Tá glactha ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le polasaí nua chun comharthaíocht sráide dhátheangach a chur ar fáil sa chathair.
Vótáil an chomhairle ar son an pholasaí ag cruinniú a reáchtáladh aréir.
De bharr an chinnidh sin is féidir le duine atá ina chónaí ar shráid, nó comhairleoir áitiúil, achainí a dhéanamh ar son comhartha sráide Gaeilge. Má ghlacann 15% de na toghthóirí a chónaíonn ar an tsráid leis an moladh, glacfar leis.
Áit a mbeidh mór-fhreasúrthacht ann beidh an cinneadh deiridh go fóill ag an gCoiste Polasaithe sa Chomhairle, coiste a bhfuil baill air ó gach páirtí. Sin ráite, tá dualgas dlíthiúil ar an gcomhairle aon fhreasúrthacht atá bunaithe ar an seicteachas a chur as an áireamh.
Go dtí seo bhíodh ar an tríú cuid de na háitritheoirí ar an tsráid achainí a shíniú sula ndéanfaí suirbhé ar mhianta an phobail.
Cuireadh fáilte mhór roimh an bpolasaí nua ach mhaígh an DUP gur “easaontas agus olc” a bheadh mar thoradh ar “na hathruithe radacacha”.
Is féidir achainí a dhéanamh go mbeadh teanga ar bith le feiceáil ar chomharthaíocht ach is iad lucht na Gaeilge sa chathair is mó a bhí ag brú an pholasaí chun cinn.
Chuir Séanna Breathnach, comhairleoir de chuid Shinn Féin i mBéal Feirste, fáilte roimh an bpolasaí nua.
“Cinnteoidh an polasaí nua faoi chomharthaíocht dhátheangach ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste feiceálacht na Gaeilge sa chathair agus cuirfear Béal Feirste roinnte agus forásach chun cinn,” a dúirt sé.
“Tá áit lárnach ag Béal Feirste san athbheochan agus tá an teanga ina cuid de chroílár na cathrach leis an Cheathrún Ghaeltachta agus tá líon na n-aontachtaithe atá ag foghlaim na teanga ag méadú i rith an ama.
“Cinnteoidh an polasaí nua forásach seo go leanfar leis an dul chun cinn sin agus go léireofar seo sa chomharthaíocht sráide s’againne.”
Thacaigh comhairleoirí de chuid Shinn Féin, Comhaontas Glas, an SDLP agus Páirtí na Comhghuaillíochta leis an dréachtphlean ag céim an choiste ach cuireadh moill ar an bplé faoin rún mí na Samhna nuair a chuir an DUP in iúl go raibh sé i gceist ag an bpáirtí bac a chur ar an bpolasaí agus comhairle dlí bhreise a lorg dá nglacfaí leis an rún.
Glacadh leis an rún faoi dheireadh ag cruinniú de chuid na Comhairle aréir.
Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh chinneadh na Comhairle chomh maith agus dúirt siad gur “céim thábhachtach chun cinn” ó thaobh cearta teanga a bhí ann.
“Tá an comhthéacs a bhaineann leis an pholasaí seo iontach tábhachtach,” a dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge ó thuaidh.
“Suas go dtí 1995 bhí cosc ar chomharthaíocht sráide i nGaeilge ó thuaidh. Nuair a tugadh cead an t-am sin do na Comhairlí áitiúla polasaithe áitiúla a dhearadh, bhunaigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ceann de na polasaithe ba theoranta ó thuaidh a chuir iachall ar dhá thrian de phobal sráide vóta a chaitheamh ar son na comharthaíochta sula gcuirfí in airde í, mar aon le bacanna eile.
“Ó shin ar aghaidh, tá pobal na Gaeilge i mBéal Feirste ag troid agus ag eagrú chun an polasaí sin a athrú. Le blianta beaga anuas, sa droim ar an fheachtas ar son Acht Gaeilge, tharraing An Dream Dearg an spotsolas ar theip na Comhairle i dtaobh a ndualgas i leith na Gaeilge sa Chairt Eorpach agus ardaíodh an cheist seo.
Ghabh Ó Muadaigh buíochas leis na daoine uile a raibh baint acu leis an bpolasaí nua a thabhairt isteach.
“Is mar thoradh ar chomhairle agus comhpháirtíocht na ndreamanna éagsúla, agus mór-iarracht an phobail le blianta fada anuas, a d’éirigh linn an t-éacht seo a bhaint amach. Céim bheag eile chun tosaigh is ea an polasaí seo san aistear i dtreo chearta teanga, ach is céim thar a bheith siombalach í do phobal na Gaeilge ó thuaidh trí chéile.”
Meastar go mbíonn costas suas le £1,000 ag baint le comhartha dátheangach a chur in airde.
Fág freagra ar 'Glactha ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le polasaí nua faoi chomharthaí sráide dátheangacha'