Tá amhránaí as Gaeltacht Chorca Dhuibhne ar dhuine de cheathrar a bhfuil ómós á thabhairt dóibh ar shraith stampaí a eiseofar inniu.
Sa tsraith stampaí, beidh Séamus Ó Beaglaoich as Baile na bPoc in iarthar Duibhneach i dteannta triúr amhránaithe eile a d’imigh ar shlí na fírinne anuraidh – aingeal an cheoil, Sinéad O’Connor as Baile Átha Cliath, Shane MacGowan de bhunadh Thiobraid Árann agus an Baile Áth Cliathach Christy Dignam.
‘Guthanna Aitheanta na hÉireann/Amhráin Thraidisiúnta’ an téama don tsraith.
Bhí Séamus Ó Beaglaoich ar dhuine de phearsana móra na Gaeltachta agus ar dhuine de mhórcheoltóirí traidisiúnta a linne. Bhí sé ar dhuine de naonúr clainne i gceann de theaghlaigh mhóra an cheoil in Éirinn – muintir Bheaglaoich Bhaile na bPoc.
Ag labhairt di ar An Saol Ó Dheas inné, dúirt Máire Uí Bheaglaoich, bean chéile Shéamuis Uí Bheaglaoich, gur baineadh “saghas geit” aisti nuair a fuarthas an scéal go mbeadh sé á chomóradh ar stampa ach gur mór “an onóir” a bhí ann chomh maith.
“Tá a fhios agam go gcuaigh sé i bhfeidhm ar ana-chuid daoine agus is dócha gurb in é an taobh go bpioc An Post a leithéid. N’fheadarsa, ach tá sé saghas brónach agus áthasach ag an am céanna, más féidir é sin a rá… Ach tá sé go hiontach ar fad chun na fírinne a rá.
Dúirt Máire Uí Bheaglaoich gur iontach an scéal é chomh maith gur roghnaíodh duine ón nGaeltacht don tsraith stampaí.
Timpeall sé mhí ó shin a fuair muintir Bheaglaoich an scéala go raibh caint ar chomóradh a dhéanamh ar Shéamus ach dúradh leo gan faic a rá.
“Dúradh linn gan faic a rá mar tagann na smaointe so chuchu…agus caithfidh an Rialtas a rá ‘ceart go leor, téighir ar aghaidh leis sin’, an dtuigeann tú. Bhíodar ag fanacht leis an gcead san.”
Con Kelleher a thóg an pictiúr de Shéamus Ó Beaglaoich a bheidh le feiscint ar an stampa €1.40
Glacann An Post le moltaí ón bpobal gach bliain i dtaobh stampaí speisialta agus stampaí comórtha a bheadh oiriúnach agus cuí le heisiúint.
Ceapann An Post coiste le scrúdú a dhéanamh ar na húdair chomórtha agus le cinneadh a dhéanamh faoi na stampaí nua.
Coiste eile a roghnaíonn an cur chuige agus nuair a bhíonn sin socraithe roghnaítear ealaíontóir.
Ar na pointí a chuirtear sa gcomhaireamh agus cinneadh á dhéanamh, bíonn ócáidí nó comóradh a bhfuil tábhacht náisiúnta nó idirnáisiúnta leo; Éireannach a d’fhág a lorg go hidirnáisiúnta, agus gnéithe suntasacha faoin tír seo agus a muintir.
Obair dhá bhliain a bhíonn i gceist le sraith stampaí na bliana agus mí an Aibreáin gach bliain a thosaíonn an plé agus cead ag gach duine a moladh féin a chur go dí An Post in Ardoifig an Phoist.
Ar chuid de stampaí na bliana seo bhí stampa do Lá Fhéile Bríde agus Imbolc, ceann do sheirbhís na mbád tarrthála, comóradh ar an fhile Austin Clarke agus beacha dúchasacha na hÉireann. An chéad mhí eile eiseofar stampa don tsláinte intinne.
An Teanga Bheo
Mo cheol sibh Séamus Beaglaioch Sinead Christy is Shane
Seosaimhin Ni Bheaglaoich
Is léir nách bhfuil ar chumas An Post ‘Ó Beaglaoich’ a litriú ná ar chumas léitheoirí nuachta RTE a hAon, Ó Beaglaoich a fhuaimniú.
Níl faic foghlamtha acu ó ghaiscíoch peile na Carraige, Brian Ó Beaglaoich.