IMEACHTAÍ: Cad é atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

ZOECONWAY1

Cúige Laighean

CEOLCHOIRM TÍ: ‘Jesse Smith agus Jimmy O’Brien Moran’, Dé Sathairn 7 Feabhra, 8.30in, Cnoc Lisín Beag, Ráth Bhile, Ceatharlach. Cinnte bheadh Jesse ar dhuine de na fidléirí is fearr sa tír agus ní bhfaighfeá deis níos fearr ná seo le cluas a thabhairt dó. Ní scaoilfear isteach ach 35 duine, rud a chinnteos go dtabharfar tús áite don cheol agus do chothú atmaisféir. Tá an-tóir ar an tsraith ceolchoirmeacha seo atá á reáchtáil ag grúpa de dhíograiseoirí ceoil ón cheantar. Is féidir íoc ach seic a chur tríd an bpostas nó ar Paypal. Tuilleadh eolais: https://pipers.ie/events/2015/02/knocklishen-house-concert-jesse-smith-and-jimmy-obrien-moran/ nó cuir ríomhphost chuig: knocklishenbeg@gmail.com


 

SEOLADH agus CEOLCHOIRM: ‘Seoladh oifigiúil Fhéile na Tána’ agus ceolchoirm le ‘Zoë Conway agus John Mc Intyre’, Dé hAoine 6 Feabhra, 8in, The Foy Centre, Cairlinn, Contae Lú. Cuirtear tús beoga le Féile na Tána le ceolchoirm le Zoe Conway, fidléir aitheanta as an cheantar in éineacht le John McIntyre agus ceoltóirí óga de chuid Contae Lú. Tá roinnt páistí ó cheithre scoil áitiúla ag obair le ceoltóirí Zoë Conway, Barry Hynes agus an cumadóir Elaine Agnew le seachtainí beaga anuas ar thionscadal spreagúil nua dar teideal ‘Ceol agus Amhrán Oirial Athshamhlaithe’. I ndiaidh na ceolchoirme, leanfar le seisiún ceoil do dhaoine óga. Saorchead isteach. Tuilleadh eolais faoi imeachtaí na féile: https://www.feilenatana.com/


 

CEOLCHOIRM ‘Séamus Ó Beaglaoich agus Donagh Hennessy’, Dé Sathairn 7 Feabhra, 7in, The Foy Centre, Cairlinn, Contae Lú. Séamus Ó Beaglaoich as Baile na bPoc, Corca Dhuibhne a bheidh i mbun ceoil agus á thionlacan ag an ghiotáraí aitheanta Donagh Hennessy. Cloisfear ceol ó Phádraigín Ní Uallacháin agus ó ghrúpa d’amhránaithe óga a bhaineann le tionscadal ‘Ceol agus Amhráin Oirial Athshamhlaithe’. Imeacht de chuid Fhéile na Tána atá sa cheolchoirm seo. Osclófar na doirse ag 7.45. Cead isteach € 10 / €5


 

CEOLCHOIRM: ‘Ceolchoirm na Féile’, Dé Domhnaigh 8 Feabhra, 2.00in, The Foy Centre, Cairlinn, Contae Lú. Laochra ceoil ó chontae Lú agus ceoltóirí ó cheann ceann na tíre a thiocfas le chéile do cheiliúradh mór na féile seo. Ina measc siúd, beidh Saileog Ní Cheannabháin, Noel Hill, Michelle Mulcahy, Louise Mulcahy, Mary Bergin, Donogh Hennessy, Seamus Begley, Brendan McCreanor, Gerry O Connor, Zoë Conway, John Mc Intyre agus Marian Ní Chonghaile. Osclófar na doirse ag 1.30in. Cead isteach € 10 / €5 faoin 16


 

GRÚPA TUISMITHEOIRÍ AGUS LEANAÍ: ‘Clann Sídhe Grúpa Spraoi Dé Sathairn 7

Feabhra, 10.30rn, Áras Chrónáin Ionad Cultúir, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath. Uair a’ chloig de shúgradh, amhráin, scéalta agus eile a bheas anseo agus é dírithe ar thuismitheoirí atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge nó atá ag iarraidh níos mó Gaeilge a labhairt lena bpáistí. Beidh an grúpa ag teacht le chéile gach re maidin Dé Sathairn ón 7 Feabhra. Má tá spéis agat bheith páirteach sa ghrúpa, cuir glaoch ar Bhrian ar 01 457 4847, nó cuir ríomhphost chuig brian@araschronain.ie.


 

Cúige Chonnacht


 

SCANNÁN: ‘Ida’, Dé Céádaoin 12 Feabhra, 8.15in, Club Scannán Sailearna, Seanscoil Sailearna, Gaillimh. Scannán faoi bheirt bhan a théann ar thóir na fírinne is ea é seo. Is dílleachta í Anna a tógadh i gclochar sa Pholainn, tír a bhí faoi réim na gCumannach sna 1960í. Agus í ag ullmhú le dul isteach sna mná rialta, tugann Anna cuairt ar a haintín Wanda, breitheamh a bhfuil dúil san ól aici. Insíonn Wanda d’Anna gur Giúdaigh a bhí ina tuismitheoirí agus gur dhúnmharaigh na Naitsithe iad. Aistear atá sa scannán seo, ina bhfoghlaimíonn Anna faoin méid a bhain dá muintir. Taispeánfar an gearrscannán Rubaí roimh an saothar seo, gearrscannán Gaeilge a thug leis go leor gradam anuraidh. Cead isteach €8/€7 in aghaidh na scannán nó €30/€25 ar bhallraíocht don chlub – 10 scannán sa séasúr.


 

FÉILE SCANNÁIN: ‘PLASTIK Galway – A State within a State, Féile na nEalaíontóirí, Dé Sathairn 7 Feabhra, 12n ar aghaidh, An tSráid Lár, Taibhdhearc na Gaillimhe. Tiocfaidh scannánóirí agus daoine ar spéis leo ceird na scannánaíochta le chéile sa Taibhdhearc an deireadh seachtaine seo d’fhéile PLASTIK, a mbeidh cainteanna, taispeáint, agus plé dírithe ar mhodhanna scannánaíochta, saothar idir nua agus sean, agus tuilleadh. Ar cheann de na buaicphointí i mbliana, taispeánfar saothar le Harun Faroki, ar scannánóir aitheanta é a d’éag anuraidh. Tuilleadh eolais: https://antaibhdhearc.com/shows/plastik-galway-a-state-within-a-state/


 

OÍCHE CHEOIL: ‘O2’ le DJ Jasper, Dé hAoine 6 Feabhra, Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh. Tá dea-chlú bainte amach ag an gclub anois mar cheann de nahoícheanta is fearr i nGaillimh faoi láthair. Bí ag súil le buillí domhanda agus func fáistineach agus urlár lán daoine i mbun damhsa. Tuilleadh eolais. Cuardaigh ‘Áras na nGael’ ar Facebook.


 

Cúige Uladh


 

FÉILE: ‘Féile Chaoimhín Uí Dhochartaigh’, 5-8 Feabhra, Cultúrlann Uí Chanáin, Mórshráid Shéamais, Doire. Seo an ceathrú bliain as a chéile don fhéile ceoil traidisiúnta a bheith á reáchtáil i gCultúrlann Uí Chanáin. I measc na gceoltóirí a bheidh le cloisteáil thar an deireadh seachtaine, tá We Banjo 3, Nollaig Casey, Arty McGlynn, Bríd Harper, Alan Burke agus ceoltóirí eile nach iad. Anuas ar na ceolchoirmeacha, tá clár lán d’imeachtaí lae – ceardlanna, ranganna Gaeilge agus Gàidhlige, cainteanna agus seisiúin cheoil. https://www.culturlann-doire.ie/


 

OÍCHE OMÓIS: ‘Cairde Chaoimhín’, Dé hAoine 6 Feabhra, 8in, Cultúrlann Uí Chanáin, Mórshráid Shéamais, Doire. Ceiliúradh ar shaol Chaoimhín Uí Dhochartaigh atá san ócáid seo, ceoltóir iomráiteach as an chathair, ar ainmníodh an fhéile ina ómós. Bhí Caoimhín ina ghníomhaí teanga agus ar dhuine de na daoine ba mhó a raibh baint acu le bunú an Ghaelárais, agus Cultúrlann Uí Chanáin ina dhiaidh sin. Ina measc siúd a bheas i láthair, beidh Alan Burke, Kevin Mitchell, Finbar McLaughlin, Brian Stafford, Jim McGrath, Brian Mullen, Seamus O’Kane, Joe Diamond agus Aoibheann & Deaglán Ó Doibhlin. Cead isteach: £8.00 Tuilleadh eolais: https://www.culturlann-doire.ie/


 

CEOLCHOIRM: ‘A Study in Strings’, Dé Sathairn 7 Feabhra, The Glassworks, Doire. Mór-cheolchoirm na féile a thabharfaidh Arty McGlynn, Nollaig Casey, Bríd Harper agus Maeve Donnelly le chéile in éineacht Chris Stout agus Caitríona McKay, RANT (ainmnithe le haghaidh Ghradaim Ceoil Tíre BBC Radio 2) agus We Banjo 3. Beidh an ceolchoirm ar siúl i láthair ghalánta na hArd-Eaglaise, áit a bhfuil fuaimíocht nádúrtha den scoth ann.


 

TEACHT LE CHÉILE: ‘Oíche Airneáin’, Dé hAoine 6 Feabhra, 9.30in, Beár an Iarnróid le Bothán, Sráid Mhuineacháin, An tIúr, Co. an Dúin. Oíche chuideachta, áit a bhailíonn cainteoirí Gaeilge le chéile. Saor in Aisce. Tuilleadh eolais: 028 30313258/077 3873 8965 nó mici.walsh@newryandmourne.gov.uk


 

CEARDLANNA AMHRÁNAÍOCHTA agus CEOLCHOIRM: ‘Sean-nós na Fearsaide’, Dé Sathairn 7 Feabhra, 10.30in – 4.30in, agus leanfaidh ceolchoirm na féile ag a 9in, an oíche chéanna, Áras Mhic Reachtain, 283-289 Bóthar Antroime, Béal Feirste. Beidh Connie Mary Mhicí, Saileog Ní Cheannabháin, Éamon Ó Donnchadha agus Aodán Ó Ceallaigh ag cur ceardlanna amhránaíochta ar fáil, ar leibhéal éagsúla, i rith an lae Dé Sathairn. Tiocfaidh siad le chéile ar aon ardán amháin oíche Dé Sathairn. Tabhair leat buidéal fíona agus bainigí sult as scoth na hamhránaíochta. Ceardlann €5.00/Ceolchoirm: €5 Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Sean-nós na Fearsaide’’ ar Facebook.


 

CEOLCHOIRM: ‘Slighe na Beatha’ Dé Sathairn 7 Feabhra, 7in, Skainos, 239 Bóthar Bhaile Nua na hArda, Béal Feirste. Deis páirt a ghlacadh in oíche ceoil traidisiún ársa amhránaíocht na salm atá beo ar fad ar Oileáin Thiar na hAlban. Cineál ceoil ar leith atá in amhránaíocht Ghaelach na salm, cleachtas crábhaidh a bhaineann le traidisiún na bPreispitéireach.


 

Cúige Mumhan


 

CEOLCHOIRM agus BRONNADH: ‘Bonn Óir Sheáin Uí Riada’, Dé hAoine 6 Feabhra, 7in agus ‘Ceolchoirm ‘Bonn Óir Sheáin Uí Riada’, Dé Sathairn 7 Feabhra, 8in, Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh, Corcaigh. Cúigear déag ceoltóirí atá san iomaíocht do Bhonn Óir Sheáin Uí Riada i mbliana. Den chéad uair, leanfar le ceolchoirm oíche Dé Sathairn, a mbeidh iarbhuaiteoirí an bhoinn le cloisteáil ann, ina measc Aoife Ní Bhriain (fidil), Tim McHugh, (feadóg mhór), Tiarnán Ó Duinnchinn (píoba uillinne), Oisín Morrison (cruit), agus Cormac Begley (consairtín). Craolfar an chraobh beo ar Raidió na Gaeltachta Dé hAoine 6 Feabhra ag a 7in. Tuilleadh eolais: cuireadhchunceoil.ie


CÉILÍ: ‘Céilí by the Lee’, Dé hAoine 6 Feabhra, 9i.n, Club Cruicéid Chontae Chorcaí, An Mhuirdíog, Corcaigh. Uimhir a haon ar liosta de scoth na n-imeachtaí i gCorcaigh ag Tripadvisor, tá ag éirí leis an chéilí seo na sluaite a tharraingt amach ar an urlár damhsa. Céilí atá fóirsteanach do dhamhsóirí déanta agus dóibh siúd ar bheagán taithí araon. Ní gá go mbeadh aon chur amach agat ar na steipeanna, beidh an MC ann chun na rannpháirtithe a stiúradh. Fáilte roimh chách (18 +). Cead Isteach: €8. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Céilí by the Lee’ ar Facebook.


 

LÉACHT: ‘Éirí Amach i gCiarraí’ ’ le Tom Hogan, Dé Máirt 10 Feabhra, Leabharlann Thrá Lí, Trá Lí, Ciarraí. Leabhar nua le Tom Hogan ‘The men will talk to me: Kerry interviews by Ernie O’Malley a bheas mar bhunús an léachta. Bailiúchán d’agallaimh atá sa chnuasach seo a rinneadh le hiarshaighdiúirí a raibh baint acu leis an Éirí Amach, agus a chruinnigh Ernie O’Malley ceannasaí IRA de bhunadh Mhaigh Eo le linn na 40í agus 50í. Tá an imeacht seo a reáchtáil ag Cumann Staire agus Seandálaíochta Chiarraí. Tuilleadh eolais: https://www.kerryhistory.ie/