Gearrchúrsa Cruinnis sa Ghaeilge

Tabhair leat do stóirín siar ó dheas go dtí an Buailtín i gcomhair dheireadh seachtaine lá 'le Vailintín agus déanaigí le chéile an comhrá ciúin.

imgres

An bhfuil gá agat le Gaeilge scríofa cruinn ceart? An bhfuil ceist agat faoi litriú, faoi chruinneas na Gaeilge nó faoi chúrsaí aistriúcháin? An bhfuil treoir uait maidir leis na hacmhainní atá ar fáil don té atá ag scríobh na Gaeilge? Má tá, tá an cúrsa cuí ann duit. Reáchtálafar Gearrchúrsa Cruinnis sa Ghaeilge in Oifigí Oidhreacht Chorca Dhuibhne, sa Lárionad Forbartha Teanga nua i mBaile an Fheirtéaraigh ar an 13ú-14ú Feabhra 2015. Costas: €105. Tuilleadh eolais ó Chaitríona ag eolas@cfcd.ie nó 066 9156100 nó is féidir clárú ag www.oidhreacht.ie