Hollywood sa reilig – scéal ‘William J. Shields’ agus ‘Arthur L. Shields’

Tá os cionn 150,000 duine curtha i Reilig Ghráinseach an Déin, roinnt daoine cáiliúla ina measc

Hollywood sa reilig – scéal ‘William J. Shields’ agus ‘Arthur L. Shields’

Arthur L. Shields agus Barry Fitzgerald

Tá an oiread sin daoine iomráiteacha curtha sa reilig i nGráinseach an Déin nach féidir na huaigheanna ar fad a aimsiú ná cuairt a thabhairt orthu. Go minic is trí sheans a thagaim ar uaigh áirithe. Agus go minic freisin, ní bhíonn aon tagairt do bheatha an duine ar an leac – sin mar a bhí le gairid nuair a tháinig mé ar uaigh Moya Llewellyn Davis. Murach go raibh an scéal fúithi agus an bhaint a bhí aici le foilsiú Fiche Bliain ag Fás cloiste go minic agam, ní chaithfinn súil ar chor ar bith ar an uaigh, nach raibh caoi ná cóir uirthi.

Rud a tharraing m’aird i rith na bliana, agus mé ag siúl sa Reilig, ná dhá leac eile, a raibh ainmneacha orthu ach gan tada ráite fúthu.

‘William J. Shields’ agus ‘Arthur L. Shields’ a bhí greanta orthu ach gan aon eolas eile fúthu. An bhféadfadh sé tarlú go gcuirfí na deartháireacha cáiliúla Shields taobh lena chéile agus gan oiread agus focal scríofa fúthu?

An raibh an seans ann nár tugadh aon eolas fúthu toisc go raibh oiread sin fíricí agus scéalta suimiúla ag baint leo, nach mbeadh an spás ann lena gceart a thabhairt dóibh?

Chaithfí spás a fháil do liosta éachtaí ar nós Buaiteoir Ghradam an Acadaimh (Oscar), Óglach, Réabhlóidií, Aisteoir Amharclainne, Aisteoir Scannán, Stiúrthóir Drámaí, Státseirbhíseach, Aisteoir teilifíse, agus ansin chaithfeá an liosta a roinnt go cóir idir an bheirt acu.

Is é bunfhírinne an scéil ná gur Shields a bhí mar shloinne ar an mbeirt acu ach gur tugadh an t-ainm ‘Barry Fitzgerald’ ar William, rud a tharlaíonn go minic i saol na hamharclannaíochta.

Ar ndóigh bhuaigh sé an Gradam Oscar dá pháirt in Going My Way i 1944 agus é mar sheansagart, Father Fitzgibbons, cé nach raibh sé ach sna caogaidí ag an am.

Faoin am sin, bhí an bheirt dearthár ag obair mar aisteoirí in Hollywood, (choinnigh Arthur an t-ainm Arthur Shields).

Roimhe sin ar fad, bhí saol spéisiúil i mBaile Atha Cliath acu. Bhí William (Barry Fitzgerald) ocht mbliana ní ba shine ná Arthur. Thosaigh William ag aisteoireacht le amharclann na Mainistreach cé gur státseirbhíseach a bhí ann. Faoi 1916, bhí a dheartháir Arthur, a bhí ina aisteoir agus ina státseirbhíseach freisin, ag glacadh páirt in Arm Cathartha na hÉireann agus ag réiteach don Éirí Amach.

Nuair a cuireadh an Éirí Amach ar athló Domhnach Cásca chuir sé a raidhfil i bhfolach taobh thíos den stáitse san amharclann ach tharraing sé amach arís é Luan Cásca agus chuaigh isteach i Halla na Saoirse chun troid in éindí le fórsaí Shéamuis Uí Chonghaile (Arm Cathartha na hÉireann). Uaidh sin chuaigh siad ag troid in Ard-Oifig an Phoist agus d’fhan ansin go dtí go mb’éigean é a fhágáil ar an Aoine.

Cuireadh i bpríosún Stafford agus ansin go príosún Frongoch sa mBreatain Bheag é (in éindí le Michael Collins) ach faoi dheireadh 1916 bhí sé ar ais ar an stáitse in Amharclann na Mainistreach.

Chuaigh Barry Fitzgerald (William Shields) go Meiriceá i dtosach agus lean a dheartháir Arthur Shields é tamall ina dhiaidh sin. Dúradh nach raibh siad in ann cur suas leis an réimeas agus an chumhacht a bhí ag an Eaglais Chaitliceach san Éirinn ‘nua’ tar éis na mblianta réabhlóideacha. Ba Phrotastúnaigh an bheirt acu, ar ndóigh.

Bhí fear iomráiteach eile san amharclann nach raibh sásta – an drámadóir Sean O’Casey, Protastúnach eile. D’fhág siad ar fad an tír seo lena slí bheatha a bhaint amach i dtír eile. Chuaigh William (Barry Fitzgerald) agus Arthur go Meiriceá, chuaigh O’Casey go Londain.

Fuair Barry páirteanna i scannáin luath go maith. Thug John Ford (arbh as an Spidéal a thuismitheoirí), páirt dó sa scannán a rinne sé as dráma O’Casey The Plough and the Stars agus ina dhiaidh sin, fuair sé páirteanna in go leor scannán mór le rá, le haisteoirí móra na linne.

Bhain sé cáil ar leith amach in Going My Way le Bing Crosby. Fuair sé ainmniúchán ‘Oscar’ don aisteoir ab fhearr agus don aisteoir tacaíochta ab fhearr (an ceann a bhuaigh sé). D’athraigh Hollywood na rialacha ina dhiaidh sin ionas nach bhféadfadh aisteoir an dá ainmniúchán a fháil don aon pháirt amháin.

Meastar go raibh Barry Fitzgerald agus Arthur Shields páirteach in os cionn 100 scannán ar fad. Bhí siad ar an dream bheag a d’úsáid John Ford arís agus arís eile ina chuid scannán cáiliúil féin.

Nuair a chuaigh Arthur anonn go Meiriceá, thosaigh seisean ag fáil páirteanna sna scannáin agus ar an teilifís luath go maith. Ach ar bhealach ba é an scannán The Quiet Man a raibh an bheirt acu páirteach ann, an buaicphointe don bheirt deartháireacha.

Ní aithneodh an gnáthdhuine go raibh gaol ar bith eatarthu – an cladhaire d’fhear cleamhnais Michaeleen Oge Flynn (Barry) agus an ministir ard tanaí, an Reverend Mister Playfair. Rinne Arthur páirt an mhinistir Phrotastúnaigh in The Quiet Man, rud nach raibh deacair aige.

Ba bheag scannán mór le rá a rinne Barry Fitzgerald tar éis The Quiet Man – ceithre cinn agus roinnt rudaí ar an teilifís. Bhásaigh sé i mBaile i Átha Cliath i 1961.

Choinnigh a dheartháir Arthur air ag obair, go mór mór ar an teilifís, agus bhí a pháirt dheireanach aige sa scannán The Pigeon That Took Rome le Charlton Heston i 1962. An geábh sin bhí sé ina shagart Caitliceach. Bhásaigh sé i 1970 i gCalifornia.

Tugadh luaithreach na beirte go Reilig Ghráinseach an Déin, áit ar cuireadh taobh le taobh iad.

Deirtear go bhfuil os cionn 150,000 duine curtha sa reilig sin. I measc na ndaoine cáiliúla eile atá curtha ann, tá Count John McCormack, Frank O’Connor, Seán Lemass, Kathleen Behan, Robert Praeger, an Dr Kathleen Lynn, Kathleen Clarke, Dermot Morgan agus ar ndóigh, gan choinne i mbliana, Sinéad O’Connor.

Is léir nach bhfuilimse ach tosaithe ar mo chuid siúlóidí taighde agus fiosruithe.

Fág freagra ar 'Hollywood sa reilig – scéal ‘William J. Shields’ agus ‘Arthur L. Shields’'