Bronnadh an gradam don scannán faisnéise is fearr ag Féile Scannán na hÉireann i Londain ar Cumar – A Galway Rhapsody leis an scannánaí Gaeltachta Aodh Ó Coileáin.
Is ag ócáid in Ambasáid na hÉireann i Londain tráthnóna a bronnadh an gradam ar shaothar Uí Choileáin, arb as an Daingean i gCorca Dhuibhne dó ach atá ina chónaí le fada sa Ghaillimh mar a bhfuil sé ina léachtóir in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua.
Dúirt Ó Coileáin gur tráthúil gur i Londain a bronnadh an gradam ar an scannán faisnéise faoi chúrsaí ealaíon mar gheall ar an gceangal a bhí ag an gcathair sin le cuid de mhór-ealaíontóirí, ceoltóirí agus drámadóirí na hÉireann.
“Tá an stair shaibhir seo mar chúlra agus mar thaca ag Cumar – A Galway Rhapsody agus é a thaispeáint i Londain,” arsa Ó Coileáin.
Dúirt bunaitheoir agus stiúrthóir Fhéile Scannán na hÉireann i Londain, Kelly O’Connor go seasfadh an scannán ar feadh i bhfad mar thaifead ar thábhacht na n-ealaíon sa Ghaillimh.
Taispeánadh Cumar – A Galway Rhapsody, a léirigh Paddy Hayes ó Tua Films, den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana agus taispeánadh ag féile i Chicago mí Mheán Fómhair é freisin.
Léiriú físiúil atá sa scannán dátheangach ar shaol na cruthaitheachta sa Ghaillimh agus i gConamara agus ar an tionchar a bhíonn ag an gceantar ar shaothar na n-ealaíontóirí agus ar an tionchar a bhíonn acusan ar an gceantar.
Is iad na healaíontóirí atá faoi chaibidil in Cumar – A Galway Rhapsody, Máirtín O’Connor, ceoltóir agus scríbhneoir, Rita Ann Higgins, file, Mike McCormack, scríbhneoir, Noeline Kavanagh, stiúrthóir ealaíona an ghrúpa Macnas, Róisín Seoighe, amhránaí, Pádraic Reaney an péintéir ó Chonamara, Tommy Tiernan, fear grinn.
Thuill Cumar: A Galway Rhapsody moladh na léirmheastóirí a dúirt gur saothar sainiúil samhlaíoch é.
Beidh an scannán faisnéise le feiceáil sa Regent Street Cinema mar chuid d’Fhéile Scannán na hÉireann i Londain, Dé Domhnaigh, an 24 Samhain.
Simon Ó Faoláin
Ardfhear Aodh, Comhghárdeachas ó chroí duit!