Harris agus Trump gob ar ghob i gcónaí

Dúirt beagnach an tríú cuid den phobal roimh an díospóireacht Dé Máirt nach raibh siad ar an eolas faoi Kamala Harris ná a cuid polasaithe

Harris agus Trump gob ar ghob i gcónaí

54 lá atá idir muid agus toghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe. Faoi bhun ocht seachtaine. D’fhéadfadh gur thart ar 250,000 duine i seacht gcinn de Stáit (as daonra thart ar 336 milliún duine sa tír) a shocróidh toradh an toghcháin. Faoin tráth seo is iad na figiúirí beaga a bheidh tábhachtach agus is ar na figiúirí sin a bheidh na hiarrthóirí ag díriú.

Beirt atá sa rás ach bhain scéal an tsamhraidh ar fad le duine acu sin. Ó d’fhógair Joe Biden i lár mhí Iúil nach mbeadh sé sa tóir ar ainmniúchán don dara téarma sa Teach Bán is le Kamala Harris rith an ráis. Ó fuair sí tacaíocht an pháirtí, ainmniúchán an pháirtí agus beannacht na n-iar-uachtarán, tá borradh faoina feachtas. Bíodh sin mar atá, níl éirithe léi dul chun cinn ar Donald Trump ach i gcuid de na pobalbhreitheanna.

Tá sí féin agus Trump gob ar ghob i gcuid mhaith pobalbhreitheanna ach níl ag éirí léi tarraingt chun cinn. Go deimhin, dúirt an tríú cuid den phobal roimh an díospóireacht Dé Máirt nach raibh siad ar an eolas fúithi féin ná faoina cuid polasaithe.

Ar chuir cuid acu sin aithne níos fearr uirthi le linn na díospóireachta agus má chuir céard a shíl siad fúithi?

Ar ais ag na figiúirí beaga. Is cuma cén phobalbhreith a ndéantar trácht uirthi ní mór a mheabhrú i gcónaí go bhféadfadh corrlach earráide 3% a bheith i gceist. Léiríonn an phobalbhreith is déanaí a foilsíodh sa New York Times an tseachtain seo nach bhfuil tada idir Trump agus Harris faoi láthair. Tá a mbrí féin bainte ag an dá pháirtí as an toradh agus iad araon muiníneach. Má ghéilleann tú don dream a mbíonn brí á baint as pobalbhreitheanna acu, níl mórán brí le baint as seo.

Trump cráite ag saighdeadh Harris agus ag cait is madraí Springfield Ohio

Maidir leis na pobalbhreitheanna,

is é Nate Silver Dia beag na hanailíse sna Stáit Aontaithe agus deir sé siúd go bhfuil tú in ann dea-scéal nó drochscéal a aimsiú don bheirt iarrthóirí sna figiúirí.

Bíonn an rud céanna fíor faoi na díospóireachtaí teilifíse uachtaránachta a raibh an ceann is déanaí acu ar siúl Dé Máirt. Tá tábhacht leis na díospóireachtaí céanna ó 1960 i leith i dtoghcháin Mheiriceá. Feictear go rialta go fóill an mhír de dhíospóireacht úd na bliana sin idir Kennedy agus Nixon. Tá a fhios ag an saol mór gurb í an tubaiste de dhíospóireacht a bhí idir Biden agus Trump i mí an Mheithimh a d’fhág gurbh éigean do Biden imeacht as an iomaíocht.

Is do Harris a thug formhór na dtráchtairí an bua i ndíospóireacht na seachtaine seo.

Bhí samhradh iontach ag an leasuachtarán agus í i mbun feachtais ach an éireoidh léi dul chun cinn ar Trump agus é a chloí?

An ndearna sí dóthain sa díospóireacht mar shampla le cur ina luí ar na vótóirí go bhfuil sí in ann an eacnamaíocht a stiúradh. Más amhlaidh go ndearna beidh an chóir léi mar gur ar an mbunús sin atá tacaíocht Trump chomh hard.

Agus beag beann ar bhreith na dtráchtairí braithfidh chuile shórt ar cén chaoi a ndeachaigh Harris i bhfeidhm ar na daoine a bhreathnaigh ar an díospóireacht in Arizona, Nevada, Michigan, Wisconsin, Carolina Thuaidh, Georgia agus Pennsylvania. Nó chun a bheith níos beaichte faoi na daoine sna stáit sin a bhreathnaigh ar an díospóireacht agus gan cinneadh déanta go fóill acu cé dó a vótálfaidh siad.

Fág freagra ar 'Harris agus Trump gob ar ghob i gcónaí'

  • WTF

    Ní dóigh gur maith ná gur mhaith le Harris bheith gob ar ghob le Trump, ar chaoi éigin.