Gradam Stewart Parker buaite ag Biddy Jenkinson do ‘Beannaithe’

Stádas na mban san Eaglais Chaitliceach is ábhar don dráma ina dtugann bean rialta faoi fheachtas chun cás na mbansagart a chur chun cinn

Gradam Stewart Parker buaite ag Biddy Jenkinson do ‘Beannaithe’

Tá Gradam Stewart Parker buaite ag an scríbhneoir mór le rá Biddy Jenkinson.

Dráma nuascríofa Jenkinson Beannaithe a bhuaigh an gradam don dráma Gaeilge is fearr.

Stádas na mban san Eaglais Chaitliceach is ábhar don dráma ina dtugann bean rialta faoi fheachtas chun cás na mbansagart a chur chun cinn.


AGALLAMH: ‘Feidhm ar bith leis na hargóintí i gcoinne oirniú ban’ – Biddy Jenkinson


Léiríodh Beannaithe den chéad uair in Amharclann Smock Alley i mBaile Átha Cliath Meán Fómhair seo caite. 

Mhol léirmheastóir Tuairisc.ie Beannaithe as ábhar machnaimh a chur ar fáil don lucht féachana gan iad “a bhodhrú le teachtaireacht”.

Fág freagra ar 'Gradam Stewart Parker buaite ag Biddy Jenkinson do ‘Beannaithe’'