GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Scoileanna Uíbh Fhailí i Dallas do Chomórtas Róbataice

Scoileanna Uíbh Fhailí Buacach ag Craobhchomórtas Domhanda Róbataice VEX in Dallas

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Scoileanna Uíbh Fhailí i Dallas do Chomórtas Róbataice

D’fhág dhá scoil ó Chontae Uíbh Fhailí, Coláiste Choilm, Tulach Mhór agus Scoil an Chroí Naofa, Tulach Mhór, a rian ar an stáitse domhanda ag Craobhchomórtas Domhanda Róbataice VEX in Dallas, Texas. Tar éis dóibh dul san iomaíocht i gcoinne 30,000 foireann ó 109 tír, tá an dá scoil seo tar éis an-bhród go deo a chur ar a gcontae agus a dtír araon.

Thiar in 2018 a chuir Comhairle Contae Uíbh Fhailí tús lena clár Róbataice VEX, agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin i leith. Ní hé tógáil na róbat féin is tábhachtaí faoi seo uile ach an próiseas foghlama a ghabhann leis; deirtear go bhfostófar suas le 65 % de pháistí bunscoile an lae inniu i bpoist nach bhfuil ann fós agus baineann an clár seo go léir le hullmhú chuige sin.

Go deimhin, ba dhíol mórtais d’Anna Marie Delaney, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Uíbh Fhailí, an dea-scéal a fháil. “Comhghairdeas mór le Coláiste Choilm agus Scoil an Chroí Naofa as a ngaiscí iontacha ag an gcraobhchomórtas domhanda. Chuir siad Uíbh Fhailí ar an léarscáil dhomhanda, agus tréaslaím an ócáid seo leis na daltaí agus na múinteoirí go léir a bhí páirteach. Níl sa Chomórtas Róbataice VEX ach ceann amháin de na bealaí iomadúla a bhíonn muid ag nuáil agus ag athrú trí thionscnaimh éagsúla. Bhí breis agus 3000 dalta páirteach sa chlár le linn na bliana scoile seo amháin.”

D’aontaigh Ray Bell, an tOifigeach Leathanbhanda/Digiteach agus nuálaí STEM, leis an tuairim sin. “Táimid thar a bheith bródúil as an dá fhoireann a rinne ionadaíocht chomh maith sin orainn ar an ardán domhanda. Níorbh fhéidir linn leanúint den chlár seo ar chor ar bith gan an tacaíocht leanúnach a fuarthas ó gach ceann dár scoileanna in Uíbh Fhailí, go háirithe ó na múinteoirí a chuir go leor ama agus iarrachta isteach in ullmhúchán na bhfoirne do na comórtais. Táimid bródúil as bheith ag tacú leis an tionscnamh seo agus as bheith in ann deis a thabhairt do dhaoine óga a gcuid scileanna a fhorbairt chun an paisean atá acu sa réimse seo a chothú.”

Is comhiarracht é an clár iontach seo le hOllscoil Teicneolaíochta Mumhan, Oifig Fiontair Áitiúil Uíbh Fhailí, Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Uíbh Fhailí, agus go leor eile. Is iarracht mhór phobail atá ann a bhfuil comhpháirtithe ó scoileanna áitiúla, chomh maith le comhlachtaí náisiúnta agus an AE, bainteach leis.

Dúirt Dean Hodge, Oifigeach Rannpháirtíochta STEM Chomhairle Contae Uíbh Fhailí, “Tá foirne Scoil an Chroí Naofa agus Choláiste Choilm páirteach sa chlár ó bunaíodh é in Uíbh Fhailí agus is cinnte go bhfuil athléimneacht iontu agus go bhfuil tiomantas acu don chlár. Tá torthaí a gcuid oibre feicthe againn ar an ardán domhanda le coicís anuas. Bíodh is go bhfuil Coláiste Choilm aitheanta as a chuid iarrachtaí spóirt, tá róbataic tugtha acu ón seomra ranga go dtí an t-ardán domhanda anois, a bhuí lena gcuid oibre crua agus as an nuálaíocht a thaispeáin siad. Tá traidisiún láidir ag Scoil an Chroí Naofa cheana féin san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht, san ealaín agus sa mhatamaitic, agus is fianaise ar a ndíograis a mbua ar an ardán domhanda agus cruthaíonn sé go bhfuil áit ag an róbataic san oideachas do gach duine.”

Reáchtáladh ócáid ​​chun fáilte abhaile a chur roimh na “Steminists” agus roimh an gcuid eile den fhoireann ag Scoil an Chroí Naofa Dé Sathairn, an 17 Bealtaine ag 9 a.m. Bhí fáilte roimh chách ann.

Fíric Spraíúil: An raibh a fhios agat gur ón bhfocal Seiceach “robota” a thagann an focal “robot”, rud a chiallaíonn “saothar éigeantach” nó “obair chrua”? Baineadh úsáid as den chéad uair i ndráma leis an scríbhneoir Seiceach Karel Čapek sa bhliain 1920.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Scoileanna Uíbh Fhailí i Dallas do Chomórtas Róbataice'