GEAMAIREACHT
Geamaireacht na Nollag ag tosú anocht sa Taibhdhearc
Cuirfear tús tráthnóna Dé hAoine, 6 Nollaig le geamaireacht na Nollag sa Taibhdhearc i nGaillimh, Fionn sa Spás, agus beidh sé ar stáitse go dtí an Satharn, 21 Nollaig.
Bhí a fhios againn riamh go raibh go leor taistil déanta ar fud na tíre ag laoch na nGael, Fionn Mac Cumhaill. Ach ní raibh a fhios againn gur éirigh leis dul chomh fada leis an Spás, go dtí anois.
Scríofa agus á stiúradh ag Séamus Hughes, tugann an leagan is deireanaí seo de scéal Fhionn Mac Cumhaill ón stair go dtí an Spás muid. Ní mór d’Fhionn agus a chara cléibh, an draoi Bódhmhall, an pláinéad a shábháil in am don Nollaig. Ach an mbeidh siad in ann é a dhéanamh? Beidh le feiceáil ar stáitse na Taibhdheirce.
Tá roinnt ticéad fós ar fáil: https://www.antaibhdhearc.com/events/fionnsaspas
CAINT AGUS CEOL
Ciorcal comhrá na Nollag i Lios Tuathail
Beidh Ciorcal Comhrá na Nollag i Lios Tuathail ar siúl maidin inniu, Dé hAoine 6 Nollag ag 11 r.n. Tagann an ciorcal le chéile ar an gcéad Aoine den mhí gach mí. Is iad Gabriel Fitzmaurice agus Áine Ní Chuaig áisitheoirí na n-ócáidí seo agus tugann siad cuireadh d’aíonna speisialta a bheith ina dteannta. An mhí seo is iad Breanndán Ó Beaglaoich agus Aodán Mac Gearailt a bheidh sa gcomhluadar agus neart ceoil agus damhsa geallta, chomh maith le caint agus comhrá agus cupán tae. Níl aon táille ar an ócáid agus tá fáilte roimh chách go hAmharclann Naomh Eoin i Lios Tuathail. Éist le Breanndán ag gabháil fhoinn ar Trad TG4 anseo.
IRIS
Eagrán speisialta 100 Bliain An tUltach ar fáil
Seoladh eagrán speisialta Eagrán 100 Bliain An tUltach i nGaeláras Mhic Ardghail ar an Iúr i rith na seachtaine. Chuir meitheal scríbhneoirí agus eagarthóirí míonna oibre isteach ar bhonn deonach chun an t-eagrán seo a chur i dtoll a chéile agus iad ag ceiliúradh 100 bliain den iris chlúiteach. Bhí an-oíche ann agus cuireadh taispeántas sleamhnán ar siúl ina dhiaidh bunaithe ar ghrianghraif Pheadair Uí Dhubhda.
Tá sé i gceist ag an ngrúpa roinnt seoltaí eile a chur ar bun go luath ag ionaid éagsúla, coinnigh súil amach dóibh ag Éigse Cholmcille, Fleadh Feirste agus Muineachán le Gaeilge.
Beidh an iris ar fáil le ceannacht ón deireadh seachtaine seo ar aghaidh ó shiopa leabhar An Ceathrú Póilí i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich agus i Siopa An Carn. £15 an ceann atá ar an eagrán speisialta agus tá súil ag Comhaltas Uladh Chonradh na Gaeilge é a chur ar fáil i siopaí leabhar eile go luath.
LEABHAIR
Riastáil le Liam Ó Néill á sheoladh i mBaile Átha Cliath
Beidh seoladh Bhaile Átha Cliath den leabhar nua Riastáil leis an ealaíontóir Duibhneach Liam Ó Néill ar bun an tseachtain seo chugainn. Seolfar an leabhar, atá foilsithe ag Dingle Publishing, ag ócáid i The Oriel Gallery ar an Déardaoin, 12 Nollaig ag 6 i.n.
Tá cló teoranta den leabhar ar fáil mar aon le heagrán speisialta bailitheora ina bhfuil saothar ealaíne lámhdhéanta ag Ó Néill go speisialta do gach ceann acu. Is féidir an leabhar a cheannacht ar an oíche san Oriel Gallery agus tá sé ar fáil freisin ó shiopa leabhar an Daingin.
Is é seo an chéad leabhar ina bhfuil saothar ealaíne agus focal scríofa leis an ealaíontóir araon ann agus é á fhoilsiú mar cheiliúradh ar a 70ú breithlá.
Léigh an t-agallamh le Tuairisc anseo.
Leabhar nua le Darach Ó Scolaí agus Colm Ó Ceallacháin seolta
Seachtain seoltaí a bhí ann an tseachtain seo agus dhá leabhar nua seolta ag Leabhar Breac. Seoladh an leabhar nua Bódléar le Darach Ó Scolaí i dTigh Mholly ar an Lochán Beag in Indreabhán i rith na seachtaine. Is é Dónall Ó Braonáin a sheol an t-úrscéal atá suite sa 19ú haois.
Pléann an scéal leis an athrú a bhí ag teacht ar shaol agus ar chultúr na tuaithe ar fud na hEorpa san 19ú haois. Ceiliúradh freisin é ar dhomhan na bhfilí Muimhneacha agus ar an ngaol speisialta a bhí ag muintir na hÉireann leis an bhFrainc.
Bhí Leabhar Breac i gCorcaigh an tseachtain seo chomh maith áit ar sheol an scríbhneoir Micheál Ó Ruairc an t-úrscéal Fiche le Colm Ó Ceallacháin i Leabharlann na Cathrach, Sráid an Chapaill Bhuí sa gcathair.
Tosaíonn scéal an leabhair i samhradh na bliana 1969 le triúr ógánach a thugtar le chéile ar thránna iarthar Chorcaí. Athraítear saol an triúir ó bhonn nuair a thagann an ceathrú duine ina measc, garmhac an Ghinearáil.
Scéal é atá suite i ndomhan atá comhthreomhar ach an-chosúil le saol na linne seo.
Tá an dhá leabhar ar fáil ar shuíomh idirlín Leabhar Breac ,áit a bhfuil sladmhargadh na Nollag ar bun faoi láthair.
An Ghluaiseacht – Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta seolta ar an gCeathrú Rua
Seoladh an leabhar An Ghluaiseacht – Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta le Rónán Mac Con Iomaire ag ócáid i Réalt na Maidne ar an gCeathrú Rua i gConamara i rith na seachtaine. Is é Breandán Feiritéar a sheol an leabhar ag an ócáid sin. I 1969, tháinig dream óg le chéile i gConamara chun tabhairt faoi fheachtas a d’athródh todhchaí na Gaeltachta.
Iad spreagtha ag agóidí a bhí ag tarlú ar fud na cruinne, bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta le seasamh in aghaidh an feall a bhí á dhéanamh ar phobal a bhí imeallaithe agus ar a dteanga. Tugann an leabhar an scéal le chéile den chéad uair faoin nglúin radacach a sheas an fód ar son chearta mhuintir na Gaeltachta, agus an feachtas gearr, corraitheach a chur siad ar bun.
Tá an leabhar ar fáil ó Chló Iar-Chonnacht, áit a bhfuil sladmhargadh na Nollag ar bun faoi láthair, agus ó dhíoltóirí eile.
Sáinnithe: Scéal Íobartaigh le Peadar Ó Máille á sheoladh
Beidh an leabhar nua neamhfhicsin Sáinnithe: Scéal Íobartaigh le Peadar Ó Máille á sheoladh ag Norita Ní Chartúir ag ócáid i dTigh Mholly, an Lochán Beag, Indreabhán ar an Satharn, 7 Nollaig ag 7:00 i.n. Naoi mbliana d’aois a bhí an t-údar nuair a rinne duine den chléir ionsaí gnéis air agus é ar scoil, i dtús na seascaidí. Sa leabhar seo, tugann sé cuntas corraitheach ar na drochghníomhartha sin, agus cíorann sé an lorg agus an bhail a d’fhág na heachtraí sin air. Tugann an scrúdú a dhéanann sé ar a scéal pearsanta féin é ar aistear, mar a rianaíonn sé an cúlra staire, socheolaíoch agus reiligiúnach a d’fhág nach éan cuideáin é i measc íobartaigh iomadúla na tréimhse sin in Éirinn.
FILÍOCHT
Comórtas filíochta Gaeilge seolta ag Acadamh Ríoga na hÉireann
Tá comórtas filíochta nua d’fhilí Gaeilge, ‘Crann Beo na Gaeilge’, seolta ag Acadamh Ríoga na hÉireann (RIA). Seoladh an comórtas ag deireadh na comhdhála dhátheangaí ‘An Chailleach: hag, healer, holy woman?’ a cuireadh ar bun ar an Déardaoin i gcomhar le Coiste Léann na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh de chuid an Acadaimh le tacaíocht ó scéim Miondeontas Cholmcille agus Foras na Gaeilge. Is mar cheiliúradh ar ról na Gaeilge in oidhreacht an RIA atá an comórtas seo á bhunú agus fáilte á cur roimh iarratais i nGaeilge, dánta idir 20 agus 30 líne, ar théama leathan na hinbhuanaitheachta.
Sna treoirlínte don chomórtas deirtear gur chóir go léireodh iontrálacha leanúnachas, doimhneacht agus áilleacht thraidisiún filíochta na Gaeilge i gcruth comhaimseartha. Taispeánfar an dán buacach go poiblí in Acadamh Ríoga na hÉireann mar chuid de thriptic in éineacht le línte ó ‘Fáilte don Éan’ le Séamas Dall Mac Cuarta agus sliocht as ‘Buile Shuibhne’, dhá shaothar atá ina míreanna tábhachtacha de chartlann lámhscríbhinní an RIA.
Tá cead ag iontrálaithe níos mó ná dán amháin a chur faoi bhráid na moltóirí ach ní roghnófar ach buaiteoir amháin. Bronnfar duais €1500 ar an mbuaiteoir agus glacfar le hiarratais suas go dtí an 1 Aibreán, 2025. Tuilleadh eolais ar shuíomh idirlín an RIA.
Fág freagra ar 'Geamaireacht na Nollag sa Taibhdhearc, seoltaí leabhar agus comórtas filíochta ag Acadamh Ríoga na hÉireann'