Imní go dtiocfaidh laghdú ar an méid ama a thugtar do mhúineadh na Gaeilge i mbunscoileanna má ghlactar le moltaí nua

Má ghlactar le moladh an tríú teanga a thabhairt isteach mar ábhar bunscoile, d’fhéadfadh go mbeadh múineadh na Gaeilge thíos leis an athrú, go háirithe i mbunscoileanna Béarla

Imní go dtiocfaidh laghdú ar an méid ama a thugtar do mhúineadh na Gaeilge i mbunscoileanna má ghlactar le moltaí nua

Tá imní ann go bhféadfadh laghdú teacht ar an líon ama a chaitear ag múineadh na Gaeilge i mbunscoileanna má ghlactar le hathruithe atá molta ar an gcuraclam.

Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) i mbun athbhreithniú ar churaclam na bunscoile i láthair na huaire agus ceann de na moltaí atá déanta ná go múinfí teanga eile, chomh maith leis an nGaeilge agus an Béarla, do dhaltaí Rang 3-6.

Má ghlactar leis an moladh, d’fhéadfadh go mbeadh múineadh na Gaeilge thíos leis an athrú, go háirithe i mbunscoileanna Béarla.

Faoi láthair, moltar seacht n-uair an chloig go leith a chaitheamh gach seachtain ag múineadh teangacha do ghasúir idir Rang 1 agus Rang 6 sa bhunscoil – ceithre uair an chloig do phríomhtheanga na scoile agus trí uair go leith don dara teanga.

De réir cháipéis chomhairliúcháin atá foilsithe ag an NCCA, Dréachtchreat Curaclaim na Bunscoile, ní mholtar ach 15 nóiméad breise gach seachtain a chaitheamh le múineadh teangacha – seacht n-uair an chloig agus 45 nóiméad – cé go mbeidh teanga bhreise le foghlaim ag daltaí Rang 3-6.

Tá trí rogha tugtha i gcáipéis an NCCA maidir leis an méid ama a chaitear ag múineadh na n-ábhar.

An chéad rogha ag an NCCA nach molfaí níos mó ama a chaitheamh ag múineadh teanga amháin seachas na cinn eile agus go bhfágfaí an cinneadh sin faoin scoil.

D’fhágfadh sin go bhféadfadh aon scoil a shocrú níos mó nó níos lú béime a leagan ar mhúineadh na Gaeilge dá mba mhian leo.

An dara rogha ná go molfaí do scoileanna trí uair an chloig agus 45 nóiméad a chaitheamh sa tseachtain ag múineadh na príomhtheanga (laghdú 15 nóiméad ar a bhfuil ann faoi láthair), trí uair an chloig a chaitheamh ar an dara teanga (laghdú 30 nóiméad) agus uair amháin sa tseachtain a chaitheamh ar an tríú teanga.

Faoin rogha seo chaithfeadh scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla formhór an ama ag múineadh Béarla agus d’fhéadfadh go gcaithfí 30 nóiméad níos lú gach seachtain, nó dhá uair an chloig sa mhí, ag múineadh na Gaeilge.

Ní mór atá idir an dara agus an tríú rogha atá molta ag an NCCA. Faoin tríú rogha chaithfí trí uair an chloig sa tseachtain ar an gcéad teanga, trí uair agus 45 nóiméad ar an dara teanga agus uair a chloig sa tseachtain a chaithfí ar an tríú teanga.

Bheadh níos mó ama ann do mhúineadh na Gaeilge i scoileanna Béarla dá nglacfaí leis an rogha seo.

Tá imní léirithe ag Conradh na Gaeilge maidir leis na moltaí.

“Níl muid in aghaidh aon teanga eile a thabhairt isteach ach ní féidir é sin a dhéanamh trí laghdú a dhéanamh ar an méid ama atá ann do Ghaeilge,” a deir Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn.

“Tá scoileanna áirithe ann nach bhfuil ag éirí leo a chinntiú go bhfuil na páistí dátheangach agus iad ag fágáil Rang a Sé. Nuair is mar sin atá, tá sé deacair a shamhlú go mbeadh tú in ann líon an ama a chaitear ag múineadh na dteangacha sin a laghdú tuilleadh.”

Deir de Spáinn go ndeachaigh Conradh na Gaeilge i gcomhairle le múinteoirí bunscoile agus go ndúirt siad nach bhfuil an t-am ann sa lá scoile chun teanga bhreise a mhúineadh.

“D’eagraíomar ceardlann le múinteoirí agus bhí siadsan den tuairim nach raibh aon deis ann an méid ama do mhúineadh na Gaeilge ná do mhúineadh an Bhéarla a laghdú,” arsa de Spáinn.

“Moladh amháin a bhí ag na múinteoirí ná go mbeadh an tríú teanga ar fáil do pháistí i ndiaidh na scoile, agus go mbeadh na múinteoirí atá sásta an teanga a mhúineadh íoctha ag an Roinn Oideachais.”

Tá Conradh na Gaeilge ag impí ar dhaoine aighneachtaí a sheoladh chuig an NCCA ag cur i gcoinne na moltaí. Caithfear aon aighneacht a sheoladh go dtí an NCCA roimh dheireadh na bliana seo.

Tá an NCCA ag iarraidh go mbeadh an curaclam nua réidh faoi shamhradh 2024.

Fág freagra ar 'Imní go dtiocfaidh laghdú ar an méid ama a thugtar do mhúineadh na Gaeilge i mbunscoileanna má ghlactar le moltaí nua'