‘InterGaelic’ – inneall aistriúcháin ó Ghaeilge na hAlban go Gaeilge na hÉireann ar fáil ar líne

Is é an tOllamh Kevin Scannell agus an teicneolaí Michal Boleslav Měchura a chuir ‘InterGaelic’ ar fáil ag tús na seachtaine

 

multidict

Tá foclóir agus inneall aistriúcháin nua ar fáil a chabhróidh le lucht na Gaeilge ar chaon taobh de Shruth na Maoile meabhair a bhaint as teangacha a chéile. Is éard atá in ‘InterGaelic‘ ná comhéadan nua ar na huirlisí a d’fhorbair agus a scaip an tOIlamh Kevin Scannell níos luaithe i mbliana – an foclóir Gáidhlig->Gaeilge agus an t-inneall aistriúcháin do ghiolcacha Gaelacha.

Is cuid den mhórthogra céanna atá ar bun ag an Ollamh Scannell córas aistriúcháin uathoibríoch Gáidhlig->Gaeilge a fhorbairt.

Is foclóir Gáidhlig -> Gaeilge é an bunfhoclóir a d’fhorbair an t-ollamh. Tríd an gcomhéadan nua, is féidir cuardach a dhéanamh droim ar ais ar fhocal Gaeilge freisin – rud a fhágann gur foclóir dátheangach atá ann i ndáiríre. Tá naisc ar an suíomh freisin go foclóirí Gaeilge-Béarla (Pota Focal) agus Gáidhlig-Béarla (Faclair.info), a chabhróidh le duine a bhfuil an dá theanga aige sainmhiniú a fháil ar fhormhór na bhfocal.

Ag tús na míosa seo caite, chuir an tOllamh Scannell uirlis ar fáil a chuireann Gaeilge ar ghiolcacha Gáidhlig, de réir liosta de 500 giolcaire a úsáidtear sa teanga sin. Tríd an gcomhéadan nua, is féidir aistriúchán a dhéanamh ar aon téacs Gáidhlig.

“Tá mé thar a bheith sásta leis an leagan amach a chuir Michal ar na torthaí – tá an fócas ar an mbuntéacs Gáidhlig, agus leideanna Gaeilge in aice le gach focal nó frása, go díreach cosúil leis an suíomh Twitter agus i gcodarsnacht le Google Translate,” a dúirt an tOllamh Scannell le Tuairisc.ie.

Mhínigh Scannell gur de bharr na bhféidearthachtaí a bhaineann le táirgí foinse oscailte a tháinig an fhorbairt seo chun cinn. Chruthaigh Michal Boleslav Měchura an acmhainn nua seo ó shonraí an fhoclóra agus ó fhoinsí an innill aistriúcháin a chuir Scannell ar fáil go poiblí.

Maítear ar an suíomh go gcuirfear “tuilleadh péire teangacha ar fáil níos deireanaí”. Tá Kevin Scannell ag obair ar áiseanna Gaelg (Mhanainn) -> Gaeilge i láthair na huaire ach níl a fhios aige go baileach cén uair a bheidh sé críochnaithe. Tá sé ag súil go gcríochnófar an obair roimh dheireadh na bliana agus go mbeidh sé in ann foclóirí eile a dhéanamh ina dhiaidh sin ach “níl plean cinnte” aige.

Tá InterGaelic anois i measc na bhfoclóirí atá in úsáid ar an suíomh multidict.net, a bhaineann úsáid as go leor foclóirí ar líne chun aistriúchán a chur ar fáil idir teangacha éagsúla.

Fág freagra ar '‘InterGaelic’ – inneall aistriúcháin ó Ghaeilge na hAlban go Gaeilge na hÉireann ar fáil ar líne'