‘Gníomh dearfach eisceachtúil’ ag teastáil chun an Ghaeltacht a chosaint sa chóras pleanála

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil gá le polasaí náisiúnta nua i dtaobh na pleanála tithíochta sa Ghaeltacht chun dul i ngleic leis an laghdú ar líon na gcainteoirí Gaeilge

‘Gníomh dearfach eisceachtúil’ ag teastáil chun an Ghaeltacht a chosaint sa chóras pleanála

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Tá gá le “gníomh dearfach eisceachtúil” le cosaint a thabhairt don Ghaeltacht sa chóras pleanála, a deir Conradh na Gaeilge.

Deir an eagraíocht teanga go bhfuil gá le polasaí náisiúnta nua i dtaobh na pleanála tithíochta sa Ghaeltacht chun dul i ngleic leis an laghdú atá ar líon na gcainteoirí Gaeilge, na “deacrachtaí” a bhíonn ag daoine óga cead pleanála a fháil sa mbaile agus an “rófhorbairt” atá ag cur “brú” ar roinnt ceantar Gaeltachta.

“Léiríonn an titim i líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht, na fadhbanna atá ag daoine óga Gaeltachta cead pleanála a fháil ina gceantair dhúchais agus an rófhorbairt tógála atá ag brú ar roinnt ceantair Ghaeltachta an gá le haghaidh gníomh dearfach eisceachtúil a ghlacadh chun an Ghaeltacht a chosaint,” a dúradh i ráiteas ó Chonradh na Gaeilge.

Deir an eagraíocht Conradh na Gaeilge go bhfuil go bhfuil tacaíocht á cur ar fáil acu dhaoine sa Ghaeltacht “atá faoi bhrú de bharr fadhbanna leis an gcóras pleanála”.

“Is ábhar buartha dúinn ach go háirithe go bhfuil daoine óga ag bogadh amach as an nGaeltacht agus go bhfuil glúin daoine óga ann anois nach bhfuil ar a gcumas suíomh nó teach a cheannach ina gceantar féin,” a deir Mairéad Ní Fhátharta, Cathaoirleach Mheitheal Ghaeltachta Chonradh na Gaeilge.

“Is ábhar buartha é freisin go bhféadfaí an Ghaeilge mar theanga phobail a scrios trí eastáit tithíochta a thógáil agus líon mór daoine gan Ghaeilge teacht chun cónaí i bpobail gurb í an Ghaeilge a dteanga labhartha.”

Sheol Conradh na Gaeilge polasaí nua i dtaobh na pleanála sa Ghaeltacht ag tús na míosa agus i measc na moltaí atá ann, moltar gur ar Údarás na Gaeltachta a bheadh cúram na pleanála sa Ghaeltacht feasta.

Tá moltaí an Chonartha pléite acu leis an Aire Tithíochta, Darragh O’Brien, agus táthar ag súil cruinniú eile a bheith acu leis roimh na Nollag.

Tá sé tugtha le fios ag an Aire cheana, áfach, nach gceapann sé go bhfuil gá leis an gcóras pleanála atá i bhfeidhm faoi láthair a athrú.

Deir Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, nach bhfuil an córas pleanála ag feidhmiú ar bhealach a dhéanann an Ghaeltacht a chosaint.

“Léiríonn na deacrachtaí pleanála atá tagtha ar aghaidh sna ceantair Ghaeltachta éagsúla gur gá athrú a dhéanamh,” arsa Mac Fhlannchadha.

Tá cuid de mhuintir na Gaeltachta i Ráth Chairn agus sa Rinn go mór i gcoinne cead pleanála a thabhairt d’fhorbairtí tithíochta sna ceantair sin agus imní ann faoin tionchar a bheadh acu ar an nGaeilge.

Deir Mac Fhlannchadha go bhfuil na treoirlínte faoin dlí pleanála an-láidir ach nach bhfuil siad á gcur i bhfeidhm san pleananna forbartha agus chuige sin go bhfuil polasaí náisiúnta maidir le cúrsaí pleanála riachtanach.

“Le go mbeidh rath ar an bpleanáil tithíochta sa Ghaeltacht caithfidh sé a bheith fréamhaithe sa dlí agus bunaithe ar threoir ón Aire faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2018.

“Tá na treoirlínte ón Aire faoi alt 28 den Acht maidir le pleanáil sa Ghaeltacht an-láidir agus cuimsíonn siad an-chuid de na gnéithe atá ag teastáil chun pleanáil chóir a chur ar fáil don phobal. Ach is í an fhírinne lom ná nach bhfuil siad á gcur i bhfeidhm sna pleananna forbartha. Ní thiocfaidh athrú ar seo gan Polasaí Náisiúnta,” a deir sé.

Fág freagra ar '‘Gníomh dearfach eisceachtúil’ ag teastáil chun an Ghaeltacht a chosaint sa chóras pleanála'