Geallta ag Rishi Sunak go dtógfadh sé ‘seasamh an-daingean’ i leith Phrótacal an Tuaiscirt

Is é Sunak rogha láidir na coitiantachta chun teacht i gcomharbacht ar Liz Truss mar phríomh-aire agus tacaíocht os cionn leath d’fheisirí parlaiminte aige

Geallta ag Rishi Sunak go dtógfadh sé ‘seasamh an-daingean’ i leith Phrótacal an Tuaiscirt

Tá geallta ag Rishi Sunak go dtógfadh sé “seasamh an-daingean” i leith Phrótacal Thuaisceart Éireann dá n-ainmneofaí ina phríomh-aire é, a deir an European Research Group.

Dúirt an ERG, grúpa na mBreatimeachtóirí is neamhghéilliúla sna Tóraithe, gur shocraigh siad gan a mbeannacht a thabhairt do Sunak ná do Penny Mordaunt sa rás don phríomh-aireacht.

Bhí an grúpa sásta, a dúradh, le diongbháilteacht na beirte maidir le ceist an Phrótacail.

Is é Sunak rogha láidir na coitiantachta chun teacht i gcomharbacht ar Liz Truss mar phríomh-aire agus tacaíocht os cionn leath na bhfeisirí parlaiminte aige.

Deir Penny Mordaunt go bhfuil os cionn 90 feisire ag tacú léi féin ach níos lú ná 30 feisire a chuir a dtacaíocht in iúl go poiblí di go dtí seo. Tá gá le tacaíocht 100 feisire chun dul san iomaíocht don cheannaireacht agus 2pm inniu an sprioc d’iomaitheoirí.

Dúirt cathaoirleach an ERG, Mark Francois, gur labhair an grúpa le Sunak agus Mordaunt ar maidin agus go raibh an bheirt acu “chomh diongbháilte céanna” go nglacfadh siad “seasamh an-daingean” i leith an Phrótacail dá bhfaighidís post an phríomh-aire.

Dúirt Mark Francois gur thug Sunak agus Mordaunt le fios go mbeidís sásta dá mba ghá leas a bhaint as Acht Parlaiminte chun a chinntiú go dtabharfaí isteach bille phrótacal Thuaisceart Éireann.

Chuirfeadh an bille sin ar ceal, go leor de phrótacal an Tuaiscirt.

Nuair a d’fhoilsigh Liz Truss an bille sin chuir polaiteoirí sinsearacha ar fud na hEorpa i leith Rialtas na Breataine go raibh neamhaird á déanamh acu ar an dlí idirnáisiúnta fad is a bhaineann sé leis an bprótacal a tugadh isteach chun teorainn chrua a sheachaint in Éirinn.

Is é Rishi Sunak rogha láidir na coitiantachta le bheith mar an chéad phríomh-aire eile ar an mBreatain i ndiaidh do Boris Johnson éirí as an rás aréir.

Mhaígh Boris Johnson aréir go raibh tacaíocht 102 feisire parlaiminte aige, beirt níos mó ná mar a theastódh le dul san iomaíocht chun teacht i gcomharbacht ar Liz Truss.

Bheadh Rishi Sunak, a tháinig sa dara háit i ndiaidh Liz Truss sa toghchán ceannaireachta deireanach a bhí ag na Tóraithe, ar an gcéad duine nach den chine geal é a bheadh ina phríomh-aire ar an mBreatain.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Keir Starmer arís aréir gur chóir olltoghchán a bheith ann mar gheall “ar an bpraiseach” a bhí déanta ag na Tóraithe den tír.

“Tá na Tóraithe ar tí eochracha na tíre a thabhairt do Rishi Sunak agus gan oiread agus focal amháin ráite aige faoi cad a dhéanfadh sé dá mbeadh sé á rialú.

“Níor vótáil aon duine dó seo. B’fhéidir nach aon iontas é go bhfuil sé ag iarraidh scrúdú a sheachaint. Tar éis an tsaoil, bhí sé chomh holc gur stánáil Liz Truss é roinnt seachtainí ó shin,” arsa Starmer.

Fág freagra ar 'Geallta ag Rishi Sunak go dtógfadh sé ‘seasamh an-daingean’ i leith Phrótacal an Tuaiscirt'