Gearrscéal nua – Buachaillí an Dreoilín…                                                   

Tá gearrscéal nua curtha ar fáil dúinn don Nollaig ag an scríbhneoir Mícheál Ó Ruairc

Gearrscéal nua – Buachaillí an Dreoilín…                                                   

Thosnaigh an t-ullmhúchán chomh fada siar le Lá Fhéile Mártain san fhómhar an bhliain sin, an bhliain dheireanach dúinn beirt dul amach faoin bparóiste inár mbuachaillí an dreoilín.

Ar ndóigh, níor thuigeamar sin ag an am. Mhaireamar san am i láthair agus bhíomar chomh haineolach agus chomh dall ar a raibh i ndán dúinn sa todhchaí agus a bhí gach éinne eile a bhí farainn. Chreideamar go diongbháilte nach dtiocfadh deireadh riamh leis an saol a bhí á chleachtadh againn agus go mbeimis óg go síoraí.

Ba bheag an méid ullmhúcháin a bhí le déanamh i ndáiríre. Bheadh níos mó ceoil ag péire préachán dubh is a bheadh againne. Ní raibh ar chumas ceachtar againn amhrán a rá mar ná raibh aon amhrán ar eolas againn. Ag an am san bhí sé mar nós ag na buachaillí ó rang a ceathair ar aghaidh an rang ceoil a sheachaint. Ní théadh chuig an rang ceoil ach cailíní agus corrphiteog de bhuachaill. Ní bhacfadh an múinteoir leis na buachaillí nuair a tuigeadh go maith di ná raibh fonn ceoil orthu. Chuirtí isteach i rang faoi leith sinn agus ligtí dúinn leabhair a léamh nó codanna den obair bhaile a dhéanamh.

Bhí orgán béil agam.

Bhí mo mháthair in ann í a sheimint agus a sheimint go binn ach ní raibh nóta agamsa. Maidir le Pádraig beag, mo chomharsa béal dorais agus mo dhlúthchara san am sin, d’aimsigh sé canna stáin agus dhá chipín draighin chun é a bhualadh. Ar ndóigh, thiocfadh níos mó ceoil as claí garraí ag titim ná mar a thiocfadh as an gcanna stáin san agus é á thuargaint.

Ghearramar seanbhraillín bhán as a chéile agus dheineamar péire aghaidheanna fidil as. Dheineamar poill iontu do na súile agus an béal. D’aimsíomar seanchaipíní agus seanchasóga de chuid ár n-aithreacha chun sinn a chlúdach ón bhfuacht agus ón mbáisteach. Thug mo mháthair seanmhála láimhe dá cuid dom a d’fheidhmeodh mar sparán. Ós rud é go rabhas breis agus bliain níos sine ná Pádraig bhí an t-údarás agam cúram an airgid a ghlacadh chugam féin.

Airgead a bhí uainn.

Bhíodh sé mar nós ag teaghlaigh áirithe milseáin, seacláidí, brioscaí agus cáca Nollag a thabhairt dúinn ach bhíomar meáite ar shuim mhór airgid a bhailiú ionas go bhféadfaimis bréagáin agus greannáin a cheannach leis i dTrá Lí níos faide anonn. £12 an sprioc a bhí leagtha síos againn don Nollaig áirithe sin.

Faoi dheireadh is faoi dheoidh tháinig an lá mór.

Bhíos i mo shuí roimh ghiolcadh an ghealbhain agus sceitimíní áthais orm. Bhíos chun dul go dtí tigh Phádraig agus fanacht ansan go dtí go mbeadh sé réidh chun imeachta. Dúradh linn gan dul rófhada ón mbaile.

‘Casaigí timpeall nuair a raghaidh sibh chomh fada le Tigh Uí Mhuircheartaigh ag an gCrosaire agus tagaigí abhaile. Bígí thar n-ais anso ag a cúig a chlog. Beidh go leor déanta agaibh faoin tráth san agus beidh an déanaí ag breith oraibh. Tá ceathanna troma tuartha agus seachnaígí iad. Téigí i bhfolach uathu nó beidh sibh fliuch báite.’

‘Ag a cúig a chlog!’ arsa Pádraig nuair a bhíomar ar an mbóthar. “Bhí sé níos déanaí ná sin nuair a thángamar abhaile anuraidh. Is buachaillí móra an bheirt againn anois. Nílimse chun casadh timpeall ag an gCrosaire. Cad fútsa?’

‘Ná mise!’

As go brách linn.

Bhí aithne ag gach éinne orainn inár mbaile fearainn féin agus fáiltíodh romhainn sa chuid is mó de na tithe. Ach ní gan gearán a fáiltíodh romhainn agus tugtaí na boinn bheaga airgid dúinn go doicheallach ó am go chéile.

‘Cén fáth nár fhoghlaim sibh conas na gléasanna ceoil a sheimint? Bheadh níos mó ceoil ag teacht as cuigeann bhoise.’

‘Nach bhfuil aon amhrán ar eolas agaibh? Nach bhfuil náire ar bith oraibh?’

‘Cén fáth nach bhfuil scata mór agaibh le chéile seachas an bheirt agaibhse ag dul ó thigh go tigh is gan fonn dá laghad eadraibh beirt?’

Mar sin féin, leanamar orainn ag gabháil suas síos na mbóithríní cúnga, ag dul isteach i gclósanna feirme a bhí lán de chac bó agus madraí caorach ag tafann os ard, ag nochtadh a gcuid fiacla agus ag drannadh orainn go fíochmhar, namhdach, bagarthach.

Ach ba chuma linn. Bhí an t-airgead ag teacht go tiubh ina phinginí, ina leathréalacha, ina réalacha, ina scillingí, ina fhlóiríní agus corr-uair ina leathchoróineacha.

Bhíodh sé mar nós ag teaghlaigh áirithe an doras a bheith druidte ar lá an dreoilín. Raghfaí go dtí an doras agus d’fhéadfaí a bheith ag cnagadh air go dtí Lá Philib a’ Chleite agus fós ní ligfí isteach tú. Bheadh boladh an doichill go láidir san aer!

Bhí dhá thigh mar seo suite go hard thuas ar thaobh cnoic agus thóg sé tamall fada orainn iad a bhaint amach. Cad é mar dhíomá a bhí orainn nuair nár ligeadh isteach sinn i gceachtar acu. Le teann feirge chaith Pádraig cloch le coileach a bhí ina sheasamh ar bharr charn aoiligh i gclós an dara tí agus bhuail sa tóin é. Líg sé grág ard péine as a chloisfeá sa Domhan Thoir agus ghread anuas den charn aoiligh go cleitearnach, clupaideach, clamhsánach agus dhein a bhealach go bacach i dtreo thigh na gcearc.

Le sin osclaíodh doras an tí agus tháinig fear a’ tí amach agus thug ruathar siúil inár dtreo, ag bagairt orainn leis an tlú agus ag screadadh in ard a chinn is a ghutha go maródh sé an bheirt againn dá mbéarfadh sé orainn, rud nár dhein mar bhíomar imithe ar chosa in airde an bóthar anuas as a radharc.

‘An sprionlóir spreasánta, salach!’ arsa Pádraig, nuair a bhaineamar amach an bóthar mór arís. ‘Fan go labhróidh mé le m’athair ina thaobh.’

Ba é an sráidbhaile an áit ab fhearr chun airgead a bhailiú. Na tithe tábhairne plódaithe agus boinn airgid á gcaitheamh go tiubh isteach sa sparán acu siúd a raibh an braon faoin bhfiacail acu, ach go háirithe. Ceithre thigh tábhairne agus fuaireamar breis agus punt i ngach aon cheann acu.

‘An tusa mac le Brian? Tá aithne mhaith agam ar d’athair. Abair leis go rabhas ag cur a thuairisce.’

‘Bain díot an aghaidh fidil go bhfeicfimid cé tú féinig. Bheadh níos mó ceoil ag asal an chlúimh ná mar atá agatsa leis an gcanna stáin san. Cé atá i bhfeighil an sparáin? Seo dhuit!’

Ba chuma linne faid is a bhí na boinn ag clingeadh go binn sa mhála láimhe a bhí á iompar agamsa.

An t-aon rud ná gur cuireadh moill mhór orainn mar cheannaíomar líomanáid, seacláid agus milseáin iontu agus bhíomar mall go leor ag taisteal ar an mbóthar go dtí go raibh gach aon cheann de na sólaistí ólta agus ite againn.

Gan choinne thit cith trom flichshneachta.

Theitheamar roimhe in aghaidh an aird go dtí gur éirigh linn foscadh a fháil istigh i seanstábla gan doras le hais fothraigh tí.

‘Ba cheart dúinn an t-airgead a chomhaireamh anois agus a roinnt,’ arsa Pádraig liom.

‘An as do mheabhair atá tú? Déanfaimid é a chomhaireamh agus a roinnt nuair a thiocfaimid abhaile mar a dheineamar anuraidh.’

Nuair a ghlan sé arís as go brách linn ó thigh go tigh.

Bhí an solas ag teip nuair a shroicheamar Tigh Uí Mhuircheartaigh faoi dheireadh is faoi dheoidh. Tugadh tae agus brioscaí dúinn agus cuireadh ceisteanna orainn faoinár muintir agus ár gcomharsana. Dúradh linn go raibh sé leathuair tar éis a ceathair nuair a bhíomar ag imeacht an doras amach.

‘I bhfad róluath chun dul abhaile,’ dúirt Pádraig.

‘Ach dúradh linn gan dul níos faide …’ arsa mise go himníoch.

‘… níl aon eagla ormsa,’ ar seisean go ceanndána.

‘Ná ormsa ach an oiread,’ arsa mise agus thugamar aghaidh ar an gcéad bhaile fearainn eile.

Leanamar orainn cé go raibh tuirse an domhain orainn faoin tráth seo de bharr na coisíochta ar fad a bhí déanta againn. Mar sin féin chnagamar ar gach doras i gCluain Searrach.

Thosnaíos ag tathant ar Phádraig casadh timpeall agus dul abhaile ach bhí sé fuar agam.

‘Beidh siad crosta linn. Beidh sé an-déanach agus beidh siad buartha fúinn. Caithfidh go bhfuil sé leathuair tar éis a cúig cheana féin agus tógfaidh sé uair an chloig orainn dul abhaile. Má leanaimid orainn mar seo beidh sé ag tarraingt ar a hocht a chlog sula . . .’

‘. . . tá eagla ortsa.’

‘Níl ná eagla. Téanam ort, más ea. Tá tú chomh mall le seilmide.’

Bhí cuthach feirge orm agus thugas faoin mbóthar de ruathar reatha. Má dhein, lean sé mé agus é ag spalpadh na mionn i mo dhiaidh aniar.

Bhíomar imithe suas go hard faoin am seo, go dtí an tigh ab fhaide thuas i mBaile na Leacan. Níor chuimhin liom féin a bheith riamh níos faide suas ná sin.

Thit cith trom fearthainne eile.

Isteach linn i scioból a bhí i gclós an tí sin.

Baineadh stangadh uafásach asainn nuair a labhair duine thíos sa leathdhorchadas ag bun an sciobóil.

‘Cé sibhse agus cad as a dtáinig sibh?’

‘As Taobh a’ Chnoic.’ D’fhreagraíomar d’aon ghuth agus imeagla orainn.

Tháinig seanfhear féasógach a bhí chomh sean leis na cnoic anall chugainn go malltriallach. Bhí píopa ina bhéal agus cáibín ar a cheann. Labhair sé go séimh, múinteartha linn.

‘Bhfuil aithne agaibh ar Pheaitsín Ó hUallacháin?’

‘Tá,’ arsa Pádraig, ‘is é mo sheanathair é.’

‘Conas tán sé?’

‘Níl sé go maith. Tá sé ag coimeád na leapan.’

Shiúil an seanfhear amach linn go dtí an bóthar mór.

‘Fear uasal. Bhí aithne mhaith agam air nuair a bhíomar beirt i mbarr ár maitheasa. Ó, Dia go deo linn, nach tapaidh a imíonn na blianta. Abair leis go rabhas ag cur a thuairisce, a gharsúin. Anois, seo daoibh scilling an duine.’

Chaitheas an t-airgead isteach sa mhála agus ghabhas buíochas leis.

‘Tá cúpla tigh eile anso in aice linn ar a’ bhFaha,’ ar seisean. ‘Ba cheart daoibh bualadh isteach chucu sula dtiocfaidh an déanaí ar fad oraibh.’

Bhí gach aon ghal ar an bpíopa aige. Thug sé comhartha dúinn lena mhéar.

‘Tá tigh eile i bhfad i bhfad thuas ar a’ bhFaha ag bun Chnoc Bréanainn, in aice leis an Grotto. Tigh an Scoláire. An tigh is airde ar an mbaile so. An bhfeiceann sibh an solas i bhfad thuas? ‘Bhfuileann sibh ag dul suas chomh fada leis? Ba bhreá leis an Scoláire sibh d’fheiscint. Má tán sibh ag dul suas chomh fada san, brostaigí mar tá turas fada romhaibh abhaile. Tá sé ag éirí tirim arís.’

Seo linn suas agus isteach linn sa dhá thigh a bhí i ngar dúinn. Fáiltíodh romhainn agus tugadh airgead dúinn mar aon le smuit cháca Nollag sa tarna tigh.

Nuair a thángamar amach ar an mbóthar, d’itheamar a raibh fágtha den cháca Nollag. D’fhéachamar suas i dtreo an aird. D’fhéadfaimis an solas a fheiscint i bhfad thuas uainn sa dorchadas.

Thugas faoi deara go raibh Pádraig ag éirí corrthónach agus míchéadfach.

‘Tá sé ródhéanach chun dul suas ansan. Tá sé in am dúinn dul abhaile anois. B’fhéidir go mbeidh an doras druidte acu. Tá go leor airgid againn,’ ar seisean agus rian beag den chaointeoireacht ina ghuth.

‘Éist leis an té atá ag caint! Bheimis imithe abhaile i bhfad roimhe seo murach tusa. Táimse chun dul suas go tigh an Scoláire ar aon nós. Fan mar a bhfuil agat más maith leat agus raghaidh mise ar aghaidh i m’aonar.’

‘Ní fhanfaidh mé. Ní haon leanbh mise,’ ar seisean agus é ag seasamh ina staic ar an mbóthar ard, dorcha.

Chonac go raibh sé ar tí gol.

Leagas lámh ar a ghualainn chaol, thanaí.

‘Raghaimid le chéile mar sin agus ní baol dúinn. Téanam ort, a bhuachaill.’

Lean sé mé go drogallach, cnáimhseálach i gcoinne an aird.

Ar bhealach aisteach nár thuigeamar in aon chor ag an am, bhíomar ag siúl amach thar teorainn ár n-óige, ag gabháil thar limistéar ár n-eolais chúing féin, ag tabhairt dúshláin do dhéithe an dorchadais  chun an solas beag coinnle i bhfuinneog bhathlaigh tí an Scoláire i bhfad i bhfad uainn a bhaint amach.

Bhí ár gcroíthe ag preabarnaigh inár n-ucht agus an bheirt againn lenár n-aighte fidil agus lenár ngiuirléidí ceoil gan cheol ag tabhairt aghaidh ar an mbóthar fada, caol, ard, clochach agus an oíche titithe orainn.

Mise chun tosaigh agus eisean i mo dhiaidh aniar ag iarraidh coinneáil suas liom, ag eascainí os íseal faoina anáil ach an bheirt againn le chéile ró-cheanndána chun géilleadh don tuirse agus don bhfaitíos a raibh seilbh glactha acu ar ár gcorp agus ar ár n-aigne faoin tráth úd.

Fág freagra ar 'Gearrscéal nua – Buachaillí an Dreoilín…                                                   '