Gealltanas an Taoisigh – ‘Táimid dáiríre faoin bpolasaí oideachais nua don Ghaeltacht agus cuirfear na hacmhainní ar fáil’

‘Má táimid dáiríre faoi seo ní foláir dúinn dul i ngleic leis ar bhealach dáiríre,’ a deir Enda Kenny agus eolas tugtha aige faoi ‘Beartais Oideachais Gaeltachta 2017-2022’

Gealltanas an Taoisigh – ‘Táimid dáiríre faoin bpolasaí oideachais nua don Ghaeltacht agus cuirfear na hacmhainní ar fáil’

Léireoidh na hacmhainní a chuirfear ar fáil don pholasaí oideachais nua don Ghaeltacht go bhfuil an Stát “dáiríre faoi theagasc na Gaeilge”, a deir an Taoiseach Enda Kenny.

Thug an Taoiseach le fios  inné go bhfuil sé i gceist ag a Rialtas go gcuirfí i bhfeidhm an polasaí oideachais nua don Ghaeltacht, Beartais Oideachais Gaeltachta 2017-2022.

Dheimhnigh an Taoiseach gur pléadh na moltaí oideachais ag cruinniú de Choiste Rialtais don Ghaeilge, coiste a bhfuil an Taoiseach féin ina Chathaoirleach air.

“Má táimid dáiríre faoi seo ní foláir dúinn dul i ngleic leis ar bhealach dáiríre,” a dúirt Kenny sa Dáil inné.

Dúirt An Taoiseach go gcuirfear “próiseas nua ar fad” i bhfeidhm” sa Ghaeltacht agus go mbeidh deis ag scoileanna clárú chun aitheantas a fháil mar scoileanna ‘Gaeltachta’.

Mhúinfí gach ábhar trí Ghaeilge sna scoileanna sin agus chuirfí an tumoideachas i bhfeidhm iontu, a dúirt sé.

“The facilities that will be provided as a consequence will demonstrate that the State is serious about the teaching of the language,” a dúirt sé.

Dúirt sé chomh maith go raibh gá le díospóireacht “níos leithne” faoi theagasc na Gaeilge.

“We need to discuss this issue here and in a broader context around the country. There are many schools in Gaeltacht areas where there has been a decline in the language because of the population change or whatever else.

“At the same time, there is great flúirseacht in Gaelscoileanna in cities and urban areas where the language is being spoken in great quantities. We need to deal with that,” a dúirt sé.

Tabharfaidh caint an Taoisigh ugach dóibh siúd atá ag éileamh le fada go mbeadh cur chuige ar leith ó thaobh an oideachais sa Ghaeltacht. Cuirfear fáilte go háirithe roimh a gheallúint faoi acmhainní agus lucht an ghaeloideachais buartha faoin scéal nach raibh aon phingin curtha ar leataobh sa Bhuiséad chun tús a chur an bhliain seo chugainn leis an bpolasaí oideachais nua don Ghaeltacht atá le foilsiú roimh dheireadh na bliana seo.

Rinne an Roinn Oideachais costasú ar chur i bhfeidhm an pholasaí nua agus meastar go mbeadh costas idir €2 milliún agus €3 milliún in aghaidh na bliana air dá gcuirfí i bhfeidhm na moltaí ar fad atá ann. Ní fios go fóill, áfach, cad iad na moltaí a nglacfar nó nach nglacfar leo sa pholasaí féin.

I mBealtaine 2015 a foilsíodh na moltaí don pholasaí nua Gaeltachta, agus ba i nDeireadh Fómhair na bliana seo caite a bhí an cruinniú deireanach sa phróiseas comhairliúcháin a lean foilsiú na moltaí sin.

Cuireadh fáilte roimh na moltaí don pholasaí nuair a foilsíodh anuraidh iad toisc gur measadh go dtugann siad aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail.