Geansaithe oráiste is léinte pinc

FRIOTAL: Scéal casta is ea scéal na ndathanna i nGaeilge, a deir ár gcolúnaí. Agus maidir le ‘an tOrd Buí’ agus ‘an tOrd Oráisteach’, más peaca a bheith buí, tá na mílte damanta.

07149644.interactive.a

Chím go bhfuil focloir.ie i ndiaidh cead isteach a thabhairt don aidiacht ‘oráiste’ chun trácht ar dhath ruda. ‘Flannbhuí’ nó ‘buí’ a bhí molta sna foclóirí go dtí seo agus bhí lucht cosanta na glan-Ghaeilge an-teann faoin méid sin, in ainneoin ‘flannbhuí’ a bheith ina fhocal annamh go leor taobh amuigh d’fhoilseacháin Rialtais i dtaobh Bhratach na dTrí Dhath.

Bheadh trua agat do scríbhneoirí bochta arbh éigean dóibh cur síos ar ‘oráiste’ (an toradh) gan cead acu a dhath dílis féin a lua leis. Cuardaigh ‘oráiste’ in ‘An Foclóir Beag’ agus gheobhaidh tú an sainmhíniú seo: ‘toradh súmhar milis agus craiceann buí air.’ ‘Chím,’ arsa an dall.

Ach d’imigh sin is tháinig seo agus féadann peileadóirí Ard Mhacha maíomh as an bhród a bhíonn orthu as ‘an gheansaí oráiste’ a tharraingt orthu féin – agus sin gan aird na bpóilíní teanga a tharraingt orthu féin. Agus an té nach dtaitníonn ‘oráiste’ leis, a chead aige bheith ag flannbhuíocht leis ar a dhícheall nó, de ghrá an réitigh, ‘geansaí ar dhath an oráiste’ a rá. Maidir le ‘an tOrd Buí’ agus ‘an tOrd Oráisteach’, ní mholaim is ní cháinim ceachtar acu seachas a chéile – más peaca a bheith buí, tá na mílte damanta.

Ní raibh mé i bhfad ag tarraingt ar Ghaeltacht Thír Chonaill nó gur thuig mé go bhfuil an focal ‘bándearg’ éirithe chomh tearc le huisce coisricthe i Lóiste Oráisteach. ‘Pink’ a deir daoine, ach cad é mar is féidir ár gcuid féin a dhéanamh dá leithéid d’fhocal iasachta? ‘Pinc’ atá tugtha in FGB agus is suimiúil nach bhfuil breischéim ná iolra luaite leis. Níl aon duine beo a déarfadh go bhfuil roinnt léinte pince aige ná go bhfuil cuid acu níos pince ná a chéile. ‘Léinte pinc,’ mar sin.

‘Ceartú’ a dhéantar go minic ar scríbhinní Gaeilge ná ‘duine dubh’ a scriosadh agus ‘duine gorm’ a chur ina áit. Má iarrann tú míniú air sin, is dócha go ndéarfar leat gurb ionann ‘daoine dubha’ agus daoine a bhfuil dath dubh ar a gcuid gruaige. Nó seans go míneofar duit gurb ionann ‘an Fear Dubh’ agus an Diabhal. Bíonn an cheist seo á plé go síoraí i measc foghlaimeoirí Gaeilge sna fóraim ar líne.

Le fírinne, níl rian den débhríocht ná den dímheas in abairt mar ‘Níor shíl mé riamh go mbeadh fear dubh ina Uachtarán ar Mheiriceá.’ Taitníonn ‘duine gorm’ le daoine díreach mar gheall ar é a bheith difriúil leis an Bhéarla. Fágann sin níos gaelaí é, nach bhfágann?

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

 

Fág freagra ar 'Geansaithe oráiste is léinte pinc'

  • Cathal

    I thinc go bhfuil pointí iontach maith á ndéanamh agat ansin, a Antain.

    Bíodh geall fosta go mbeadh Flann(bhuí?) O’Brien ag teacht le do thuairimí, nó nárbh é a thrácht ar an mblue man as an Afraic?

    Mar fhocal scoir, nach saoithiúil gurb ionann ‘flann’ agus ‘fuil’, leann a bhfuil nós aici bheith dearg de ghnáth.

    Ar ndóigh, tá an corrchladhaire ann agus ní chuirfeadh sé lá iontais ort fuil bhuí a fheiceáil dá ngearrfaí iad.

    Agus fuil fhlannbhuí? Nárbh í an lúcháir a bheadh ar chroíthe chuid de phobal an oileáin seo dá n-inseodh lia leo gur sin dath na fola a bhí ag sní fríd a gcuid cuislí?

    Ar scor ar bith, is mithid dom imeacht, tá pionta leann gorm ag fanacht liom. An mbeadh blas níos Gaelaí áfach ar phionta leanna goirm?

  • Eoin P.

    Tá an-dealramh leis an hargóintí seo ach i bhfírinne ghlac an pobal go fonnmhar le ‘oráiste’ i bhfad siar. Ní fheicim anois ach corrchancrán á chásamh. B’fhearr dul le bándearg dar liom agus is maith liom a chlos go bhfuil ‘fear dubh’ inghlactha. Fíor duit gan aon amhras go meastar go rímhinic nach Gaeilge ach an rud atá bunoscionn leis an mBéarla. Alt iontach!