Tá ráite ag ceannaire an DUP Arlene Foster gur “údar mór imní” dóibh siúd ar mór acu “sláine” na Ríochta Aontaithe í litir ó Theresa May faoin mBreatimeacht.
Tá an ghoimh ar an DUP faoin litir agus iad den tuairim gur fianaise í go bhfuil sárú déanta ag Príomh-Aire na Breataine ar a gealltanas nach nglacfadh sí le moladh ar bith a chaithfeadh ar bhealach difriúil le Tuaisceart Éireann seachas mar a chaithfí leis an gcuid eile den Ríocht Aontaithe.
Thug May le fios sa litir, ar éirigh le nuachtán an Times cóip a fháil di, go bhfuil plé fós ar bun leis an Aontas Eorpach sna cainteanna Breatimeachta faoi Thuaisceart Éireann amháin a fhágáil san aontas custaim agus sa mhargadh aonair sa chás go dteipfeadh ar an idirbheartaíocht.
I dtvuít a chuir sí amach inniu, dúirt ceannaire an DUP Arlene Foster gur údar mór imní an litir i dtaca le sláine “our precious union” agus mhaígh sí gur léirigh an méid a bhí scríofa ag May go bhfuil an Príomh-Aire sásta go mbeadh teorainn i muir Éireann.
The PM’s letter raises alarm bells for those who value the integrity of our precious union & for those who want a proper Brexit for the whole UK. From her letter, it appears the PM is wedded to the idea of a border down the Irish Sea with NI in the EU SM regulatory regime. https://t.co/qN6c41zx7U
— Arlene Foster (@DUPleader) 9 Samhain 2018
Tá rialtas Theresa May ag brath ar thacaíocht fheisirí parlaiminte an DUP in Westminster agus dúirt duine de na feisirí sin, Sammy Wilson, inniu “nach raibh an cath caillte”.
Ag labhairt dó ar an Sean O’Rourke Programme ar RTÉ, dúirt Wilson go gcuirfí stop le plean May sa Pharlaimint fiú dá n-éireodh léi tacaíocht na comh-aireachta a fháil.
“Íocfar as má bhriseann an Rialtas a dtaobhsan den mhargadh,” arsa Wilson.
Dúirt urlabhraí de chuid Phríomh-Aire na Breataine nach nglacfaí le margadh imeachta ar bith a d’fhágfadh go mbeadh dhá limistéar custaim sa Ríocht Aontaithe nó teorainn chrua in Éirinn.
Fág freagra ar 'Imní ar Foster faoi shláine ‘our precious union’ agus fearg sa DUP faoi litir May'