Bronnadh Saoirse Chontae Dhún na nGall ar an bhuíon cheoil mhórchlúiteach Clannad ag searmanas speisialta i dTeach an Chontae, Leifear, Dé hAoine seo caite, 17 Bealtaine. Bhí Máire, Pól agus Ciarán Ó Braonáin as Clannad i láthair chun glacadh leis an ghradam ó Chathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Máirtín Ó hEaraile, i gcuideachta comhairleoirí contae, baill foirne de chuid na Comhairle agus aíonna speisialta.
Bronnadh an gradam seo ar Chlannad mar aitheantas ar an bhreis agus 50 bliain atá curtha isteach acu i dtionscal an cheoil, agus gradaim Grammy agus BAFTA bainte amach acu le linn an ama sin. Bunaíodh an grúpa sa bhliain 1970, agus cúigear ball ann, Máire, Pól agus Ciarán a luadh thuas, agus beirt uncailí dá gcuid Noel agus Pádraig Ó Dúgáin nach maireann. Tháinig ainm na buíne ceoil as giorrú a dhéanamh ar na trí fhocal “Clann as Dobhar”, tagairt dhíreach don cheantar dúchais arb as iad i nGaeltacht Thír Chonaill.
Ghabh an grúpa a mbuíochas lena dtuismitheoirí Leo agus Marie ‘Baba’ agus lena mórtheaghlach as ‘spás súgartha lán ceoil agus ealaíne’ a chruthú thart orthu nuair a bhí siad óg, rud a leag an dúshraith ar ar thóg siad blianta fada de ghairm bheatha, gairm bheatha a thug ar fud an domhain iad agus iad ag seinm ceoil do na milliúin duine agus na milliúin ceirnín á ndíol acu. Ach bhí an gradam seo, Saoirse an Chontae, an-speisialta daofa, a dúirt siad, mar gur óna muintir féin agus óna bpobal féin a tháinig sé.
Ba é an Comhairleoir Mícheál Choilm Mac Giolla Easbuig as Ceantar Bardais na nGleanntach a chuir rún chun tosaigh ag cruinniú iomlánach den Chomhairle i mí Márta 2023, agus an Comhairleoir Nóirín Nic Gairbheith, nach maireann, ag tacú leis, go mbronnfaí an t-aitheantas agus an gradam ar Chlannad as na héachtaí móra atá déanta acu ar son ár gcultúir, ar son na Gaeilge agus ar son cheol na hÉireann go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tacaíodh leis an rún sin d’aon ghuth.
Agus é ag caint le Clannad ag an ócáid Dé hAoine seo caite is é a dúirt an Cathaoirleach, an Comhairleoir Máirtín Ó hEaraile: “Níl aon amhras ach gur shaothraigh sibh clú agus cáil le linn bhur ré agus go raibh sibh in bhur n-ambasadóirí den scoth chan amháin do Chontae Dhún na nGall ach d’oileán iomlán na hÉireann. Ach cé go bhfuil clú oraibh ar fud an domhain ní dhearna sibh riamh dearmad ar bhur ndúchas, idir cheantar agus mhuintir, agus leanann sibh oraibh go fóill ag cur lenár gcultúr agus ag slánú an cheoil thraidisiúnta do na glúnta amach romhainn.
Thar mo cheann féin mar Chathaoirleach, agus thar ceann chomhaltaí Chomhairle Contae Dhún na nGall, déanaim comhghairdeas libh as Saoirse Chontae Dhún na nGall a bhaint amach. Is é seo an gradam is airde is féidir leis an Chomhairle seo a bhronnadh ar éinne, agus guímid gach rath oraibh in achan rud a dhéanfaidh sibh san am amach romhainn.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John G. McLaughlin: “Is onóir mhór domhsa, thar ceann ardbhainisteoirí agus bhaill foirne na Comhairle seo, an searmanas seo a óstáil chun Saoirse Chontae Dhún na nGall a bhronnadh oraibh inniu, mar léiriú ar chomh buíoch agus atá muid as gach rud atá déanta agus bainte amach agaibh.”
Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Saoirse Chontae Dhún na nGall bronnta ar Chlannad '