Geit bainte as daoine ag Aifreann i gConamara agus Garda faoi éide gafa chomh fada leis an altóir

Baineadh geit as na daoine a bhí ag freastal ar Aifreann i séipéal i gConamara ag an deireadh seachtaine agus shíl cuid acu go raibh rud tromchúiseach éigin as cor

Geit bainte as daoine ag Aifreann i gConamara agus Garda faoi éide gafa chomh fada leis an altóir

Níl a fhios faoin tráth seo an mbeidh aon dlí nó cás cúirte a bhaineann leis na dlíthe tráchta bóthair ag éirí as eachtra neamhghnách a tharla i sráidbhaile an Chladaigh Dhuibh in iarthuaisceart Chonamara an deireadh seachtaine seo caite. 

Chuaigh Garda faoina chuid éide isteach sa séipéal áitiúil le linn don aifreann a bheith á cheiliúradh ansin tráthnóna Dé Sathairn seo caite agus shiúil ón bpríomhdhoras chomh fada leis an altóir. Ar shroicheadh na haltóra dó labhair an Garda leis an sagart a bhí ag ceiliúradh an aifrinn. 

Tuigtear go raibh ainm úinéara cairr aige a bhí páirceáilte taobh amuigh. Thaispeáin an sagart tiománaí an chairr dó agus chuaigh an Garda chomh fada léi, shiúil sise amach ón aifreann ansin i gcuideachta an Gharda.

Baineadh geit as na daoine a bhí ag an Aifreann agus shíl cuid acu go raibh rud tromchúiseach éigin as cor. Ach labhair an sagart ón altóir agus dúirt sé leo nach raibh an bhean tógtha. 

D’aistrigh an bhean an carr as an áit a raibh sé fágtha aice. Dúirt daoine sa gceantar go raibh daoine ag páirceáil carranna sa spota sin leis na blianta. Tuigtear go mba nós leis an mbean seo a carr a fhágáil san áit chéanna mórán chuile dheireadh seachtaine nuair a théadh sí chuig an aifreann.

Dheimhnigh na Gardaí tráthnóna go raibh baill dá gcuid ar dualgas ar an gCladach Dubh tar éis a hocht a chlog tráthnóna Dé Sathairn. Dheimhnigh siad gur láimhsigh siad eachtra ina raibh amhras orthu go raibh an dlí maidir le trácht ar bhóithre á shárú agus go raibh an cás sin á bhreithniú acu faoi láthair.

Dhiúltaigh an sagart a bhí ag léamh an Aifrinn aon rud a rá go poiblí faoin eachtra.

Dúirt roinnt daoine a bhí ag an Aifreann gur mheabhraigh an eachtra cás eile a tharla le linn aifreann an Domhnaigh ar an gCladach Dubh ceithre bliana déag ó shin dóibh. Tharla tragóid an mhaidin sin nuair a bhásaigh gasúr de bharr timpiste i bhfoisceacht cúpla céad slat don séipéal. Tháinig daoine chomh fada leis an Séipéal an mhaidin sin sa tóir ar an sagart agus b’éigean dó imeacht ar an nglaoch práinne sin sula raibh an t-aifreann críochnaithe aige.

Dúradh go raibh daoine ag an aifreann an deireadh seachtaine seo caite a bhí scanraithe gur rud tromchúiseach dá leithéid a bhí tarlaithe arís nuair a chonaiceadar an Garda ag dul suas chomh fada leis an altóir.

Fág freagra ar 'Geit bainte as daoine ag Aifreann i gConamara agus Garda faoi éide gafa chomh fada leis an altóir'