Tá “géarchéim” i scoileanna lán-Ghaeilge na tíre mar gheall ar a laghad múinteoirí atá ar fáil do phoist ionadaíochta agus lán-aimseartha, dar leis an bhForas Pátrúnachta, an pátrún is mó ar scoileanna lánGhaeilge in Éirinn.
Tá éileamh déanta ag an eagraíocht go ndéanfaí “rud éigin” láithreach le dul i ngleic leis an bhfadhb.
Maíonn an Foras Pátrúnachta go bhfuil ganntanas mór múinteoirí in Éirinn anois mar gheall ar an líon ard múinteoirí óga a théann ar imirce agus iad ag obair sa Mheán-Oirthear, áit ar féidir leo suas le €5,500 sa mhí a thuilleamh saor ó cháin. Maíonn an eagraíocht freisin go bhfuil go leor múinteoirí ag glacadh sos gairme faoi láthair.
Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí an Fhorais, go bhfuil brú ar Ghaelscoileanna na hÉireann mar gheall ar an nganntanas múinteoirí agus gurb iad na daltaí scoile atá thíos leis an ngéarchéim ar an deireadh thiar thall.
“Is géarchéim atá ann agus caithfear rud éigin a dhéanamh faoi agus tá muide ag breathnú ar roinnt bealaí chun é sin a dhéanamh faoi láthair,” a dúirt sé.
Mhol Ó hEaghra iarrachtaí an Aire Oideachais, Richard Bruton, an brú sin a laghdú “trí shrianta oibre atá ar mhúinteoirí atá ag éirí as a mhaolú agus na srianta fostaíochta atá ar mhúinteoirí ar shos gairme a ardú”.
Dúirt sé freisin, áfach, go gcaithfidh an Rialtas “a n-aird a tharraingt ar cheist an chomhionannais pá” agus aitheantas a thabhairt “d’obair luachmhar mhúinteoirí na hÉireann” nuair a bhíonn siad in Éirinn.
Dúirt príomhoide Gaelscoile i lár na tíre gur “geall le tromluí” an easpa múinteoirí i mbliana.
“Tá mé maraithe tuirseach dá bharr, ach tá trua agam do na páistí atá ag iarraidh cur suas leis an oiread sin múinteoirí ionadaíochta difriúla, go háirithe na páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu mar gurb iad a múinteoir siúd go minic a líonann an bhearna agus ansin bíonn siadsan fágtha gan a múinteoir féin,” a dúirt Póla Ní Chinnsealaigh ó Ghaelscoil Éadan Doire.
Dúirt Póla Ní Chinnsealaigh go bhfuil sé deacair múinteoirí ionadaíochta a earcú le tamall de bhlianta anuas ach gur ghéaraigh an fhadhb i mbliana. Bhí dhá phost lánaimseartha ar fáil ina scoil ó mhí Mheán Fómhair ach níor chuir duine ar bith isteach ar na poist sin an chéad cheithre seachtaine.
“Thóg sé dhá mhí go leith orainn an dá phost a líonadh, agus tá muid thar a bheith sásta go bhfuil siad líonta anois againn ach i rith an ama sin bhí brú mór millteach orainn. Bhí orm féin seasamh isteach go minic agus mar phríomhoide teagaisc a bhfuil mo fhreagrachtaí féin teagaisc orm bhí sé sin thar a bheith deacair.
“Ní chuirim milleán ar na múinteoirí óga atá ag dul go Abu Dhabi nó Dubai chun níos mó airgid a thuilleamh dóibh féin, ach caithfidh muid tosú agus cuid acu a thabhairt ar ais. Caithfidh muid rud éigin a dhéanamh mar ní raibh sé chomh dona seo riamh cheana,” a dúirt sí.
An mhí seo caite, chuir an príomhoide meánscoile aitheanta Colm O’Rourke i leith na Roinne Oideachais nach raibh aon phlean acu dul i ngleic le ganntanas múinteoirí Gaeilge ag an dara leibhéal.
Agus é faoi agallamh le Tuairisc.ie, dúirt an t-iarpheileadóir atá ina phríomhoide ar Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig san Uaimh go bhfuil géarchéim ann maidir le soláthar múinteoirí Gaeilge.
“Níl aon mhúinteoirí Gaeilge ann. Is amhlaidh an scéal i ngach scoil, de réir cosúlachta, agus sin an scéal a bhíonn ar bhéal gach príomhoide nuair a chasaim leo ag cruinnithe. Ní féidir leo teacht ar mhúinteoirí ionaid don Ghaeilge, ar mhúinteoirí lánaimseartha Gaeilge. Níl duine ar bith ann le Gaeilge a mhúineadh.
“Tá fógra déanta trí uaire agam cheana féin don fholúntas i mo scoil féin agus ní bhfuair mé oiread is freagra amháin ar na fógraí sin. Is léir nach bhfuil na múinteoirí ann,” a dúirt O’Rourke ag an am.
Mánus
Ní jab profisiúnta a thuilleadh an mhúinteoireacht ag an dara leibhéal in Éirinn toisc go gcaitfidh múinteoirí bheith sásta le poist páirtaimseartha ar feadh blianta ar pháigh íseal. Ar nós na banaltraí is é an plean anois atá ag múinteoirí òga ná imeacht leo go tíortha ina bhfuil coinníolacha agus páigh profisiúnta. Beidh sé deacair suim i bpost mar mhúinteoir Ghaeilge a mhúscailt agus an bhéim a bhí ar an teanga labhartha sa Teastas Sóisearach caite san aer ag an Roinn Oideachas.