
Tá gearán oifigiúil déanta ag Éamon Ó Cuív TD (FF) leis an gCeann Comhairle Seán Barret faoi fhreagra a thug an tAire Oideachais Jan O’Sullivan ar cheist a chuir sé sa Dáil an tseachtain seo caite.
D’fhiafraigh an Teachta Ó Cuív den Aire O’Sullivan cé acu an raibh nó nach raibh sé i gceist ag an Roinn Oideachais na hacmhainní oideachais atá á gcur le chéile do chomóradh 1916 a chur ar fáil i nGaeilge.
“An mbeidh [na hacmhainní] iomlán dátheangach agus an méid céanna sa chló agus an stíl chéanna sna leaganacha Gaeilge agus Béarla araon; an mbeidh leagan Gaeilge ar leith agus leagan Béarla ar leith ar fáil nó an mbeidh siad ar fáil le chéile; agus an mbainfidh an cur chuige céanna le tionscadail eile atá beartaithe do 2016?” a d’fhiafraigh Ó Cuív den Aire Oideachais.
Dúirt an tAire O’Sullivan, mar fhreagra ar an gceist thuas, nach bhfuil an clár gníomhaíochtaí curtha le chéile ag a Roinn do chomóradh 1916.
“‘Éire 2016’ an clár oifigiúil Stáit a bheidh ann ar imeachtaí mar chomóradh ar 1916. Tá clár cuimsitheach gníomhaíochtaí á fhorbairt ag mo Roinn mar chomhartha aitheantais ar ionchur na hearnála oideachais chuig ‘Éire 2016’.
“Tá mionsonraí an chláir seo á gcur i gcrích faoi láthair. Tá sé i gceist go bhfógróidh an Rialtas sonraí an chláir iomlán ‘Éire 2016’, lena n-áirítear comhpháirt na hearnála oideachais, i dtreo dheireadh na míosa seo chugainn,” a dúirt an tAire.
Dúirt an Teachta Ó Cuív, ní hamháin nach raibh sé sásta leis an bhfreagra a chuir an tAire Oideachais ar fáil dó, ach go raibh gearán déanta aige leis an gCeann Comhairle toisc nár freagraíodh na ceisteanna sonracha a bhí aige.
“Tá mé tar éis ceist a thógáil leis an gceann comhairle mar nár fhreagair siad an cheist. Is féidir leis breithniúnas a thabhairt go bhfuil an ceart agam nár fhreagair siad na ceisteanna sonracha a chuir mé orthu.
“Bheadh siad in ann éalú ón gceist, ag rá nach bhfuil aon chinneadh déanta againn faoi seo agus araile mar fhreagra. Ní freagra sásúil é ach is freagra é. Mo léamh ar an gceist ná níor fhreagair siad mé. Bhí siad an-seachantach faoi. Is dóigh liom go ndéarfaidh an Ceann Comhairle ‘freagair an cheist’,” a dúirt Ó Cuív le Tuairisc.ie.
Níor fhreagair an Roinn Oideachais na ceisteanna a chuir Tuairisc.ie orthu ar an ábhar seo go fóill.
Fág freagra ar 'Gearán déanta ag Ó Cuív leis an gCeann Comhairle faoi fhreagra Aire maidir le 2016'