An mbeidh ionadaí aontachtach ar bith ag an ‘gcathair aontachtach’ sa Pharlaimint in Westminster i ndiaidh an toghcháin Déardaoin seo chugainn? Ó 2019 bhí suíochán amháin as na 4 cinn ag an DUP, péire ag Sinn Féin agus ceann ag an SDLP. Géarchéim eiseach don DUP a bheadh ann dá dteipfeadh ar a gceannaire greim a choinneáil ar Bhéal Feirste Thoir áit a bhfuil sé faoi dhianbhrú.
Béal Feirste Thoir
Tá an iomaíocht idir Gavin Robinson DUP agus Naomi Long ceannaire Pháirtí na Comhguaillíochta seanbhunaithe. Fuair Robinson an ceann is fearr uirthi in 2015, 2017 agus 2019 ach bhí sí ina feisire ó 2010 go 2015 tar éis an suíochán a bhaint de cheannaire an DUP ag an am, Peter Robinson.
An ndéanfaidh sí an cleas céanna in aghaidh cheannaire an lae inniu a fuair ardú céime gan choinne nuair a b’éigean dá réamhtheachtaí Jeffrey Donaldson éirí as? Cúisíodh Donaldson as cionta gnéis stairiúla, éigniú ina measc.
Mar bharr ar an gcroitheadh atá bainte ag scannal Donaldson as an bpáirtí agus an pobal, tá an DUP faoi ionsaí ag an TUV a chuireann feall agus mí-ionracas ina leith i dtaca leis an socrú iarBhreatimeachta. Chuir an DUP deireadh lena mbaghcat ar Stormont ag rá go raibh an teorainn i Muir Éireann cealaithe; ní raibh. Nuair a tháinig Gavin Robinson i gceannas dúirt sé nach raibh an aidhm sin bainte amach fós ach go raibh dul chun cinn déanta. Tá roinnt vótóirí ar buile leo, a thuilleadh ag rá nach léir cá seasann an páirtí.
1,800 d’fharasbarr a bhí ag Gavin Robinson ar Naomi Long in 2019. Ní raibh ach iarrthóir amháin eile sa rás an t-am sin, Carl McClean an UUP a fuair 2,516 vóta; bhí 20,874 ag Robinson agus 19,055 ag Long. Tá Ryan Warren ag seasamh don UUP. Ní raibh an TUV san iomaíocht in 2019 ach beidh a n-iarrthóir John Ross ag iarraidh cur leis an 3,000 vóta a bhí aige i dtoghchán an Tionóil in 2022. Contúirt é sin do cheannaire an DUP mar a chonacthas i dtoghchán Westminster in 2010. B’in an uair dheiridh ar sheas an TUV ansin do Westminster: ghnóthaigh Naomi Long an suíochán d’Alliance le farasbarr 1,533 vóta; bhí 1,856 vóta ag TUV.
Cúig bliana ó shin thug na páirtithe frithBhreatimeachta rith aonair do Long. Bhí tacaíocht aici ó Shinn Féin, SDLP agus Comhaontas Glas. An t-am seo sheas Sinn Féin i leataobh ar mhaithe léi ach tá an Comhairleoir Séamas de Faoite, SDLP agus Brian Smyth, Comhaontas Glas ag seasamh. Níl na mílte vóta i gceist ach nuair atá an bhearna an-chúng d’fhéadfadh tionchar cinniúnach a bheith ag cinneadh a lucht tacaíochta siúd – seasamh lena bpáirtí nó vótáil go teaicticiúil ar shon Long arís.
Béal Feirste Thuaidh
Ba é scéal mór an toghcháin é cúig bliana ó shin nuair a bhain John Finucane, Sinn Féin an suíochán ó Nigel Dodds, leascheannaire an DUP. Tá Dodds imithe chuig Teach na dTiarnaí in Westminster agus sé an Teachta Tionóil Phillip Brett iarrthóir an DUP, ag súil leis an taoide a chasadh agus an suíochán a fháil ar ais. Tá Sinn Féin ar a mbionda ag iarraidh é a choinneáil.
1,943 vóta d’fharasbarr a bhí ag Finucane ar Dodds tráth ar sheas an SDLP agus Comhaontas Glas i leataobh chun tacú leis mar chuid den bhfeachtas in aghaidh an Bhreatimeachta agus ról Dodds ann. Bhí 23,000 vóta ag Finucane agus beagán le cois 21,000 ag Dodds. Ba í Nuala McAllister, Páirtí na Comhghuaillíochta an t-aon iarrthóir eile; fuair sise 4,800 vóta.
Tá seachtar ag seasamh, gan aon mhargadh réamhvótála déanta. Bhí 2,600 vóta ag an UUP i dtoghchán an Tionóil in 2022 ach theip ar an bpáirtí duine a aimsiú sa cheantar a sheasfadh san toghchán seo; d’uireasa iarrthóra mhol ceannaire an UUP, Doug Beattie d’aontachtaithe vótáil do Phillip Brett. Tá iarrthóir ag an TUV áfach, David Clarke a tugadh isteach as Aontroim Thoir; chaith sé tamall mar chomhairleoir comhthofa de chuid an DUP ach d’fhág sé an páirtí i mí Eanáir ag cur bulaíocht ina leith agus chuaigh sé san TUV i mí an Mhárta. Fearacht formhór na n-iarrthóirí ón TUV níl aon choinne aige le suíochán, agóid in aghaidh an DUP agus an prótacal/creat Windsor atá ar siúl.
Tá Nuala McAllister, Teachta Tionóil ó Pháirtí na Comghuaillíochta, san iomaíocht arís ach tá sí i bhfad ar gcúl ar Shinn Féin agus an DUP. Tá Mal O’Hara, ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Seanadóir nua-cheaptha i dTeach Laighean, ag seasamh; bhí thart ar 1,500 vóta aige in 2022. Sí Fiona Ferguson an t-iarrthóir ag Pobal roimh Bhrabús mar is gnách agus tá Carl Whyte ag seasamh don SDLP. Tá roinnt i Sinn Féin míshásta faoi Whyte a bheith san iomaíocht, iad imníoch go mbainfidh sé de vóta Finucane. B’fhearr leo go seasfadh sé i leataobh mar a rinne Sinn Féin i mBéal Feirste Theas dá ndeoin féin. Chaill leascheannaire an SDLP, Nichola Mallon a suíochán Tionóil anseo in 2022 agus is léir go bhfuil an páirtí ag iarraidh a thuilleadh meatha a sheachaint.
Seans nach bhfuil aon údar imní ag campa Finucane. Is fíor gur toghcheantar imeallach é seo – ar pháipéar, é furasta bearna 1,943 a dhruidim. Ach tá athrú ar chomhdhéanamh an toghcheantair ó aistríodh bardaí na Seanchille, timpeall 2,000 vótaí aontachtacha go Béal Feirste Thiar agus tugadh isteach bardaí náisiúnacha as Aontroim Thoir agus Aontroim Theas. Buntáiste do Finucane na hathruithe sin ar theorainneacha an toghcheantair, deirtear. Leis sin agus tionchar an TUV ar an vóta aontachtach tá seans an-mhaith aige an suíochán a choinneáil.
Béal Feirste Thiar
An suíochán is sábháilte ar fad de chuid Shinn Féin. Toghadh Paul Maskey ina fheisire i gcomharbacht ar Gerry Adams in 2011 le 70% den vóta. Ba é 53.8% an sciar is lú den vóta a fuair sé in aon olltoghchán ó shin, níos mó ná trí oiread na vótaí a fuair an t-iarrthóir ba ghaire dó.
Ba é Gerry Carroll ó Phobal roimh Bhrabús ba ghaire do Maskey cúig bliana ó shin agus tá seisean ag feachtasaíocht go dian, go háirithe ar cheist Gaza agus débhríocht Shinn Féin faoin ár ansin, a gcinneadh freastal ar imeachtaí sa Teach Bán in Washington Lá Fhéile Pádraig d’ainneoin iompar Mheiriceá san áireamh.
Díol suntais is ea é go bhfuil feachtas an-ghníomhach ag Frank McCoubrey DUP a bhfuil súil aige ar shuíochán Tionóil an chéad uair eile de bharr na vótaí aontachtacha atá aistrithe isteach sa toghcheantar ón tSeanchill. Níl aon chaint ar athrú anseo roimh 2027.
Béal Feirste Theas & An Dún Láir
An toghcheantar is mó a athraíodh nuair a leasaíodh na teorainneacha. Mar is léir ón teideal nua, an Dún Láir curtha le Béal Feirste Theas, cuireadh bardaí as Loch Cuan agus Gleann an Lagáin leis an sean-toghcheantar agus baineadh paiste mór as lena chur i mBéal Feirste Thoir.
Bhain Claire Hanna SDLP suíochán Bhéal Feirste Theas cúig bliana ó shin le farasbarr 15,000 vóta. Ba é sin ceann den dá shuíochán a chaill an DUP san toghchán sin, an péire acu i mBéal Feirste. Fuair Hanna 27,000 vóta i gcomparáid le 11,600 Emma Little-Pengelly. Bhí trí pháirtí eile san iomaíocht, Alliance, an UUP agus Aontú. Sheas Sinn Féin agus Comhaontas Glas i leataobh chun tacú le Hanna mar chuid den bhfeachtas frithBhreatimeachta agus ról an DUP ann. Níl Sinn Féin san iomaíocht an t-am seo ach oiread ach tá seisear ar fad ag seasamh.
Tá Tracy Kelly san iomaíocht don DUP, Michael Henderson don UUP agus Dan Boucher don TUV. Áirítear go mbeidh timpeall 14,000 vóta idir na haontachtaithe ar fad sa toghcheantar nua ach braitheann sé sin ar an tinreamh lá an vótála. Tá an Teachta Tionóil Kate Nicholl san iomaíocht don Alliance agus an comhairleoir Áine Groogan don Chomhaontas Glas. Ni raibh ach 7,500 vóta ag SDLP i dtoghchán an Tionóil in 2022 ach áirítear go bhfuil vóta mór pearsanta ag Claire Hanna agus go gcoinneoidh sí an suíochán cé nach mbeidh an móramh ollmhór céanna aici arís.
Niall Ó Flaithbheartaigh
Tuairisc an chuimsitheach, a thugann léas ar thoghcheantair nach dtógann daoine fé mar mé fhéin aon cheann ró mhór dóibh ó lá go lá.