Gradam Shean-Nós Cois Life 2015 le bronnadh ar Liam Mac Con Iomaire

Ar an scríbhneoir, múinteoir agus craoltóir, Liam Mac Con Iomaire, a bhronnfar Gradam Saoil na bliana seo. Go maire sé a nuacht

LiamMacConIomaire-Press

Is ar Liam Mac Con Iomaire a bhronnfar Gradam Saoil Shean-Nós Cois Life i mbliana.

Ar ócáid speisialta le linn na féile ‘Sean-Nós Cois Life’ a dhéanfar an bronnadh, i gClub na Múinteoirí, ar an Satharn, an 18 Aibreán, ag a 9.oopm.

As Doire an Fhéidh, Casla, i nGaeltacht Chonamara do Liam ó thús, ach tá sé ina chónaí le fada sa Charraig Dhubh, i gCo. Átha Cliath. Chaith sé tamall mar léitheoir nuachta le RTÉ agus mar mhúinteoir i Scoil Lorcáin i mBaile na Manach sular thug sé a aghaidh ar Choláiste na hOllscoile, BÁC, mar a raibh sé ag obair sa teanglann ansin.

Bhí Liam ina bhall de Choiste Shean-Nós Cois Life ar feadh blianta áirithe agus roinn sé a chuid saineolais agus taithí ar amhránaithe le baill eile an choiste le linn na tréimhse sin. Is minic a fheictear agus a chloistear é mar fhear a’ tí ag seisiúin amhránaíochta ag an Oireachtas agus ag ócáidí eile, ach is iomaí duine a chuir ‘aithne’ air de bharr an chláir Leagan Cainte, a chraoltaí ar feadh i bhfad ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus a raibh Liam ina ancaire air.

Mar chomhartha ómóis agus measa a bhronntar an gradam seo, ar ndóigh, agus is i gcruth píosa dealbhóireachta ó láimh an ealaíontóra Clíodhna Cussen a bhíonn sé. Ar an mbonn cré-úmha a bhronnfar, tá íomhá ón scéal miotaseolaíochta Iomramh Bhrain, ina mealltar Bran go dtí an saol eile le hamhrán álainn.

Táthar á bhronnadh ar Liam Mac Con Iomaire as ucht an méid atá déanta aige in imeacht na mblianta ar mhaithe leis an amhránaíocht ar an sean-nós a chur chun cinn agus as an tacaíocht a thugann sé d’amhránaithe sean-nóis eile, idir óg agus aosta.

Le teann magaidh agus umhlaíochta a dúirt sé le Tuairisc.ie “nach mar gheall ar mo chuid amhránaíochta atá sé á bhronnadh orm ar chaoi ar bith!”

Maidir leis an bhféile féin, beidh sí ar siúl ón 17-19 Aibreán 2015 agus deireadh seachtaine mór amhránaíochta, damhsa, ceoil agus spraoi beartaithe. I measc na n-amhránaithe a bheidh ag glacadh páirte inti i mbliana, tá:

  • Liam Mac Con Iomaire (Conamara & Baile Átha Cliath)
  • Caoimhín Ó Fearghaíl (Na Déise)
  • Seán Ó Fearghaíl (Na Déise)
  • Seán Ó Gairbhí (Uíbh Ráthach)
  • Mairéad Ní Oistín (Baile Átha Cliath agus Conamara)
  • Brian Ó Domhnaill (Tír Chonaill)

Beidh Sibéal Davitt (Baile Átha Cliath) ag damhsa ar an sean-nós freisin.

Cuirfear tús leis an bhféile le seisiún amhránaíochta, ceoil agus rince i gClub na Múinteoirí, 36 Cearnóg Pharnell oíche Dé Aoine, an 17 Aibreán 2015. Reáchtálfar ceardlanna amhránaíochta agus rince in áras na bPíobairí Uilleann, 15 Sráid Henrietta ón 10am ar an Satharn agus bronnfar gradam Shean-Nós Cois Life ag ócáid i gClub na Múinteoirí an oíche sin.

Le seisiún amhránaíochta agus ceoil Tigh Hughes tráthnóna Domhnaigh a chuirfear clabhsúr ar an bhféile.

Tá clár na féile agus na sonraí ar fad ar fáil ar www.seannos.ie.

Tuilleadh eolais: 

Antaine Ó Faracháin

(01) 453 8192

087 4151286

sncl2009@gmail.com

Fág freagra ar 'Gradam Shean-Nós Cois Life 2015 le bronnadh ar Liam Mac Con Iomaire'