Imní go gcuirfidh fógairt dhá ábhar nua don Ardteist le ganntanas múinteoirí le Gaeilge

Deir Conradh na Gaeilge nár chóir go gceilfí ar aon dalta ábhar a bhfuil spéis aige nó aici ann toisc nach bhfuil sé ar fáil i nGaeilge

Imní go gcuirfidh fógairt dhá ábhar nua don Ardteist le ganntanas múinteoirí le Gaeilge

Tá sé ina imní go bhféadfadh scoileanna lán-Ghaeilge a bheith thíos le cinneadh dhá ábhar nua a fhógairt don Ardteist.

D’fhógair an tAire Norma Foley an mhí seo caite go raibh dhá ábhar nua – Drámaíocht, Scannánaíocht agus Amharclannaíocht; agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe – le forbairt mar chuid de shiollabas na hArdteiste.

Cuirfear na hábhair ar fáil ar dtús do líon beag daltaí i “scoileanna líonra” ag tosú in 2024.

Tá sé aitheanta le fada go bhfuil géarchéim ann ó thaobh an ghanntanais múinteoirí le Gaeilge atá ar fáil do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Dúshlán breise anois a bheidh ann múinteoirí a fháil chun na hábhair nua seo a mhúineadh.

Deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, nach aon scéal nua é go gcaithfear tabhairt faoin easpa múinteoirí le Gaeilge sa chóras oideachais ach go dtarraingíonn fógairt na n-ábhar nua aird arís ar an bhfadhb.

“An soláthar ábhar nua, níor chóir go mbeadh aon ghaelcholáiste thíos leis agus nach bhféadfaidís na hábhair nua a chur ar fáil,” a dúirt sé le Tuairisc.

Dúirt de Spáinn nár chóir go gceilfí ar aon dalta ábhar a bhfuil spéis aige nó aici ann toisc nach bhfuil sé ar fáil i nGaeilge. Mura mbeadh ábhar ar leith ar fáil i scoil lán-Ghaeilge, mheas sé go mbeadh an baol ann go ndéanfaí cinneadh dalta a chur chuig scoil eile.

“D’fhágfadh sé na Gaelcholáistí san áit nach mbeadh siad chomh mealltach céanna do thuismitheoirí nuair atá siad ag roghnú scoileanna dá bpáistí, mura mbeadh na hábhair ar fad ar fáil do na daltaí.”

Dúirt de Spáinn go mbeadh Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Oideachais go gcaithfí tabhairt faoi sholáthar na n-ábhar sa chóras gaeloideachais “trí chéile”, na hábhair nua seo san áireamh. 

Dúirt sé go bhfuil gá leis an bpolasaí don oideachas trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, atá fógartha ar an Roinn, ach nach bhfuil dóthain dul chun cinn déanta air, dar leis.

“Tá caint ar pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge. Níl ann ach caint, i ndáiríre. Ní fheiceann muid an gníomh. Cuireadh cúpla tuairisc ó chigirí le chéile tamall ó shin ach ní fhaca muid tada ó shin. Cuireadh ceisteanna sa Dáil faoin amlíne atá leis seo agus níl aon fhreagra ag an Aire air sin fós.”

Chuir an eagraíocht Gaeloideachas fáilte roimh fhógairt na n-ábhar nua.

Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach na heagraíochta, go gcruthódh an cúrsa drámaíochta agus scannánaíochta deiseanna ar leith do dhaltaí san oideachas lán-Ghaeilge.

“Fáilteoidh scoláirí na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta go mór roimh an deis ábhair i réimse na n-ealaíon – an scannánaíocht, an drámaíocht agus an amharclannaíocht a fhoghlaim trí mheán na Gaeilge – deiseanna a chabhróidh leo gairmeacha an-tarraingteach a bhaint amach dóibh féin sna meáin agus i dtionscal na scannánaíochta Gaeilge a bhfuil borradh faoi le roinnt blianta agus a bheidh níos buaine de bharr na bhforbairtí seo ag an oideachas iarbhunscoile.”

Thug cigirí sa Roinn Oideachais rabhadh anuraidh maidir leis an nganntanas múinteoirí atá cáilithe le bheith ag teagasc i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta.

I suirbhé a rinne Tuairisc anuraidh ar iarbhunscoileanna Gaeltachta, dúirt ceithre scoil as gach cúig cinn go raibh orthu múinteoirí gan Gaeilge líofa a earcú le folúntais a líonadh, ceal malairt rogha a bheith ar fáil.

Ba iad na hábhair is mó a raibh deacrachtaí múinteoirí le Gaeilge a fháil ná ábhair eolaíochta agus teangacha ach luadh deacrachtaí a bheith le folúntais do mhórán ábhar eile chomh maith.

Fág freagra ar 'Imní go gcuirfidh fógairt dhá ábhar nua don Ardteist le ganntanas múinteoirí le Gaeilge'