Gardaí armtha le cur ar dualgas sa phríomhchathair chun dul i ngleic le foréigean 

Tá €10 milliún breise curtha ar fáil ag an Rialtas don fhórsa le dul i ngleic le foréigean, iompar frithshóisialta agus díol drugaí i lár na príomhchathrach 

Gardaí armtha le cur ar dualgas sa phríomhchathair chun dul i ngleic le foréigean 

Tá Gardaí armtha agus póilíní círéibe le cur ar dualgas ar shráideanna Bhaile Átha Cliath mar fhreagra ar na hionsaithe éagsúla a tharla ann le tamall. 

De réir phlean lucht bainistíochta an Gharda Síochána, cuirfear gardaí breise ar dualgas ar láithreacha inar tharla achrann le tamall – in áiteanna amhail Sráid Uí Chonaill, Sráid Thalbóid, Barra an Teampaill, Sráid Grafton agus cosán clár na Life. 

Tá €10 milliún breise curtha ar fáil ag an Rialtas don fhórsa le dul i ngleic le foréigean, iompar frithshóisialta agus díol drugaí i lár na príomhchathrach.  

Caithfear €2 milliún den mhaoiniú sin ar uaireanta dualgais breise do bhaill den aonad oird phoiblí. 

Cuirfear ar dualgas in éineacht leis na gardaí faoi éide baill d’Aonad Aerthacaíochta an Gharda Síochána, den aonad freagartha faoi airm, den aonad Marc-Ghardaí, den aonad gadhar agus den aonad um phóilíniú bóithre. 

Tá go leor airde agus imní tarraingthe ag ionsaithe a tharla i lár na cathrach, ionsaithe ar thurasóirí ina measc. 

Fág freagra ar 'Gardaí armtha le cur ar dualgas sa phríomhchathair chun dul i ngleic le foréigean '