Gearóid Denvir ainmnithe ina uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge arís

Bhí Gearóid Denvir ina uachtarán cheana in 2020 ach toisc nár reáchtáladh féile mhór an Oireachtais an bhliain sin tá tréimhse eile á tabhairt dó i mbliana

Gearóid Denvir ainmnithe ina uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge arís

Tá sé fógartha go bhfuil an tOllamh Gearóid Denvir ceaptha mar Uachtarán an Oireachtais arís.

Bhí Denvir, iar-ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, ina uachtarán cheana in 2020 ach toisc nár reáchtáladh féile mhór an Oireachtais an bhliain sin de dheasca na paindéime, chinn Bord Stiúrtha an Oireachtais tréimhse eile mar uachtarán a thabhairt dó i mbliana.

“Fáiltímid le fonn roimh cheapachán an Dr Denvir mar Uachtarán ar an Oireachtas in 2023,” a dúirt Ceannasaí an Oireachtais, Máirín Nic Dhonnchadha. “Tá sáreolas aige ar an Oireachtas, ó théagar a chuid taighde, ó thoirt a chuid léinn agus ó chroíúlacht a pháirteachais i ngníomhaíochtaí Oireachtais le fada an lá. Is mór go deo againn é a bheith ar ais linn arís d’Oireachtas na Samhna 2023,” a dúirt sí.

Dúirt an tOllamh Denvir gur “pribhléid iontach” dó a bheith ar ais ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge “agus muid scaoilte saor ón bpaindéim”.

“Tá mé ag súil go mór leis an bhféile féin agus le cuairt a thabhairt ar phobail Ghaelacha agus Ghaeltachta na tíre.”

Beidh Gearóid Denvir ag dul i mbun a chéad chúraim ina cháil mar Uachtarán an Oireachtais 2023 an deireadh seachtaine seo nuair a reáchtálfar comórtas amhránaíochta ar an sean-nós do mhic léinn tríú leibhéal, Corn Chiaráin Uí Chon Cheanainn, in Ollscoil na Gaillimhe, Dé Sathairn, 11 Márta 2023.

Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas do Ghearóid Denvir ach tá cónaí air le fada i gCnoc na hAille, Indreabhán, i nGaeltacht Chonamara. Tá baint nach beag aige leis an Oireachtas ó d’fhreastail sé ar a chéad fhéile i 1967 agus rinne sé moltóireacht ar chomórtais éagsúla liteartha agus taibhealaíon de chuid an Oireachtais i rith na mblianta.

Rinne sé eagarthóireacht ar fhoilseachán de chuid an Oireachtais, Oidhreacht Sheáin Uí Riada, saothar a bhí bunaithe ar chainteanna a rinneadh ag siompóisiam cuimhneacháin ar an Riadach in 2021, 50 bliain tar éis a bháis. In 2022, nuair a bhí an tOireachtas ag comóradh 125 bliain a bhunaithe is é an Dr Denvir a thug ceann de na príomhléachtaí comórtha, An tOireachtas & Nuascríbhneoireacht na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Gearóid Denvir ainmnithe ina uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge arís'