Tá na Gardaí i mbun fiosrúcháin faoi thimpiste bhóthair a tharla ar an mbóthar R336 idir Crosbhóthar Ros a’ Mhíl agus Casla i gConamara aréir.
Bhuail carr balla agus d’iompaigh sí bun os cionn ag ceathrú chun a dó ar maidin.
Bhí an carr trí thine nuair a tháinig na seirbísí éigeandála ar an láthair ach ní raibh tásc na tuairisc ar thiománaí an chairr ná ar aon phaisinéir.
Aon charr amháin a bhí sa timpiste agus is cosúil nár gortaíodh duine ar bith san eachtra.
Tá iarrtha ag Gardaí na Ceathrún Rua ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu faoin méid a tharla teagmháil a dhéanamh leo.