I ré seo na raiméise ní fhéadfadh ach meas a bheith agat ar Cholm O’Rourke

Ní bhíonn faitíos riamh ar bhainisteoir na Mí roimh dhúshlán, mar a léirigh sé nuair a d’fhág sé an ‘Sunday Game’ chun dul i bhfeighil ar a chontae

I ré seo na raiméise ní fhéadfadh ach meas a bheith agat ar Cholm O’Rourke

Mheas mé i gcónaí go mbíonn a mbíonn le rá ag Colm O’Rourke tomhaiste, stuama. Caint den chineál sin a chualathas uaidh agus é i mbun anailíse ar chúrsa peile ar an Sunday Game ó 1991 gur éirigh sé as ag deireadh na bliana seo caite agus cúram bainistíochta na Mí glactha aige chuige féin.

B’amhlaidh cás faoin méid a tháinig óna pheann sa Sunday Independent le 27 bliain nó gur chaith sé sin i dtraipisí freisin sa bhfómhar seo caite. Bóthar eile le taisteal anois aige mar bhainisteoir ar pheileadóirí an chontae lenar bhuaigh sé féin Craobh na hÉireann faoi dhó agus Craobh Laighean cúig uaire.

Sa lá atá inniu is mór i gceist a mbíonn le rá ag lucht na hanailíse agus a dtagann óna gcuid peann. Bíonn raiméis go leor ag baint lena gcloistear agus ina léitear uathu. Níos minice ná a chéile scáthscríbhneoirí a bhíonn ag déanamh na hoibre do lucht na nuachtán agus fo-eagarthóirí cliste ar thóir ceannteidil a tharraingeoidh aird agus caint.

Dá bharr is buntáiste atá ann a bheith conspóideach agus a dhul thar fóir más féidir sin chor ar bith. Amhail an ghiotáin cainte a shábhálann an polaiteoir sna cúpla soicind deireanach den agallamh, is í an cheannlíne nó an abairt áiféiseach a dhéanann scairteadh ar bhrí an cholúin.

‘Freddie Starr Ate My Hamster’, ‘Múisc-Pheil’, ‘Calcutta, Ireland’, ‘Swedes 2 Turnips 0’. Etc.

Níorbh é sin an bealach a bhí riamh le Colm O’Rourke. Bíonn cothromaíocht ina chuid cainte. Más cáineadh atá i gceist tugann sé samplaí soiléire den rud a bhíonn faoi thrácht aige mar aon le míniú réadúil ar céard a leigheasfadh an scéal.

Ní bhíonn faitíos riamh air dúshlán a thabhairt. Is fada an lá anois é den tuairim nár cheart a bheith ag glacadh urraíochta ó chomhlachtaí a thairgeann deochanna meisciúla. Is rud é a dtagraíonn sé go leanúnach dó, i gcomparáid leo siúd a chuireann a nglór le feachtas nuair a bhíonn a leithéid láidir agus a chailleann suim ann nuair is léir gur beag dul chun cinn atá á dhéanamh.

Sa bhfómhar seo caite agus ráigeanna achrainn tarlaithe minic go leor ag cluichí club CLG ar fud na tíre, bhí an domhan agus a mháthair ag éileamh rialacha nua a thabhairt isteach agus gealltanas go gcuirfí na cinn atá ann i bhfeidhm níos géire.

Scríobh Colm alt thar a bheith stuama sa Sunday Independent ag cur i gcuimhne dúinn gur ar bhaill na gclubanna féin, idir imreoirí, oifigigh agus lucht leanta atá an fhreagairt, mar aon le tuismitheoirí i gcás cluichí faoi aois.

Ba ar éigean a bhí an ‘séasúr-scoilte’ ba thúisce a thug Cumann Lúthchleas Gael isteach thart nuair a bhíothas á streachailt ó chéile le peann, pár agus ar aerthonnta.

Ba é a dúirt an fear críonna go raibh sé i bhfad róluath le breithiúnas a thabhairt.

Níl aon fhaitíos ar an Ruairceach ach an oiread a rá nach mbíonn an ceart i gcónaí aige féin. Le blianta ba mhinic leis cáineadh a dhéanamh ar an ngrúpa mór lucht tacaíochta a bhíonn ag bainisteoirí contae CLG – saineolaithe leighis, síceolaíochta, cóitseála, cothaithe, staitisticí, etc. Tá ráite le gairid aige go raibh dul amú air.

Admhaím go gcuireann sin an sionnach i mbun na gcearc i gcuimhne duit. Fós ní ag freagairt ceiste a bhí sé nuair a dúirt sé sin. Ba é fhéin a chuir tús leis an gcomhrá.

Cúis eile meas a bheith agam ar Cholm is ea go bhfuil sé sásta pingineacha maithe airgid a fhágáil ina dhiaidh ar mhaithe lena chuid a dhéanamh don chontae a thuill clú agus cáil dó féin (ba cheart moladh a thabhairt freisin do Kevin McStay a rinne an rud céanna).

Craobh amháin de chuid Laighean atá buaite ag contae na Mí le scór bliain – an bua faighte ag Áth Cliath orthu chuile uair ar bhaineadar an chraobh amach ó shin. Níl de bharr a gcuid saothair acu ach an ceann a bhuaigh siad in aghaidh Lú in 2010, a bhuíochas sin do chúl conspóideach Joe Sheridan.

Ní raibh siad i Roinn 1 an tSraithchomórtais Náisiúnta Peile ón mbliain 2006. Idir sin agus 2013 bhíodar síos agus aníos ó Roinn 3 go dtí Roinn 2, áit a bhfuil siad anois le deich  séasúr agus é ag cinniúint orthu chuile bhliain an grád is airde a bhaint amach.

Thuig Colm O’Rourke sin nuair a ghlac sé leis an gcúram bainistíochta agus thaistil sé an contae féachaint an raibh aon imreoirí ann nach raibh seans faighte go dtí sin acu.

Sna cluichí i gCorn Uí Bhroin in aghaidh Cheatharlach, Laoise agus Longfoirt thug sé deis do mhórchuid acu agus anois tá aon duine dhéag acu sin ar an bpainéal atá ag imirt sa Sraithchomórtas Náisiúnta.

Dhá chluiche atá imeartha agus buaite acu sa gcomórtas sin go dtí seo. Iontu sin scóráil peileadóirí na Mí 3-14 in aghaidh Chorcaí agus 4-8 in aghaidh an Chláir. Ní fhaca mise ceachtar cluiche, ach deir daoine liom a bhí i láthair gur stíl dhearfach, ionsaitheach a thuill na buanna d’fhoireann Uí Ruairc. Is léir freisin, deirtear liom, nach bhfuil oiread de laincis ag a mbainisteoir orthu agus a bheadh ar fhoirne eile.

Cúis eile go méadaíonn mo mheas ar an bhfear.

Faoin am a dtáinig leath ama sa gcluiche ar Pháirc Uí Rinn trí seachtaine ó shin, bhí ocht gcúilín scóráilte ag Stephen Sherlock do Chorcaigh. Bhí sé in am ag O’Rourke athrú a dhéanamh. Aon chluiche amháin féin ní raibh imeartha roimhe sin dá chontae ag Adam Ó Néill as Cumann Wolfe Tone nuair a cuireadh isteach é le súil a choinneáil ar Sherlock, a bhí taobh le cúilíní as ciceanna saora sa dara leath.

Sula dtabharfaidh siad aghaidh ar Longfort nó Uíbh Fhailí i mbabhta ceathrú ceannais Laighean ag deireadh an Aibreáin, tá foirne láidre le n-imirt ag Contae na Mí as seo go deireadh na sraithe – Áth Cliath agus Doire go háirid.

Beidh na cluichí sin i bhfad níos tábhachtaí ná a bhídís cheana, mar cuimhnigh nuair a thiocfaidh Craobh Peile na hÉireann 2024 nach mbeidh ach 16 foireann sa tóir ar Chorn Mhig Uidhir agus go mbeidh an t-ardú agus an t-ísliú céime sa tsraith i bhfad níos luachmhaire ná a bhíodh.

Fág freagra ar 'I ré seo na raiméise ní fhéadfadh ach meas a bheith agat ar Cholm O’Rourke'

  • Máirtín Ó Catháin

    An fhirinne ó thús deireadh go tosach, a Mhártain.
    Ba bhreá liom i gcónaí a bheith ag éisteacht le Colm Ó Ruairc ag cur síos ar chúrsaí na peile agus an Chumainn Luthchleas Gael – agus, go deimhin ar chuid de chúrsaí eile an tsaoil. An rud céanna faoina chuid scríbhneoireachta.
    Go n-éirí leis.
    Máirtín Ó Catháin.