‘Is fiú go mór triail a bhaint as’ – fáilte shrianta roimh chinneadh scoil Ghaeilge a dhéanamh de scoil Bhéarla

Dúirt urlabhraí de chuid an fheachtais Gaelcholáiste 2,4,6,8 go gcuirtear fáilte roimh fhógra an lae inné go bhfuil Gaelcholáiste le déanamh de CBS Sráid Synge ach go bhfuil go leor ceisteanna fós le freagairt

‘Is fiú go mór triail a bhaint as’ – fáilte shrianta roimh chinneadh scoil Ghaeilge a dhéanamh de scoil Bhéarla

Tá fáilte curtha roimh an scéal go bhfuil iarbhunscoil lán-Ghaeilge le déanamh de scoil Bhéarla i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath ach tá sé ráite gur chóir don Roinn a bheith aireach faoi na dúshláin a d’fhéadfadh a bheith roimh an athrú.

D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley inné go bhfuil Gaelcholáiste comhoideachais le déanamh de CBS Synge Street, iar-bhunscoil Bhéarla aon inscne i mBaile Átha Cliath 2. Na daltaí a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain in 2026/2027 an chéad dream a bheidh ag fáil oideachais lán-Ghaeilge sa scoil.

Tá feachtas ar bun ag tuismitheoirí, múinteoirí agus eagraíochtaí teanga le fada ag iarraidh go mbunófaí scoil lán-Ghaeilge nua i ndeisceart Bhaile Átha Cliath chun freastal ar dhaltaí ghaelscoileanna an cheantair.

Chuir urlabhraí de chuid an fheachtais Gaelcholáiste 2,4,6,8 fáilte roimh an scéal agus dúirt sé go raibh “poitéinseal ollmhór” sa bhforbairt do na páistí atá ag freastal ar ghaelscoileanna an cheantair i láthair na huaire.

Mar sin féin, dúradh go bhfuil “a lán lán ceisteanna” le cur go fóill faoi na sonraí a bhaineann leis an bhforbairt agus go rabhthas ag súil na ceisteanna sin a phlé leis an Roinn Oideachais agus le pátrún na scoile, Iontaobhas Scoileanna Edmund Rice. Ba ghá fáil amach, a dúradh, céard go díreach a bheadh i gceist leis an nGaelcholáiste nua.

Rinne Iontaobhas Scoileanna Edmund Rice cinneadh sruth Gaeilge a bhunú sa mbunscoil acu ar Shráid Synge in 2017 agus tá níos mó daltaí ag fáil oideachas trí Ghaeilge sa scoil anois ná mar atá ag fáil oideachas trí Bhéarla.

Deir Pádraig Ó Duibhir, ollamh emeritus i DCU agus saineolaí ar chúrsaí oideachais, gur fearr scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú as an nua chun a chinntiú go mbíonn an teanga lárnach “sna cinntí uile” a ghlactar, ach go bhfuil an Roinn Oideachais le moladh as triail a bhaint as an múnla nua seo.

“Is fiú go mór triail a bhaint as agus foghlaim ón taithí seo agus faoi cad iad na féidearthachtaí agus na dúshláin a bhaineann leis an múnla,” arsa Ó Duibhir.

“Má tá muid chun cur leis an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge, teastaíonn scoileanna nua ach teastaíonn cuid de na scoileanna atá ann a iompú ina nGaelcholáistí nó ina mbunscoileanna lán-Ghaeilge chomh maith agus chuirfinn fáilte mhór roimhe sin.”

Deir Ó Duibhir go bhfuil líon beag bunscoileanna a rinne cinneadh roimhe seo athrú ó theagasc trí Bhéarla go dtí teagasc trí Ghaeilge ach gur scoileanna beaga tuaithe a bhí i gceist agus gan ach foirne beaga iontu. Scéal eile a bheidh ann le scoil mhór ina bhfuil réimse leathan ábhar á múineadh inti, dar leis.

“Beidh na dúshláin chéanna ann is atá ag na haonaid agus ag na sruthanna i scoileanna Béarla. Caithfidh Gaeilge a bheith ag an bhfoireann. Caithfidh an fhís cheart a bheith ag an phríomhoide agus lucht bainistíochta na scoile mar tá níos mó i gceist ná díreach múineadh trí mheán na Gaeilge.

“Caithfear eispéireas iomlán trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil, ní díreach sa seomra ranga. Cén chaoi a láimhseálfar na múinteoirí ar an bhfoireann reatha nach bhfuil Gaeilge acu? Beidh dúshláin ansin.”

Deir Ó Duibhir gur féidir foghlaim ón gcleachtas idirnáisiúnta, áfach, agus staidéar déanta aige féin agus daoine eile ar dhlínsí áirithe mar chuid den taighde don pholasaí ar an oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht atá á réiteach ag an Roinn Oideachais.

Sa mBreatain Bheag, mar shampla, tá scoileanna lán-Bhéarla á spreagadh chun iompú ar an gcur chuige lán-Bhreatnaise agus tacaíocht á cur ar fáil do mhúinteoirí, ar nós ranganna Breatnaise nó tréimhsí sabóideacha.

Is ag iarraidh cur le scoileanna reatha seachas cinn nua a thógáil a bhíonn an Roinn Oideachais i láthair na huaire ach measann Ó Duibhir nach bealach chun airgead a shábháil atá sa mhúnla nua.

“Braithim go bhfuil leisce ar an Roinn scoileanna nua a bhunú mar go ndeir siad go bhfuil siad róchostasach. Níl mé róchinnte faoi sin agus níl mé róchinnte go mbeidh sé seo saor ach an oiread, má táthar chun é a dhéanamh i gceart.

“B’fhéidir nach mbeidh go leor infheistíochta ag teastáil sna foirgnimh ach beidh go leor infheistíochta le déanamh san fhoireann agus gá le solúbthacht, b’fhéidir, don mhúinteoir nach mian leis múineadh trí Ghaeilge agus atá ag iarraidh bogadh chuig scoil eile sa cheantar. Tá costas leis na rudaí sin ar fad.”

Dúirt an eagraíocht Gaeloideachas go bhfuil ceist ann maidir leis an bpróiseas a d’fhág gur cinneadh scoil lán-Ghaeilge a dhéanamh de CBS Synge Street.

Dúirt príomhfheidhmeannach Gaeloideachas Bláthnaid Ní Ghréacháin, gur tháinig an scéal “aniar aduaidh” ar an eagraíocht ó tharla nach raibh aon chomhairliúchán nó plé ann ina leith.

“Mar eagraíocht, fáiltíonn Gaeloideachas go mór roimh an scéal go mbeidh iarbhunscoil lán-Ghaeilge neamhspleách ann, agus tugann sé dóchas agus beocht don phobal sa cheantar a dteastaíonn oideachas ag an iar-bhunleibhéal trí Ghaeilge uathu,” a dúirt sí le Tuairisc.

“Tá ceist, áfach, maidir leis an bpróiseas as ar eascair an cinneadh, agus an chaoi nach ndearnadh comhairliúchán leis an bpobal agus leis an gcoiste atá ag plé leis an bhfeachtas 2,4,6,8, grúpa atá ag iarraidh le fada iarbhunscoil neamhspléach trí Ghaeilge le héiteas ilchreidmheach.

Dúirt cennasaí Gaeloideachas go raibh an t-éileamh ar oideachas ilchreidmheach trí Ghaeilge le scrúdú go fóill.

“Ceist eile ar fad í cén chaoi a dtabharfar faoin bpróiseas, nach bhfuil aon fhasach ann dó ag an iarbhunleibhéal. Taobh amuigh de na ceisteanna sin, is údar mór sástachta é do thuismitheoirí a mbeidh rogha an oideachais lán-Ghaeilge ag an iarbhunleibhéal ar fáil dóibh ó Mheán Fómhair 2026.”

Chuir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, fáilte roimh an scéal go raibh an Ghaelcholáiste nua le forbairt.

“Tá súil agam go mbeidh an tAire in ann leanúint leis na cinntí maithe seo agus soláthar a chinntiú chomh maith do na feachtais eile atá i dteagmháil léi maidir le Gaelcholáistí a bhunú timpeall na tíre.”

Chomh maith leis an bhfeachtas Gaelcholáiste 2,4,6,8, tá seacht gcinn eile d’fheachtais ag éileamh Gaelcholáistí nua – i gCoill na Silíní i ndeisceart Bhaile Átha Cliath; i mBaile Átha Cliath 9 i dtuaisceart na hardchathrach; i Sord i gcontae Átha Cliath; i gCaisleán an Bharraigh i Maigh Eo; i nDroichead na Bandan in iarthar Chorcaí; in oirdheisceart na Mí; agus sa Tulach Mhór i lár tíre.

Fág freagra ar '‘Is fiú go mór triail a bhaint as’ – fáilte shrianta roimh chinneadh scoil Ghaeilge a dhéanamh de scoil Bhéarla'

  • Máirín

    Níl múinteoirí ar fáil.
    Níl todhcaí dóibh i mBleácliath.