GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Ar mhaith leat gairmréim rathúil trí Ghaeilge ag croí na hEorpa?

Tá dlíodóirí agus céimithe dlí a bhfuil ard-scileanna Gaeilge acu á n-earcú ag an Aontas Eorpach mar dhlítheangeolaithe

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Ar mhaith leat gairmréim rathúil trí Ghaeilge ag croí na hEorpa?

Míníonn Aifric Ní Fhloinn, dlítheangeolaí le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus céimí den chúrsa Ard-Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht agus san Aistriúchán Dlíthiúil, mar a chuidigh an cúrsa agus an cháilíocht léi ina saol gairmiúil.

Tá dlíodóirí agus céimithe dlí a bhfuil ard-scileanna Gaeilge acu á n-earcú ag an Aontas Eorpach mar dhlítheangeolaithe. Tá na poist seo lonnaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg. Tá tuarastal agus coinníollacha oibre den chéad scoth i gceist. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo na rannpháirtithe a ullmhú don phróiseas earcaíochta.

Reáchtáiltear ranganna gramadaí, téarmaíochta agus scileanna aistriúcháin gach Luan agus Céadaoin i rith na bliana acadúla 6pm-9pm ag tosú an 2ú Deireadh Fómhair 2023 agus ag críochnú leis na scrúduithe ceann cúrsa an 17ú agus an 19ú Aibreán 2024. Múintear ranganna ar dhlí na hÉireann agus na hEorpa trí Ghaeilge agus seisiúin ar thástáil shíciméadrach agus ar phróiseas earcaíochta an AE trí Ghaeilge mar chuid den chúrsa thar cheithre dheireadh seachtaine.

Eagrófar dinnéar foirmiúil in Óstaí an Rí do na rannpháirtithe i mí Feabhra agus beidh turas staidéir ar Institiúidí an Aontais sa Bhruiséil agus i Lucsamburg tar éis na scrúduithe ceann cúrsa.

Cuireann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán tacaíocht airgeadais ar fáil don chúrsa seo.

“D’fhoghlaim mé an-chuid agus an tArd-Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht in Óstaí an Rí á dhéanamh agam. Cuireadh an-bhéim ar ábhair chun an rang a ullmhú le poist a bhaint amach leis an Aontas Eorpach, ach go háirithe ar chruinneas na Gaeilge agus foclóir reachtaíocht an AE, rud a chabhraigh go mór liom agus mé i mbun foghlama.

Ní gramadach amháin a bhíomar ag foghlaim, ach dlí na hEorpa, nósanna imeachta na n-institiúidí Eorpacha agus an Dlí-eolaíocht. Fuaireamar deis chomh maith dul i ngleic le nósanna imeachta chomórtais EPSO agus thugamar cuairt ar Institiúidí an AE sa Bhruiséil agus i Lucsamburg. Níl aon dabht ach gur chinntigh múineadh agus tacaíocht an chúrsa go raibh mé réidh dul ar aghaidh agus post leis an AE a bhaint amach.

Ó chríochnaigh mé an tArd-Dioplóma táim tar éis post buan a bhaint amach mar dhlítheangeolaí i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg. Beidh mé fíorbhuíoch go deo don fhoireann teagaisc go léir ar an Ard-Dioplóma as an méid a d’fhoghlaim mé.”

AIFRIC NÍ FHLOINN, DLÍTHEANGEOLAÍ LE CÚIRT BHREITHIÚNAIS AN AE

Is gá céim sa dlí cáilíocht ghairmiúil sa dlí (mar abhcóide nó aturnae) chun tabhairt faoin gcúrsa agus is gá d’iarrthóirí cumas sa Ghaeilge a léiriú go sásúil i scrúdú iontrála a reáchtálfar ar líne Dé Luain an 18 Meán Fómhair 2023 18h00–18h30. Má bhain tú amach TEG B2 (lánchreidiúint) nó leibhéal níos airde ó 2021 i leith, is leor fianaise ina thaobh sin a chur chuig Óstaí an Rí seachas an scrúdú iontrála a shuí. Roinntear an líon teoranta áiteanna ar an gcúrsa ar bhonn fiúntais. Is é an spriocdháta d’iarratais ar áit ar an gcúrsa: Déardaoin an 14 Meán Fómhair 2023.

Le tuilleadh a fhoghlaim faoin Ard-Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht agus san Aistriúchán Dlíthiúil, GLIOGÁIL ANSEO

Faoi Óstaí an Rí

Tá Óstaí an Rí lonnaithe idir Sráid Henrietta agus Cnoc an Bhunreachta i mBaile Átha Cliath 1 agus is foras oideachais neamhspleách é a bhfuil clú agus cáil air as oiliúint ghairmiúil sa dlí den scoth a sholáthar. Is ann atá an scoil dlí is sine in Éirinn agus is ionad suntasach stairiúil é.

Chomh maith le hoideachas a chur ar abhcóidí faoi oiliúint, tairgeann an Scoil Dlí cúrsaí páirtaimseartha inrochtana i sainréimsí dlí don phobal i gcoitinne idir dhaoine a bhfuil cúlra dlí acu agus daoine nach bhfuil.

Bíonn na cúrsaí á dteagasc ag cleachtóirí dlí saineolacha agus faightear i measc na mac léinn, ceannairí agus ceannródaithe, nuálaithe agus lucht inspioráide. Tá an Scoil Dlí ag tús cadhnaíochta ó thaobh cúrsa dlí a mhúineadh trí Ghaeilge.

Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt le do thoil ar kingsinns.ie 

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Ar mhaith leat gairmréim rathúil trí Ghaeilge ag croí na hEorpa?'