Gan aon chinneadh déanta fós faoi líonadh an fholúntais do Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta

Ba i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite a chéadtuairiscíodh go raibh Máire Killoran ag éirí as a cúram chun tabhairt faoi phost nua

Rionn5

Níl aon chinneadh déanta fós maidir le ceapachán chomharba Mháire Killoran mar Stiúrthóir na Gaeilge nua i Roinn na Gaeltachta.

Ba i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite a tuairiscíodh den chéad uair go raibh Killoran ag éirí as a cúram chun tabhairt faoi phost mar Stiúrthóir an Ionaid Aistriúcháin do Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg.

An Taoiseach le Máire Killoran, Stiúrthóir na Gaeilge ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.
Níl aon chinneadh déanta fós maidir le ceapachán chomharba Mháire Killoran mar Stiúrthóir na Gaeilge nua i Roinn na Gaeltachta.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta le fios i bhfreagra ar cheist Dála go bhfuil líonadh an fholúntais á phlé i gcónaí leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Is é Stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an státseirbhíseach is sinsearaí a bhíonn ag plé go buan le polasaí teanga an Stáit, agus ba í Killoran, mar shampla, a bhí freagrach as feidhm a thabhairt don Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge.

Bhí an tAire McHugh ag freagairt ceiste ón Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

Fág freagra ar 'Gan aon chinneadh déanta fós faoi líonadh an fholúntais do Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta'