Institiúidí an Aontais Eorpaigh agus ‘fadhb’ an daonlathas

Cuirtear i leith an Aontais Eorpaigh go minic nach mbíonn aon chaidreamh aige le saoránaigh

Institiúidí an Aontais Eorpaigh agus ‘fadhb’ an daonlathas

Ceann de na dúshláin is mó a bhí le sárú ag an gComhphobal Eorpach ó bunaíodh é an tuairim a bhí ann go raibh a chuid institiúidí faillíoch ó thaobh an daonlathais.

De réir mar a d’fhás an comhphobal agus ansin an tAontas cuireadh ina leith gur amhlaidh a bhí an bhearna idir na saoránaigh agus údaráis na hEorpa ag treisiú.

D’aithin ceannairí an Aontais go raibh imní faoin easnamh daonlathach sin agus cuireadh roinnt beart i gcrích le haghaidh a thabhairt ar an bhfadhb. Nuair a bunaíodh an comhphobal sna caogaidí cinneadh go mbeadh comhthionól ar cheann de na hinstitiúidí. Bheadh na ballstáít freagrach as na toscairí chun an chomhthionóil a cheapadh. In imeacht na mblianta rinneadh cáineadh fíochmhar ar an gcomhthionól mar gheall ar an easpa daonlathais a bhain leis, a dúradh.

Fadhb eile a bhain leis ná a laghad cumhachtaí a bhí aige. Fágadh, mar a dhéantar i gcónaí, in go leor réimsí d’obair an Aontais na cinntí crua faoi Chomhairle na nAirí agus is fúthu sin a bhíonn sé athruithe móra polasaí a phlé, bunaithe ar mholtaí ón gCoimisiún.

De réir mar a tháinig forbairt ar an struchtúr Eorpach agus ar líon na dtíortha, cinneadh go dteastódh fóram daonlathach leis an obair a phlé. Reáchtáladh na chéad thoghcháin i gcomhair Pharlaimint na hEorpa i 1979. Tá líon na bhfeisirí ag méadú go leanúnach de réir mar atá líon na mballstát amhlaidh agus cothaíonn sin fadhbanna agus deacrachtaí ó thaobh comhréitigh agus comhaontais a aimsiú. Cuireadh i leith na parlaiminte ar feadh i bhfad nach raibh inti ach seomra mór comhrá agus nach raibh aon chumhacht phraiticiúil nó thábhachtach aici.

Tá forbairt tagtha air sin freisin i rith na blianta mar gur thuig ceannairí polaitiúla an Aontais go gcaithfidís a bheith in ann a rá go raibh cumhacht ag bParlaimint. Corruair ó bunaíodh í tá leas bainte ag an bParlaimint as na cumhachtaí is mó atá aici. Dhiúltaigh sí faoi dhó do na moltaí buiséid a cuireadh faoina bráid agus go deimhin d’éirigh an Coimisiún faoi cheannas Jacques Santer as oifig i ndeireadh na nóchaidí mar thoradh ar easaontas leis an bParlaimint faoin mbuiséad.

Tá iarrachtaí go leor déanta i rith na mblianta ag maorlathas an Aontais tuilleadh cumhachtaí a thabhairt don Aontas agus na cumhachtaí sin a chur sa gcaoi go gcuirfeadh pobal an Aontais suim in obair na Parlaiminte.

Tá cúpla fadhb bhunúsach a chothaíonn deacrachtaí i gcónaí leis an obair sin. Má tá athruithe conartha le déanamh caithfidh an Chomhairle iad a mholadh agus glacadh leo. De réir mar atá an tAontas méadaithe tá an riachtanas go mbeadh ballstáit ar aon fhocal ag éirí níos deacra le cur i bhfeidhm. Níl againn ach cuimhneamh ar chinneadh Viktor Orbán an bhliain seo caite cosc a chur le hairgead breise don Úcráin.

Ní fhaigheann muid tuairisc phoiblí faoi na deacrachtaí seo ach nuair a bhíonn siad ag teacht chun críche. Is deacair a shamhlú cé mhéad easaontas eile nár chuala muid riamh fúthu mar gur éirigh leis na cainteanna comhréiteach a aimsiú i ndeireadh an lae. Tá iliomad ábhar nach bhfuil aon chumhacht ag an Aontas ina leith – sláinte agus cáin, mar shampla – mar nach bhfuil rialtais na mballstát sásta cumhacht a thabhairt ar láimh don Aontas.

Comhréiteach agus comhaontú an modh oibre atá ag an Aontas. Ciallaíonn sé go mbíonn sé deacair go minic dul chun cinn a dhéanamh nuair a bhíonn tuairimí agus polasaithe ó sheacht gcinn fhichead de thíortha la cur san áireamh.

Bíonn tionchar ag comhdhéanamh na rialtas náisiúnta ar an obair a bhíonn á déanamh ag Comhairle na hEorpa. Tá imní ann i mbliana, mar thoradh ar leithéidí Georgia Meloni a bheith i rialtas san Iodáil agus Geert Wilders san Ísiltír, go mbeidh claonadh i dtreo na heite deise sna moltaí a chuirfear i gcrích.

Tá an imní chéanna faoi chomhdhéanamh na Parlaiminte i ndiaidh thoghcháin mhí an Mheithimh.

Cuirtear i leith an Aontais nach mbíonn aon chaidreamh aige le saoránaigh. Rinneadh iarracht polasaí nua a chumadh a chiallódh gur ó shaoránaigh a thiocfadh moltaí polasaí. Tá an deis sin ag grúpa saoránach a gcuid cásanna a chur faoi bhráid na Parlaiminte. Ní mór smaoineamh freisin gurb iad saoránaigh na hEorpa a thoghann na rialtais a reáchtálann obair Chomhairle na hEorpa. Tá deis ag gach saoránach san Aontas feisirí Eorpacha a thoghadh freisin. An cheist a bhíonn le cur go minic cé mhéad tuisceana agus suime atá ag na saoránaigh céanna in obair an Aontais?

Más sampla ar bith na feachtais a bhíonn anseo in Éirinn is mó i bhfad suime a chuirtear i gceisteanna logánta ná i gcúrsaí Eorpacha. Ní dhéantar aon phlé faoi na pleananna atá ag an Eoraip an tAontas Eorpach a fhorbairt. Tá athruithe go leor eile ar an mbealach nuair a ligfear tuilleadh ballstát isteach sna blianta seo romhainn. Tá roinnt ballstát ag iarraidh go mbeadh comhghuaillíocht pholaitiúil níos dlúithe ann agus go ndéanfaí forbairt ar pholasaithe cosanta agus gnóthaí eachtracha.

Tá an tAontas fós cráite de bharr chinneadh na Breataine imeacht agus teastaíonn uathu a chinntiú nach mbíonn caint ag aon tír eile ar a leithéid a dhéanamh. Ní dhéanfar aon athruithe polaitiúla radacacha go ceann tamaill lena chinntiú nach dtarlóidh a leithéid. An bhfuil na ceisteanna seo á bplé ag an bpobal a bheidh ag vótáil sa samhradh?

Ní féidir easpa daonlathais a shéanadh in eagraíocht chomh mór agus chomh fairsing leis an Aontas Eorpach, sin má ghlacann tú leis gur ionann daonlathas cuid mhaith agus teagmháil rialta idir na saoránaigh agus na hionadaithe tofa.

Ní tharlaíonn an teagmháil sin sa gcuid is mó de thíortha an Aontais. Is eisceacht í Éire mar go mbíonn feisirí ag trasnú na tíre gach deireadh seachtaine le labhairt le vótóirí. Tá go leor a chreideann gurb é sin croí an daonlathais.

Cáintear an Eoraip go rialta as easpa daonlathais ach ag breathnú siar ar fhorbairt an Aontais ní féidir a shéanadh go bhfuil iarrachtaí déanta a chinntiú go bhfuil baint ag an daonlathas le sciar mór den obair. Comhairle na nAirí a ghlacann na cinntí is mó agus is tábhachtaí.

Déantar sin i gcomhar leis na Feisirí Parlaiminte. Ar ndóigh, tagann an pholaitíocht sa mbealach ar na cinntí go minic. Is minic leis an bpolaitíocht mianta a chur as a riocht. Braitheann a bhfuil le tarlú san Aontas ar an méid de mholtaí an Choimisiúin a nglacfaidh an Chomhairle agus an Pharlaimint leo.

Tá guth ag na saoránaigh i dtoghadh an rialtais a bhíonn ag bord na Comhairle agus na feisirí a toghadh le maoirseacht a dhéanamh ar obair na Comhairle céanna.

An rud is tábhachtaí go mbainfí leas agus tairbhe as an nguth sin.

Fág freagra ar 'Institiúidí an Aontais Eorpaigh agus ‘fadhb’ an daonlathas'

  • Gabriel Rosenstock

    https://www.medialens.org/2024/gaza-a-brutal-demonstration-of-western-values/
    San eagrán is déanaí de MEDIA LENS, dírítear súil ghéar ar an Eoraip. I measc rudaí eile, maítear go dtacaíonn an Bhreatain leis an sceimhlitheoireacht!
    Tacaímídne leis an mBreatain, is cosúil. Ní chloisimse an Bhreatain á cáineadh ag polaiteoirí na tíre seo. An polasaí ceart cóir ag an mBreatain é teifigh a sheoladh go Ruanda, mar shampla?
    An tír shábhailte í Ruanda? An bhfuil filí, fiú amháin, sábháilte i Ruanda?
    https://www.youtube.com/watch?v=CVeo2deLIpk
    Ní chreidimse go bhfuil. Tharla Breatimeacht, ach ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil cead againne, comharsa na Breataine, ná ag an Eoraip trí chéile, polasaithe ar nós ‘Go hIfreann nó go Ruanda’ a cháineadh.