Imní ar Barnier i gcónaí go gcuirfidh ceist na hÉireann na cainteanna ó mhaith

Deir Michel Barnier go bhfuil ‘90%’ den obair réitigh déanta sna cainteanna Breatimeachta, ach go bhfuil an baol i gcónaí ann go dteipfidh orthu mar gheall ar cheist na teorann

Imní ar Barnier i gcónaí go gcuirfidh ceist na hÉireann na cainteanna ó mhaith

Michel Barnier. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Tá ráite ag príomh-idirbheartaí an Aontais Eorpaigh Michel Barnier go bhfuil “90%” den obair réitigh déanta sna cainteanna Breatimeachta, ach go bhféadfadh ceist na hÉireann na cainteanna a chur ó mhaith.

Dúirt Barnier go raibh ceist na teorann in Éirinn ar an “dris chosáin” is mó roimh shocrú agus gur fhág an t-easaontas faoin gceist sin go raibh an baol i gcónaí ann nach dtiocfaí ar chomhréiteach.

Dúirt Barnier nach raibh sé “cinnte fós” an dtiocfaí ar réiteach agus go bhféadfadh ceist an chúlstop an bonn a bhaint de na cainteanna.

Tá ráite ag ceannairí an Aontais le Príomh-Aire na Breataine Theresa May go bhfuil siad sásta síneadh a chur leis an idirthréimhse i ndiaidh an Bhreatimeachta, ach nach ngéillfear aon ní mar gheall ar an gcúlstop a chinnteodh nach dtógfaí athuair teorainn chrua in Éirinn.

Tá brú mór á chur ar Theresa May in Westminster maidir le ceist na teorann, go háirithe mar go bhfuil sí ag brath ar thacaíocht an DUP atá glan i gcoinne aon socrú iarBhreatimeachta a d’fhágfadh nach bhfanfadh ach an Tuaisceart amháin san aontas custaim.

Dúirt Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk gur gaire anois réiteach, ach dúirt Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron nach ngéillfí a thuilleadh agus gur faoi Rialtas na Breataine anois a bhí sé moltaí nua a dhéanamh i dtaobh cheist an chúlstop agus na teorann.

“Tá ár solúbthacht léirithe ag an AE cheana, ach tá teorainn leis sin. Ní féidir linn an margadh aonair, na ceithre bhunsaoirse, ná Éire a chur i mbaol.

“Ní ceist theicniúil í seo a thuilleadh ach ceist a bhaineann le cumas polaitiúil na Ríochta Aontaithe teacht ar réiteach,” arsa Macron.

Tá Rialtas na Breataine ag iarraidh go gcuirfí socrú nua in áit an chúlstop a d’fhágfadh go mbeadh an Ríocht Aontaithe go léir mar chuid d’aontas custaim leis an AE ar feadh tréimhse áirithe i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Tá na ballstáit eile suite de gurb é Tuaisceart Éireann amháin a bheadh san aontas custaim le linn na gcainteanna iarBhreatimeachta agus tá socrú idirghabhálach uathu a chinnteodh nach mbeadh aon teorainn chrua in Éirinn.

Thug Theresa May le fios go ndéanfadh sí a machnamh faoi shíneadh ama “roinnt míonna” a chur leis an idirthréimhse iarBhreatimeachta.

Fág freagra ar 'Imní ar Barnier i gcónaí go gcuirfidh ceist na hÉireann na cainteanna ó mhaith'