Grá fíor-bhunchloch na hEaglaise agus an chreidimh, ní fuath…

Ba mhinic gá le bean le comhairle a leasa a chur ar na fir san Eaglais agus tá neart rannta moltacha faoi mhná le fáil sa Bhíobla

Grá fíor-bhunchloch na hEaglaise agus an chreidimh, ní fuath…

Ba é William Shakespeare a dúirt go dtig leis an áibhirseoir ráitis ón scrioptúr a tharraingt chuige féin chun a chríche féin. Ní hé go bhfuilim ag maíomh gur áibhirseoir é Seosamh Ó Cuaig, bail ó Dhia air. Ach is cinnte gur dearcadh ó lasmuigh den chreideamh atá aige. Ní hamhlaidh an léargas ó laistigh. Ag breathnú isteach uirthi, is minic cuma na himpireachta cumhachtaí ar an Eaglais. Ach ó laistigh den chreideamh, is meitheal pheacach atá i gceist agus iad ag obair as lámha a chéile chun an chonair chaol chun na bhflaitheas a chur díobh. Tá ról ar leith san obair seo ag na sagairt agus na heaspaig atá ina gcomharbaí ar na hAspail a roghnaigh Críost; ach is ag fónamh do na creidmhigh atá siad, ní ina máistrí orthu.

Faraor, fiú i measc an dáréag a roghnaigh Críost bhí fir nach raibh gan locht: fear a bhraite ina measc. Ba mhinic gá le bean le comhairle a leasa a chur ar na fir san Eaglais. Tá ceathrar de na mná sin ainmnithe ina nDochtúirí (i. Oidí) de chuid na hEaglaise, mar atá Treasa Ávila, Caitríona Siena, Hildegard Bingen agus Treasa Lisieux. Mná iad seo a mheabhraigh a ndualgais do Phápaí agus Easpaig tráth a mbíodh siad ar strae. Is iomaí bean, idir ógh agus phósta, aitheanta i measc naoimh na hEaglaise thar na blianta. 

Maidir leis na sleachta a luaigh Seosamh ina alt, bhain go leor acu le comhairle an tseantiomna maidir le nuachar a roghnú go stuama, agus tá an oiread céanna rannta moltacha faoi mhná le fáil ann. 

*An té a fhaigheann bean, faigheann sé togha fáltais, lámh chúnta a dhiongbhála agus crann [taca].

Síorach 36:24 

*Cuireann bean chéile dhiongbháilte áthas ar a fear, agus caitheann sé a shaol faoi shuaimhneas.

Síorach 26:2 

*Bean chéile gan cháim, cé ar féidir leis í a fháil? Is luachmhaire í ná péarlaí.

Seanfhocal 31:10 

A fheara, bíodh grá agaibhse do bhur mná faoi mar a bhí grá ag Críost don Eaglais agus thug suas é féin ar a son d’fhonn í a choisreacan do Dhia.

Eifisigh 5:25

Is fíor go ndúirt Pól rudaí áirithe faoi mhná, agus comhthéacs cultúrtha a linne bainteach le sciar de na ráitis sin. Ach scríobh sé freisin: 

Níl Giúdach ná Gréagach oraibh feasta, níl saor ná daor, fireann ná baineann; is aon sibh uile i gCríost Íosa.

Galataigh 3:28 

Pheacaigh baill na hEaglaise, agus an chléir, go minic in aghaidh mná, ach is teip a bhí ansin. Grá fíor-bhunchloch na hEaglaise agus an chreidimh, ní fuath. 

Fág freagra ar 'Grá fíor-bhunchloch na hEaglaise agus an chreidimh, ní fuath…'

  • Seosamh Ó Cuaig

    Tabhair faoi deara mar sin féin gur bean a d’fheilfeadh don fhear is mó atá i gceist sna sleachta a roghnaigh tú.

  • Fearn

    Dúirt tú é, A Aonghuis!

  • Aonghus Ó hAlmhain

    Is fíor duit a Sheosaimh, ach is iomlánú ar na sleachta a thug tú féin a bhí i gceist. Níor tharraing mé anuas na mná láidre fearacht Ester, Miriam nó Rút gan trácht ar Mhuire.

  • Laoise

    Mar bhean, ní dóigh liom gurb é an t-aon ról atá agam mo fhear a shásamh. Tá intleacht, bród agus tuairimí de mo chuid féin agam. Ní airím ar aon bhealach faoi choimirce fir agus is de bharr sin nach ngabhaim i ngiorracht scread asail don Eaglais Chaitliceach. Chaith mé an-iomarca de m’óige ag éisteacht le fir ag inseacht do mhná cén chaoi lena saol a chleachtadh gan tuiscint ar bith acu ar mhná agus chonaic mé an-iomarca don bhreithiúnas gan trócaire a rinneadh ar mhná. Is uathu sin le “creideamh” a chonaic mé an easpa carthanachta. Ní fheicim aon fáth nach mbeadh an ceart céanna ag mná a bheith ina sagairt agus iad a bheith pósta chomh maith. Faoi láthair feicimse le mo mháthair ar aon chaoi atá tiomanta don pharóiste áitiúil go bhfuil mná sách maith leis an séipéal a ghlanadh h nach bhfuil siad sách maith le haon údarás a bheith acu i súile na hEaglaise. Níl thuas agat ach briathra balbha.