Imní faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus aireacht stáit eile bronnta ar Jack Chambers

Cé gur ceapadh Jack Chambers ina Aire Stáit Cosanta mí na Samhna, ní dhearna an rialtas ná an tAire Stáit féin aon fhógra poiblí faoin gcinneadh go dtí roinnt laethanta ó shin

Imní faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus aireacht stáit eile bronnta ar Jack Chambers

Tá imní ar dhaoine gurb iad cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a bheidh thíos leis na cúraimí breise atá tugtha ag an rialtas don Aire Stáit Jack Chambers.

Tá Chambers ceaptha ina Aire Stáit sa Roinn Cosanta, anuas ar na dualgais atá air mar Aire Stáit na Gaeltachta, Aire Stáit Spóirt agus mar Phríomh-Aoire an rialtais.

Cé gur ceapadh Chambers mar Aire Stáit Cosanta mí na Samhna, ní dhearna an rialtas ná an tAire Stáit féin aon fhógra poiblí faoin gcinneadh go dtí roinnt laethanta ó shin, nuair a dúirt Chambers gur mhór an onóir dó a bheith ceaptha sa ról nua.

Tuairim amháin a luaitear leis an gcúis nár tarraingíodh aird ar an gceapachán ná go mbeadh lucht na Gaeilge agus na Gaeltachta agus lucht spóirt míshásta leis an gcinneadh tuilleadh dualgas a thabhairt don Aire Stáit Chambers sa mhullach ar na cinn a bhí air cheana.

“Tá sé ait go raibh siad chomh ciúin faoin gceapachán,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh, cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais. “Go hiondúil, bheadh rialtas agus Aire nua ag iarraidh ceapachán mar seo a fhógairt. Cén fáth nach raibh? Sin ceist.”

I dteachtaireacht a chuir sé amach ar Twitter Dé Domhnaigh, dúirt Chambers gur ceapadh é ina Aire Stáit Cosanta “le gairid” ach is léir go raibh sé sa phost le beagnach dhá mhí faoin tráth sin.

“Shílfeá ón méid a bhí ráite aige gur i mí na Nollag a rinneadh an cinneadh é a cheapadh,” arsa Ó Snodaigh. “Níl sé fiú fógartha ar shuíomh idirlín na Roinne Cosanta go fóill go bhfuil Aire Stáit nua acu.”

Thug an Roinn Cosanta le fios do Tuairisc.ie gur ag cruinniú comh-aireachta ar an 17 Samhain a ceapadh Chambers ina Aire Stáit ar an Roinn.

Is é Simon Coveney, an tAire Cosanta sa rialtas faoi láthair ach is iad a chuid cúraimí mar Aire Gnóthaí Eachtracha is mó a bhíonn sé gafa leo, go háirithe leis an mBreatimeacht.

An lá céanna ar tugadh na dualgais bhreise sa Roinn Cosanta do Chambers, rinne an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin ordú na feidhmeanna a bhaineann leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht a tharmligean ón Aire chuig an Aire Stáit Chambers, mar a rinneadh i gcás Sheáin Kyne nuair a bhí Heather Humphreys agus Josepha Madigan ina nAirí Gaeltachta.

Deir Aengus Ó Snodaigh go bhfuil an baol ann anois go mbeidh an tAire Stáit Chambers faoi róbhrú le díriú i gceart ar an obair atá le déanamh leis an nGaeilge nó sa Ghaeltacht.

“Tá imní orm go mbeidh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht thíos leis de thairbhe freagracht shuntasach eile a bheith tugtha don Aire Stáit toisc dar ndóigh gurb iad an Ghaeilge agus an Ghaeltacht atá thíos leis cheana féin,” arsa an Teachta Dála de chuid Shinn Féin. 

“Bhí Sinn Féin ag lorg Aire sinsearach a bheadh freagrach as an nGaeilge agus an Ghaeltacht mar phríomhdhualgas, agus dá uireasa sin, go mbeadh Aire sóisearach ann ar a laghad nach mbeadh ach freagracht na Gaeilge agus na Gaeltachta air.”

Deir Ó Snodaigh nach bhfuil sé ag fáil locht ar bith ar an Aire Stáit Chambers féin ná ag caitheamh anuas air.

“Bheadh an fhadhb chéanna ann dá mbeadh aon Aire mar Phríomh-Aoire an rialtais, ina Aire Spóirt agus ina Aire Gaeltachta ag an am céanna, gan trácht ar Roinn chomh mór agus chomh tábhachtach leis an Roinn Cosanta a bheith curtha mar chloch eile ar a phaidrín. Níl aon nasc féin idir na dualgais atá faoina riar, rud a dhéanfadh an obair níos éasca dó.”

Fág freagra ar 'Imní faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus aireacht stáit eile bronnta ar Jack Chambers'

  • Sibéal

    Cén fáth do bheith ag éisteacht le hAengus ó Snodaigh agus cead tugtha aige go mbeidh suíomh idirlín SF i mBéarla amháin aige?