IMEACHTAÍ – Litríocht

Eolas faoina bhfuil ar siúl ó thaobh imeachtaí litríochta as seo go ceann seachtaine.

Alan Titley - Scéal na Gaeilge 2

 


‘Mo Pheann ag Rince’ Tionscadal an Ríordánaigh, Déardaoin 16 Deireadh Fómhair, ag a 8.30i.n, Smock Alley Theatre, Baile Átha Cliath. Déanfaidh IMRAM ceiliúradh ar shaothar Sheáin Uí Ríordáin (1916–77), ceannródaí filíochta na hÉireann. Léifidh Liam Ó Muirthile agus Louis de Paor dánta ón dá fhoilseachán a seoladh ar na mallaibh – Anamlón Bliana (in eagar ag Tadhg Ó Dúshlaine), agus Selected Poems (in eagar ag Frank Sewell). Cead isteach: €10 Áirithintí: 01 677 0014 nó smockalley.com.


‘Blas-Bhinn na Cathrach’, Dé hAoine 17 Deireadh Fómhair, ag a 8.30i.n, Smock Alley Theatre , Baile Átha Cliath. Déanfaidh IMRAM mór cheiliúradh anocht ar an phríomhchathair le ceol, filíocht, amhránaíocht agus damhsa. Is é Des Geraghty a chuirfidh an seó i láthair agus é ag tarraingt ar fhoinsí liteartha agus ar cheol na cathrach: dánta agus amhráin leis an Phiarsach, an Beachánach, Paddy Kavanagh agus James Clarence Mangan. Beidh ceoltóirí Átha Cliath Anna Livia, Liam O’Connor, Noel Pocock, Sally Corr Pádraig Maith ag casadh chomh maith. Cead isteach: €10 (01) 677 0014 nó smockalley.com.


‘An Bhean Feasa’ – seoladh leabhair le Alan Titley, Dé Sathairn 18 Deireadh Fómhair, ag a 6.30i.n, Cumann Ríoga Ársaíochta na hÉireann, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath. Is i bhfoirm filíochta atá an t-úrscéal ‘An Bhean Feasa’ le Alan Titley scríofa, an chéad cheann dá leithéid sa Ghaeilge. Scéal faoi bhean Éireannach a daoradh chun báis ar chúis asarlaíochta agus crochadh i mBostún ar an 16ú Samhain 1688. Samhlú ar shaol agus ar dhálaí na mná seo atá san úrscéal seo, idir Bhostún, Bharbados agus Éire féin. Saorchead isteach.


‘Oíche Ómóis do Sheán Mac Mathúna’ Dé Sathairn 18 Deireadh Fómhair, ag a 8.30i.n, McGrattan ’s, Sráid Bhagóid, Baile Átha Cliath. Samhlaíocht bhuile, greann diabhalta, aclaíocht stíle – níl ansin ach cuid de na tréithe a bhaineann le scríbhneoireacht Sheáin Mhic Mhathúna. Déanfaidh IMRAM ceiliúradh ar a shaol agus a shaothar i dteannta na scríbhneoirí Mícheál Ó Ruairc, Eilís Ní Anluain, Gabriel Rosenstock agus Ailbhe Ní Ghearrbhuigh; an foilsitheoir Seán Ó Cearnaigh; agus na ceoltoirí Fionola Ó Siochrú agus Aoife Nic Cormaic. Is é Cathal Póirtéir a bheidh ina fhear an tí. Saorchead isteach.


‘Influence of Irish on English as we speak it’ léacht le Joe Ó Labhraí, Dé Céadaoin 22 Deireadh Fómhair 2014, óna 1-2i.n., oifigí PRONI, 2 Titanic Boulevard, Béal Feirste. An dara léacht sa tsraith léachtaí a dhíríonn ar cheisteanna a bhaineann leis an Ghaeilge agus ar chultúr na nGael. Is i mBéarla a bheidh an léacht seo ar an chuid is mó ach an Ghaeilge fite fuite ann. Tuilleadh eolais: proni@dcalni.gov.uk nó cuir scairt ar 028 9053 4800


‘Ceiliúradh 90 Bliain An tUltach’, Déardaoin 23 Deireadh Fómhair, ag a 7.30.i.n, Leabharlann Uí Fhiaich, Ard Mhaca. Oíche speisialta a dhéanfaidh ceiliúradh ar an iris is faide ar an fhód, atá á fhoilsiú ó 1924. Beidh an tOllamh Nollaig Mac Congáil mar aoichainteoir ag an imeacht agus tá fáilte ar leith roimh chairde na hirise. Más spéis leat a bheith i láthair, cur scéala chuig Réamonn Ó Ciaráin inniu, 16 Deireadh Fómhair: rkiernan@gmail.com nó cuir scairt ar +442837 522162