Gearrliostaí leabhar na bliana fógartha ag Oireachtas na Gaeilge

13 leabhar ar fad atá ar ghearrliostaí na bliana seo do Ghradam Uí Shúilleabháin agus Gradam Réics Carló

Gearrliostaí leabhar na bliana fógartha ag Oireachtas na Gaeilge

Tá gearrliostaí Ghradam Uí Shúilleabháin agus Ghradam Réics Carló, gradaim leabhar na bliana Oireachtas na Gaeilge, fógartha inniu.

Sé leabhar atá ar an ngearrliosta do Ghradam Uí Shúilleabháin, an gradam foilsitheoireachta do leabhar na bliana agus seacht gcinn atá ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló, an gradam do leabhar na bliana do dhaoine óga.

Tá dhá leabhar a d’fhoilsigh Cois Life, an comhlacht atá le dúnadh an bhliain seo chugainn,  ainmnithe do Ghradam Uí Shúilleabháin 2018: Oilithreach Pinn le Liam Ó Muirthile, cuntas ar a thuras ar an Camino Francés ón scríbhneoir iomráiteach a bhásaigh i mbliana, agus Súil Eile , leabhar faoi stair TG4 le heagarthóir an tsuímh seo,  Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Dhá leabhar chomh maith atá ar an ngearrliosta ag Cló Iar-Chonnacht, Nollaig Ó Gadhra: Cuimhní Cairde, cnuasach scéalta ó chairde agus ó ghaolta an iriseora agus údair in eagar ag Máirín Ní Ghadhra agus Dialann mo Mháthar, úrscéal ón scríbhneoir aitheanta as Maigh Cuilinn, Pádraic Breathnach.

Is iad na saothair eile ar an liosta,  Táin Bó Cuailnge ó Leabhar Breac, leagan nua Dharach Uí Scolaí den Táin, saothar a bhuaigh Duais Chuimhneacháin Aodáin Mhic Phóilin ag an Oireachtas anuraidh, agus Amhráin agus Dánta Raiftearaí ó Futa Fata, leagan athchóirithe ó Nollaig Ó Muraíle ar shaothar fhile mór Mhaigh Eo.

 

 

Seacht leabhar atá ar ghearrliosta Gradam Réics Carló do leabhar na bliana do dhaoine óga: Sárú le Anna Heussaff (Cló Iar-Chonnacht); Rita agus an Dragún le Máire Zepf (An tSnáthaid Mhór); Scéalta le hInsint don Ghealach le Caoimhe Nic Lochlainn (Cois Life); Bliain na nAmhrán  le Tadhg Mac Dhonnagáin (Futa Fata); Trumptaí Dumptaí agus an Falla Mór le Ré Ó Laighléis (Móinín) agus Criú Nua ar Bord le Patricia Forde (Futa Fata).

Rinne Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, comhghairdeas leis na foilsitheoirí uile atá ar ghearrliostaí na bliana seo.

“Tá gairmiúlacht, ardchaighdeán foilsitheoireachta agus paisean ag baint le gach aon leabhar atá ainmnithe agus tá ríméid orainn san Oireachtas an t-aitheantas cuí a thabhairt do na tithe foilsitheoireachta arís i mbliana.

“Ní raibh oiread rogha riamh ag léitheoirí na Gaeilge agus tréaslaím leis na foilsitheoirí an díograis a chaitear chun sár chaighdeán leabhair a fhoilsiú bliain i ndiaidh bliana,” a dúirt Stiúrthóir an Oireachtais.

Fógrófar buaiteoirí Ghradam Uí Shúilleabháin agus Ghradam Réics Carló, chomh maith le buaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2018 ag Oireachtas na Samhna ar an 31 Deireadh Fómhair 2018.

Bronnfar duais €5,000 ar fhoilsitheoir an leabhair a roghnófar do Ghradam Uí Shúilleabháin agus €2,500 ar údar an tsaothair. Bronnfar duais €5,000 ar fhoilsitheoir an leabhair a roghnófar do Ghradam Réics Carló, €1,250 ar údar an tsaothair agus €1,250 ar mhaisitheoir an tsaothair.

Fág freagra ar 'Gearrliostaí leabhar na bliana fógartha ag Oireachtas na Gaeilge'