Glactha ag Parlaimint na hEorpa le bille tábhachtach bithéagsúlachta

Buille mór atá sa ghlacadh leis an mbille seo d'fheisirí caomhacha na parlaiminte a bhí ar a mbionda ag iarraidh an reachtaíocht a chosc

Glactha ag Parlaimint na hEorpa le bille tábhachtach bithéagsúlachta

Vótáil Parlaimint na hEorpa inniu ar son bille tábhachtach bithéagsúlachta faoina n-athbhunófaí speicis san fhiántas agus san uisce.

Bhí an bille ina chnámh spairne mhór agus ní mór a bhí idir an dá thaobh sa vóta – 336 a bhí ar son an Dlí Athchóirithe Dúlra [Nature Restoration Law] agus 300 a bhí ina choinne.

Buille mór atá sa ghlacadh leis an mbille seo d’fheisirí caomhacha na parlaiminte a bhí ar a mbionda ag iarraidh an reachtaíocht a chosc.

An mhórsprioc atá leis an dlí ná go dtabharfaí an dúlra nádúrtha ar ais faoi 2030 sa 20% d’éiceachórais an AE atá loite nó díghrádaithe.

Chun gur féidir an t-athshlánú seo a chur i gcrích caithfidh tíortha bearta a thabhairt isteach chun ghnáthóga nádúrtha a athbhunú – amhail portaigh atá triomaithe a athbheochan is fálta sceach a mheallfaidh feithidí agus éin a chur ar fheirmeacha.

Bhí Páirtí Phobal na hEorpa (EPP), an grúpa reachtóirí is mó i bParlaimint na hEorpa, i gcoinne an dréachtdlí ar an mbonn go mbeadh stop á chur le fás bia ar thalamh feirme, agus go gcuirfeadh sin slándáil nó an soláthar bia i mbaol.

Scríobh breis is 3000 eolaí litir oscailte ag cosaint an dlí nua.

Dúirt siad sa litir “nach é amháin nach bhfuil aon fhianaise eolaíoch ann don mhaíomh sin [soláthar bia i mbaol] ach go dtéann sé glan in aghaidh na fianaise”.

Vótáil beirt fheisirí as an tír seo ar son na reachtaíochta cé gur baill iad den EPP, Seán Kelly and Frances Fitzgerald.

“Ag deireadh an lae caithfidh duine an rud is dóigh leis a bheith ceart a dhéanamh,” a dúirt an Feisire Seán Kelly.

Glacadh leis go mbeadh conspóid mhór ag baint leis an dlí seo agus an tAE ag iarraidh an comhshaol a chosaint agus an Margadh Glas a chur i bhfeidhm.

Glacadh le moladh an Choimisiúin Eorpaigh go n-athshlánófaí 20% d’éiceachórais loite faoin mbliain 2030 ach theip ar leasuithe a moladh ar an dlí gur 30% a bheadh mar sprioc.

Beidh an Pharlaimint ábalta tús a chur anois le hidirbheartaíocht na n-institiúidí éagsúla le ballstáit an Aontais Eorpaigh. Tá sé tugtha le fios ag an Spáinn go mbeidh an obair sin mar thosaíocht aici ina tréimhse reatha mar Uachtarán ar an gComhairle.

Fág freagra ar 'Glactha ag Parlaimint na hEorpa le bille tábhachtach bithéagsúlachta'

  • Aistritheoir

    Scéal iontach!

    Agus mar eolas, is féidir libh téarmaí oifigiúla Gaeilge an AE a sheiceáil ar IATE:
    https://iate.europa.eu/home

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Tuilleadh eolais as Gaeilge ar shuíomh Pharlaimint na hEorpa
    https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/IP_22_3746

  • Pól Réamonn

    Is céim mhór sa treo ceart í seo.