Seachain an phóilíneacht gramadaí! Polasaí Gaeilge nua ag suíomh nuachta

D’fhógair Brian O’Neill, duine de lucht bainistíochta Slugger, polasaí nua inné maidir le tacú le hábhar Gaeilge ar an suíomh

Seachain an phóilíneacht gramadaí! Polasaí Gaeilge nua ag suíomh nuachta

Cuirfear fáilte feasta roimh phostálacha i nGaeilge ar Slugger O’Toole, an suíomh nuachta agus tuairimíochta seanbhunaithe.

D’fhógair Brian O’Neill, duine de lucht bainistíochta Slugger, polasaí nua inné maidir le tacú le hábhar Gaeilge ar an suíomh.

Dúirt sé go raibh Gaeilge líofa ag Mick Fealty, eagarthóir an tsuímh, agus gur foilsíodh postálacha i nGaeilge san am a caitheadh.

An difríocht a bhí anois ann ná go dtacófar ar bhealach “níos gníomhaí” leis an teanga.

Cuirfear fáilte feasta roimh phostálacha i nGaeilge faoi ábhar ar bith agus roimh thráchtanna i nGaeilge faoi aon phostáil ar an suíomh.

Chuir O’Neill fainic ar lucht postála go bhféadfadh go gcuirfí cosc ar dhuine a déarfadh ‘I can’t read this’ nó ‘what is the point of this post when we all speak English’.

D’fhéadfadh go gcuirfí cosc chomh maith ar dhuine a bheadh ródhíograiseach i mbun ceartaithe botún litrithe nó sínte fada, nó i mbun póilíneachta gramadaí.

“Tá daoine ag déanamh a ndíchill. Tabhair seans dóibh.”

Dúirt O’Neill gur thuig sé gur ábhar scoilte a bhíonn sa teanga go minic sa Tuaisceart ach gur trua sin mar gheall gur cuid thábhachtach í “dár bhféiniúlacht”.

Dúirt sé go raibh obair mhór déanta le tamall ó thaobh athbheochan na teanga sa chóras oideachais agus go raibh sé cruthaithe ag Linda Ervine agus daoine eile nach le haon phobal ar leith an Ghaeilge.

Ceisteanna agus freagraí Slugger O’Toole faoina bpolasaí Gaeilge

Tá sraith ceisteanna agus freagraí foilsithe ag Slugger chomh maith faoina bpolasaí teanga nua. Tá siad aistrithe go Gaeilge thíos againn.

Cad é an chúis leis seo?

An chúis leis ná go bhfuil an Ghaeilge ina cuid dár bhféiniúlacht. Sea, tuigim gur teanga dhomhanda an Béarla ach ní chiallaíonn sé sin go gcaithfimid an cás a thabhairt suas agus an phráib monachultúrtha a shlogadh. 

Labhraíonn níos mó daoine i dTuaisceart Éireann Mandairínis, an Pholainnis srl. Cén fáth nach mbíonn postálacha againn sna teangacha sin?

A leithéid d’argóint amaideach. In Éirinn atáimid, is í an Ghaeilge ár dteanga dhúchais.

An é nach bhfuil anseo ach léiriú eile de Slugger OToole a bheith ina chuid den fhronta pan-náisiúnach/ an drong náisiúnaithe/an clár frith-aontachtach/ cuir isteach tú féin anseo an téarma díspeagúil is ansa leat?

Is í mo thuairim féin ná gur botún a bhí ann uirlis pholaitiúil a dhéanamh den teanga. Is olc le go leor gníomhaithe teanga an polaitiú seo. Caithfear í a dhípholaitiú agus a normalú.

An mbeidh postálacha agaibh san Ultais?

Sea, bheimis sásta postálacha a bheith againn san Ultais. Tá coinníoll amháin leis sin: caithfidh siad teacht ó chainteoirí Ultaise aitheanta, mar tuigim go maith go gcuirfidh alfraits éigin isteach píosa a cruthaíodh le  ChatGPT mar mhagadh ar ‘Our Willie/The Broons’.

Masla é seo do m’fhéiniúlacht Aontachtach/Bhriotanach…

Tá go leor teangacha dúchais sa Ríocht Aontaithe. Tugtar tacaíocht ghníomhach do Ghaeilge na hAlban, don Bhreatnais, an Choirnis srl, níor cheart gur eisceacht a bheadh sa Ghaeilge. Níl aon iachall ort na postálacha seo a léamh ná plé leo, tá an tsaoirse agat neamhaird a dhéanamh orthu agus do shaol a chaitheamh de réir mar is mian leat.

Fág freagra ar 'Seachain an phóilíneacht gramadaí! Polasaí Gaeilge nua ag suíomh nuachta'