú ag Rob Jetten'