Tá ardmholadh tugtha ag an amhránaí mór le rá Damien Dempsey do Róisín Seoighe as Ros an Mhíl i gConamara as a leagan Gaeilge de ‘Sam Jenkins’, amhrán de chuid an Diomsaígh.
Roinn Dempsey an físeán de leagan Róisín dá amhrán ar Facebook gur bhain an físeán deoir as a shúil agus gurb amhlaidh go bhfuil an t-amhrán “níos brónaí agus níos cumhachtaí” toisc é a bheith i nGaeilge. Chuaigh guth Róisín i bhfeidhm go mór ar Dempsey agus mhol sé do dhaoine éisteacht lena saothar
Ní hé seo an chéad uair ag Dempsey aitheantas a thabhairt do shaothar an dalta scoile Gaeltachta atá ag déanamh na hArdteiste. Tháinig an réalta ceoil Damien Dempsey go dtí Scoil Chuimsitheach na Ceathrún Rua cúpla bliain ó shin le comhghairdeachas a dhéanamh le Roisín a bhuaigh comórtas amhrán a reáchtáladh ar son PREDA, eagraíocht in aghaidh mhí-úsáid páistí sna hOileáin Fhilipíneacha.
Tá an físeán den leagan Gaeilge de ‘Sam Jenkins’ á scaipeadh go mear ar líne agus mhaígh an Irish Independent go “gcuirfeadh sé drithlíní ar chraiceann duine”.
Síle Ní Chathasaigh
Thar a bheith cumhachtach. Ardbhean Chonamara!