‘Na daltaí féin a smaoinigh air’ – ‘Gaeltacht’ nua bunaithe ag daltaí Gaelscoile i gCorcaigh

An sprioc atá ag daltaí Ghaelscoil na Dúglaise ná go mbeidh Gaeilgeoirí an cheantair in ann a chéile a aithint agus go dtabharfar spreagadh do dhaoine eile a ndícheall a dhéanamh an teanga a úsáid

‘Na daltaí féin a smaoinigh air’ – ‘Gaeltacht’ nua bunaithe ag daltaí Gaelscoile i gCorcaigh

Tá ‘Gaeltacht’ nua á bunú ag daltaí ó Ghaelscoil na Dúglaise i gCorcaigh do Sheachtain na Gaeilge 2026. Tá an Ghaelscoil 40 bliain ar an bhfód i mbliana agus tá an Ghaeilge á ceiliúradh sa cheantar áitiúil ag pobal na scoile.

Na daltaí féin a smaoinigh air, a deir Elaine Ní Longaigh, múinteoir Rang a Sé i nGaelscoil na Dúglaise.

“Ar nós gach aon dea-smaoineamh, tháinig sé ó eispéireas na bpáistí, ar ndóigh. Luaigh daltaí Rang a Sé gur minic a théann siad isteach i siopaí sa cheantar, agus nuair a fheiceann daoine éadaí na scoile orthu, tosaíonn siad ag caint as Gaeilge leo. Bhíomar ag rá gur trua é nach dtarlaíonn sé sa treo eile, agus nach féidir le páistí na scoile Gaeilgeoirí an cheantair a aithint. Ba bhreá leis na daltaí tús a chur le comhráite Gaeilge, mar sin rith sé linn go mbeadh suaitheantas de shaghas éigin an-oiriúnach.”

Beidh daltaí na Gaelscoile ag dáileadh greamán ar shiopaí agus ar ghnóthaí áitiúla, bunaithe ar dhearadh a rinne siad féin. An sprioc atá ag na daltaí ná go mbeidh Gaeilgeoirí sa Dúglas in ann a chéile a aithint agus go dtabharfar spreagadh do dhaoine eile a ndícheall a dhéanamh an teanga a úsáid.

“Tá gach aon bhall foirne tar éis cabhrú leis an bhfeachtas – daoine atá go hiontach ar na meáin shóisialta, smaointe i leith cur chun cinn an fheachtais, maisiú na scoile don lá mór ar an 13 Márta. Is iontach an fuinneamh a bhaineann le feachtas mar seo, a tosaíodh mar thoradh ar phlé na bpáistí,” a deir Elaine Ní Longaigh.

“Is cuma más duine líofa tú, nó má tá tú ag foghlaim na Gaeilge den chéad uair,’ a deir Cian Ó Duagáin, dalta i Rang a Sé. “Bainfidh na greamáin seo aon bhac nó cúthail ó dhaoine, agus spreagfaidh sé daoine chun bheith i mbun cainte agus cleachtaidh. Ba bhreá linn, na daltaí, cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge ina gceantar, amhail ceantar Gaeltachta,’ a deir Cian.

Bunaíodh Gaelscoil na Dúglaise i Meán Fómhair 1985 de bharr feachtas a chuir grúpa tuismitheoirí agus daoine eile gur spéis leo an Ghaeilge agus an Ghaelscolaíocht, i gcrích.

Ainmníodh an scoil ar dtús in onóir an Athar Tadhg Ó Murchú, sagart na Gaeilge mar ab fhearr aithne air i gCathair Chorcaí. Chaith sé tamall fada ina mhúinteoir Gaeilge i bhFearann Phiarais agus ina dhiaidh sin bhí sé ina shagart i gCarraig na bhFear. Ba mhór a chlú agus a cháil i nGaeltacht Chorca Dhuibhne áit ar bhunaigh sé Brú na Gráige. Is ann a fuair go leor daoine óga blaiseadh ar an nGaeilge.

Thosaigh an scoil i nDúglas i seomraí de chuid bhráithre na Toirbhirte ar bhóthar Dhúglais, áit a raibh caidreamh maith ag an scoil leis na bráithre. Ceapadh Máire Uí Chonghaile mar an chéad phríomhoide ar an scoil i 1985 agus 20 dalta a bhí acu an uair sin.

Ba é Séamas Ó Riain an chéad chathaoirleach a bhí ar an mBord Bainistíochta. Ina dhiaidh, ceapadh Derek Ó Nualláin mar chathaoirleach. Chaith Pádraig Mac Fhlannchadha seal mar phríomhoide ó 2000 agus is í Niamh Ní Mhaoláin an príomhoide reatha ó 2002.

Bhog siad isteach i bhfoirgneamh nua taobh thiar den Chuarbhóthar Theas i nDúglas agus d’oscail an Taoiseach Micheál Ó Máirtín an scoil go hoifigiúil sa mbliain 1996. Cuireadh síneadh eile leis an scoil sa mbliain 2004 agus anois tá seachtar is fiche múinteoir ag obair sa scoil agus nach mór 425 páiste faoina gcúram, dhá rang speisialta san áireamh.

Tiocfaidh an feachtas ‘Gaeltacht na Dúglaise’ chun buaice ar an 13 Márta nuair a reáchtálfar Preab-Ghaeltacht sa scoil féin. Beidh fáilte roimh Ghaeilgeoirí an cheantair teacht chun bualadh leis na daltaí sa scoil agus cumarsáid a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

“Ní gá do dhaoine a bheith buartha faoi chruinneas, is ócáid spreagúil í seo agus fearaimid fáilte roimh éinne le suim ar bith sa teanga,” a deir Príomhoide na scoile, Niamh Ní Mhaoláin. “Tá áit faoi leith ag ár scoil sa phobal áitiúil agus ní mór dúinn é sin a aithint agus a chaomhnú le muintir na háite”.

Beidh an preab-Ghaeltacht ar bun idir 10.30am agus 12.30pm sa scoil.

Fág freagra ar '‘Na daltaí féin a smaoinigh air’ – ‘Gaeltacht’ nua bunaithe ag daltaí Gaelscoile i gCorcaigh'