Imní ar Martin faoin ‘milliún duine’ a bheadh ‘ar an mbóthar’ dá n-osclófaí na scoileanna

Deir an Taoiseach go bhfuil na scoileanna féin ‘sábháilte’ ach gur fearr ‘róchúram’ faoi láthair

Imní ar Martin faoin ‘milliún duine’ a bheadh ‘ar an mbóthar’ dá n-osclófaí na scoileanna

Tá ráite ag an Taoiseach Micheál Martin go bpléifear tráthnóna ag cruinniú de choiste Covid-19 an Rialtais cé acu ar chóir nó nár chóir na scoileanna a fhágáil dúnta go dtí deireadh mhí Eanáir.

“Tá an dearcadh céanna agam féin agus an Príomhoifigeach Leighis faoi mhilliún duine a bheith ar an mbóthar, agus sin é go bunúsach a tharlaíonn nuair a bhíonn na scoileanna oscailte,” arsa Martin.

Dúirt Martin go raibh na scoileanna féin “sábháilte” ach gur fearr “róchúram” sa chás seo.

Tá dúnadh suíomhanna tógála le plé chomh maith ach tá sé i gceist an cead taistil 5 chiliméadar i gcomhair aclaíochta a fhágáil mar atá.

Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió a hAon, dúirt an Taoiseach chomh maith go mbeadh dhá dháileog den vacsaín in aghaidh an Covid-19 faighte ag 135,000 faoi dheireadh na míosa seo chugainn.

Dúirt Martin go raibh 35,000 dáileog den vacsaín Pfizer-BioNTech le tabhairt do dhaoine an tseachtain seo agus shéan sé gur go mall a bhí sí á dáileadh.

“Cuirfimid an clár i bhfeidhm de réir an tslabhra soláthair, faoi mar a fhaighimid na vacsaíní beidh an tsnáthaid á fáil ag daoine.”

Mhaígh an Taoiseach go mbeadh an dá dháileog faighte faoi dheireadh na míosa seo chugainn ag 65,000 duine in ionaid altranais, baill foirne san áireamh, agus ag thart ar 60,000 oibrí sláinte atá sa líne thosaigh. 

Dúirt an Taoiseach go raibh cúrsaí Covid-19 “an-an-tromchúiseach” ach nach raibh aon choinne ag aon duine leis an ardú as cuimse atá tagtha ar líon na gcásanna ón Nollaig.

“Is é an rud is éifeachtaí a d’fhéadfaí a dhéanamh anois chun líon na ndaoine sna hospidéil a laghdú sa tréimhse romhainn agus chun bac a chur ar scaipeadh an ghalair, ná a rá le daoine, mura seirbhís riachtanach atá ann, fanacht ag an mbaile,” arsa an Taoiseach.

Dúirt sé go mbeadh aon chinneadh a dhéanfaí faoi na scoileanna dírithe ar an scoilbhliain agus na scrúduithe stáit a chosaint.

Triúr ceannairí an Chomhrialtais agus airí sinsearacha eile a bheidh ag bualadh le chéile tráthnóna chun plé a dhéanamh ar conas dul i ngleic leis an tríú maidhm den choróinvíreas. Déanfaidh an Rialtas cinneadh críochnúil faoi na scoileanna agus srianta eile amárach.

Idir an dá linn, léiríonn na figiúirí státchiste is déanaí gur easnamh €19 billiún a bheidh ar an Rialtas don bhliain 2020.

Barrachas €1.4 billiún a bhí i gceist in 2019.

Fág freagra ar 'Imní ar Martin faoin ‘milliún duine’ a bheadh ‘ar an mbóthar’ dá n-osclófaí na scoileanna'