Bhí lucht na teanga i mbun agóide i mBéal Feirste tráthnóna faoin gcinneadh gur comharthaíocht i mBéarla amháin atá i Mórstáisiún Láir nua na cathrach.
Bhí daltaí ó Choláiste Feirste agus scoileanna Gaeilge i measc an lucht agóide a d’eagraigh an Dream Dearg ag Cros na bhFíodóirí, mar a bhfuil an mórionad iompair nua lonnaithe.
Tá An Dream Dearg ag éileamh ar an aire infreastruchtúir, John O’Dowd “treoir oifigiúil” a thabhairt do Translink comharthaí dátheangacha a chur in airde san ionad nua.
Agus an mórstáisiún nua á oscailt aige níos túisce an tseachtain seo, dúirt O’Dowd, aire de chuid Shinn Féin, go bhfuil dóchas aige go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil amach anseo ag Cros na bhFíodóirí. Ach dúirt sé go gcaithfeadh sé leas a bhaint as na cumhachtaí atá aige “ar bhealach stuama” agus go mbeadh sé “níos éifeachtaí” comhoibriú leis an gcomhlacht Translink.
Deir an Dream Dearg, áfach, gur chóir don aire “treoir láidir” a thabhairt do Translink comharthaí dátheangacha a chur suas sa mhórstáisiún.
“Níl aon mhuinín againn go mbeidh athrú poirt ar Translink gan treoir láidir ón Aire Chuige sin, is treoir láidir ón Aire atá anois de dhíth,” a dúirt Eoghan Ó Gairmile.
“Níor cheart go mbeadh ‘veto’ ag Translink ar chearta teanga s’againne. Céad slán leis an ollphéist aonteangach a raibh costas £340 billiún leis agus cuirimis fáilte roimh ionad iontach dátheangach a léiríonn meas ar na mílte Gaeilgeoirí fud fad an oileáin seo.”
Deir An Dream Dearg go bhfuil scéal na gcomharthaí sa lárionad nua á phlé acu le Translink agus an Roinn Infreastruchtúir ó 2022.
“Tá Translink i ndiaidh leithscéal i ndiaidh leithscéil a thabhairt dúinn ar an cheist seo. Ar dtús, ní raibh siad sásta plé leis seo gan comhairle nó treoir ón Aire. Ansin nuair a chuir an tAire comhairle ar fáil, dúirt siad nach raibh siad ábalta aon rud a dhéanamh gan treoir ón Choimisinéir Gaeilge, ról nach bhfuil an folúntas fiú fógartha dó fós,” a dúirt Eoghan Ó Gairmile ón Dream Dearg.
Deir an Dream Dearg gur sárú é “cur chuige ‘Béarla Amháin’ Translink” ar An Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh.
Ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste i mí Aibreáin le rún ag éileamh comharthaíocht Ghaeilge ag an mhol iompair nua ‘Weavers Cross’ nó ‘Cros na bhFíodóirí’ i lár na cathrach.
Éilíodh sa rún a ritheadh sa Chomhairle chomh maith go mbeadh comharthaíocht dhátheangach le feiceáil sa stáisiún agus sa cheantar timpeall air.
Mhol an Chomhairle do Translink, atá i mbun na forbartha, go gcuirfí comharthaíocht dhátheangach laistigh agus lasmuigh den stáisiún bus agus traenach nua atá tógtha ar shuíomh stáisiún Europa.
Chomh maith leis sin bhí cruinniú ag Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge le Príomhfheidhmeannach Translink, Chris Conway chun an cás ar son na comharthaíochta dátheangaí a dhéanamh leis.
Gníomhaí, Inis
Nach iontach an dream sibh nach ndearna dearmad orainn ‘Gaeilgeoirí fud fad an oileáin seo’. Míle buíochas libh as seasamh a ghlacadh ar ár son fosta. Nár laga Dia go deo sibh.
Breathnóir1
Ba chóir do Ghaeil ar fud na tíre tacú leis an fheachtas seo, agus ba chóir do Rialtas na hÉireann tacú leis fosta. Seo 2024 agus ní 1924, nuair a bhí meon ´Sacsa nua darb ainm Tuaisceart Éireann´ i bhfeidhm.