GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Trí phost nua fógartha ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta!

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta, an eagraíocht a sholáthraíonn seirbhís luathbhlianta den scoth trí Ghaeilge sa Ghaeltacht, ag tairiscint trí phost nua do dhaoine fuinniúla atá ag iarraidh obair na heagraíochta a chur chun cinn

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Trí phost nua fógartha ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta!

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta, an eagraíocht a sholáthraíonn seirbhís luathbhlianta den scoth trí Ghaeilge sa Ghaeltacht, ag tairiscint trí phost nua do dhaoine fuinniúla atá ag iarraidh obair na heagraíochta a chur chun cinn.  Beidh ceann de na poist seo lonnaithe i gCúige Mumhan agus an péire eile lonnaithe i gceanncheathrú na heagraíochta, ar an gCeathrú Rua i gConamara.

Tá fás cuimsitheach tagtha ar an eagraíocht ó bunaíodh ar dtús í na blianta ó shin.  I láthair na huaire, tá 96 seirbhís luathbhlianta, idir naíonraí, naíolanna, seirbhís tar éis scoile, club bricfeasta srl, faoi choimirce Chomhar Naíonraí na Gaeltachta. Tá 150 duine fostaithe faoi scáth na heagraíochta ar fud na tíre, agus go maith os cionn míle páiste Gaeltachta faoina gcúram.

Tá folúntas lánaimseartha ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta d’Oifigeach Forbartha Luathbhlianta/Cúram Leanaí i réigiún na Mumhan.  Duine cumasach i réimse dúshlánach oibre a bhaineann le forbairt, comhordú agus pleanáil don réimse luathbhlianta i nGaeltacht Chúige Mumhan atá á lorg. 

Chomh maith leis sin tá an eagraíocht ag lorg Oifigeach Teanga agus Riarthóir Airgeadais/Oifige.  Bheadh an dá phost seo lonnaithe i gceanncheathrú Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua – oifigí a cóiríodh as an nua do CNNG agus a osclaíodh go hoifigiúil bliain ó shin.

Tá breis eolais ar na poist ar fad le fáil ar shuíomh idirlín na heagraíochta:  www.cnng.ie, nó ar leathanach folúntais tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Trí phost nua fógartha ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta!'