SÉAMUS Ó BEAGLAOICH: ‘Tá rí an pharóiste agus rí an cheoil imithe uainn’ – ómós léirithe don sárcheoltóir Duibhneach

Tá Uachtarán na hÉireann agus an Taoiseach i measc na ndaoine a bhfuil ómós léirithe acu don sárcheoltóir as Baile na bPoc i gCorca Dhuibhne a bhásaigh inné

SÉAMUS Ó BEAGLAOICH: ‘Tá rí an pharóiste agus rí an cheoil imithe uainn’ – ómós léirithe don sárcheoltóir Duibhneach

Ta ómós á léiriú ag daoine ar fud na Gaeltachta agus ar fud na tíre uile do Shéamus Ó Beaglaoich, an ceoltóir agus amhránaí mór le rá a d’imigh ar shlí na fírinne an tseachtain seo.

Dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn gur údar mór bróin é bás Shéamuis Uí Bheaglaoich do lucht an cheoil agus go gcuimhneofar air “mar dhuine de na boscadóirí is fearr in Éirinn” agus “amhránaí álainn”.

“Óna albaim luatha lena dheirfiúr Máire ar cuireadh tús leo 50 bliain ó shin go dtí an chéim mhór a thóg sé i gcomhar le Steve Cooney ar an albam Meitheal, agus san iliomad saothar eile dá chuid, lena n-áirítear an comhoibriú le Jim Murray agus Tim Edey, tá oidhreacht bhuan cheoil fágtha aige dúinn,” a dúirt Uachtarán na hÉireann.

Rinne an tUachtarán comhbhrón le muintir Uí Bheaglaoich agus thug sé chun cuimhne ócáid in Áras an Uachtaráin in 2019 nuair a chas Séamus, a iníon Méabh agus an giotáraí Donogh Hennessy ag dinnéar stáit do Rí agus do Bhanríon na hÍsiltíre.

Dúirt an tUachtarán gur chuaigh buanna ceoil agus cairdiúlacht Shéamuis i bhfeidhm “ar gach duine ar bhuail sé leo”.

“Aireoimid go mór uainn é,” arsa na tUachtarán.

Bhí an Taoiseach Leo Varadkar freisin ina measc siúd a léirigh ómós dó agus dúirt sé gur éirigh leis an gceoltóir Duibhneach cultúr na hÉireann a chur “ar an stáitse domhanda”.

Labhair ceoltóirí agus comharsana an cheoltóra i gCorca Dhuibhne ar an meas agus ar an gcion a bhí acu air ar eagrán an lae inné den Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

“Tá rí an pharóiste imithe uainn agus tá rí an cheoil [imithe uainn]. D’fhág sé a rian ar fud na dúthaí go léir,” a dúirt Diarmuid Ó Beaglaoich. Rinne Ó Beaglaoich agus John Tammy Ó Laoithe cur síos ar na turais a rinne siad i gcomhluadar Shéamuis agus é ag seinm ar fud na tíre.

“Chuir sé sinne, na rinceoirí, ar an mapa. Thug sé gach aon áit sinn agus ba chuma leis ach an seit a dhéanamh agus cleachtadh a dhéanamh.”

Labhair Lorcán Ó Cinnéide freisin ar an mbaint mhór a bhí ag Ó Beaglaoich le seachadadh an chultúir Ghaelaigh.

“Na turasanna sin ar fad a thugamar go Bleá Cliath, go Dún na nGall, go Páras. Thug sé an-mhisneach dúinn ó thaobh an chultúir, an cheoil agus na n-amhrán. B’fhéidir go rabhamar saghas cúthaileach mar gheall ar an gcúram ach ní raibh aon chúthail ar James,” arsa Ó Cinnéide. “Thug sé sin, is dóigh liom, an-mhisneach don dúthaigh, do cheoltóirí na dúthaí agus do dhaoine na dúthaí, go raibh a leithéid seo de dhuine againn. Aon aonach a raibh sé aige, bhí sé ina lár. Bhí tóir air agus daoine ag stracadh as agus ag iarraidh a bheith ina theannta. Bhí sé sin ina bhuntáiste againn ar fad.”

Rinne an t-amhránaí aitheanta as Iarthar Duibhneach Muireann Nic Amhlaoibh cur síos ar an tionchar a bhí ag Ó Beaglaoich ar a ceol, ó bhí sí ag fás aníos agus ag éisteacht lena “laoch” go dtí go raibh sí ag canadh ina theannta.

“Bhí sé mar a bheadh uncail deas dána,” a dúirt Nic Amhlaoibh.

“Thug sé ana-thacaíocht, ní hamháin i dtaobh an cheoil ach in am an ghátair bhí sé ann ar an bpointe boise i gcónaí.”

“Tá sé chomh deacair a bheith ag caint air…Táimid ar fad faoi bhrón le chéile. Bhí an t-ádh dearg linn go raibh sé inár saol agus gach aon phort agus gach aon amhrán a deirim, tá a rian air.”

Labhair an t-amhránaí iomráiteach as Dún na nGall Mairéad Ní Mhaonaigh ar an gcaidreamh a bhí ag Ó Beaglaoich le ceoltóirí ar fud na Gaeltachta agus an obair a rinne sé chun iad a thabhairt le chéile.

“Cailliúint mhór é dúinn mar cheoltóirí, mar Ghaeil. Tharraingíodh sé na Gaeltachtaí uile le chéile. Bhí meas ollmhór aige ar achan duine agus bhí sé i gcónaí á dtabhairt le chéile mar Ghaeil agus mar chairde,” a dúirt Ní Mhaonaigh. “Cara atá ar shiúl. Ceoltóir iontach a bhí ann ach dlúthchara a bhí ann.”

Dúirt an ceoltóir Ciarán Ó Gealbháin ón Sean-Phobal go raibh “an tír ar fad á chaoineadh”.

“Bhí an-chion againn go léir air. Nuair a chasfaí ort é istigh sa tigh tábhairne, nuair a chífeadh sé ag teacht thú, chaochadh sé an tsúil leat agus ba dhóigh leat nach raibh éinne eile ar an saol gurbh fhearr leis a fheiscint ag teacht ná tú,” a dúirt Ó Gealbháin.

“Sciobadh uainn go róthapaidh é ach, ar chuma áirithe, ní dóigh liom go bhféadfainn é a shamhlú ag dul i gcríonnacht, an fear seo. Bhí sé chomh hóg ina chroí agus ann féin.”

Dúirt Seán Potts, ceoltóir agus tábhairneoir an Piper’s Corner i mBaile Átha Cliath go mbíodh “beocht sa tigh” aon uair a bhíodh Séamus Ó Beaglaoich ann. “Táimid ar fad suaite inniu,” arsa Potts.

Scaipeadh teachtaireachtaí ar na meáin shóisialta in ómós dó freisin agus dúirt an cumadóir cáiliúil Peadar Ó Riada gur chosúil le héirí na gréine teacht Uí Bheaglaoich chuig seisiún ceoil.

“Fear macánta, grámhar, ceolmhar, binn, lán de ghreann…é i lár an aonaigh, an phobail cheoil, pobal a dhúiche,” a dúirt Ó Riada.

Dúirt an ceoltóir agus craoltóir Tristan Rosenstock a thug na blianta ag taisteal na cruinne le Séamus le Téada go n-aireodh an grúpa go mór uathu “a chuid cineáltais, a chuid ceoil, agus a chuid diabhlaíochta”.

“Laoch mór dem chuid ab ea Séamus,” arsa Tristan Rosenstock.

Agus í ag tabhairt ómóis aréir dó, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin go raibh a chuid ceoil préamhaithe go domhain in ithir an dúchais agus i dtraidisiúin Chorca Dhuibhne.

Dúirt Mike Scott, amhránaí an ghrúpa The Waterboys, gur scoth an cheoltóra é Séamus agus go mb’fhéidir “gurbh é an t-amhránaí ba bhinne dá gcuala riamh”.

“Cara, rí agus dia beag ab ea James,” a dúirt Scott, agus é ag guí cúrsa glan chun na síoraíochta air.

Fág freagra ar 'SÉAMUS Ó BEAGLAOICH: ‘Tá rí an pharóiste agus rí an cheoil imithe uainn’ – ómós léirithe don sárcheoltóir Duibhneach'