‘Gaiscíoch ar leith’ – gradam bronnta ag Príomh-Aire na Breataine ar Dháithí Mac Gabhann

Agus é i mBéal Feirste chun bualadh le Joe Biden, bhronn Rishi Sunak gradam ar an nGael óg sé bliana d’aois a bhfuil dlí nua faoin deonú orgán ainmnithe ina dhiaidh

‘Gaiscíoch ar leith’ – gradam bronnta ag Príomh-Aire na Breataine ar Dháithí Mac Gabhann

Pictiúr: Twitter/@Donate4Daithi

Bhronn Príomh-Aire na Breataine Rishi Sunak gradam ar Dháithí Mac Gabhann, an cainteoir Gaeilge óg as Béal Feirste a  bhfuil dlí nua faoin deonú orgán ainmnithe ina dhiaidh.

Agus é i mBéal Feirste chun bualadh le hUachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Joe Biden, bhronn Sunak an gradam do “ghaiscígh ar leith” ar an mbuachaill beag sé bliana d’aois atá ag fanacht a shaol go léir nach mór ar aistriú croí.

Bhí rath mí Feabhra seo caite ar fheachtas fada Dháithí agus a thuismitheoirí, Máirtín agus Seph, nuair a chuir Rí Séarlas III Shasana a lámh leis an dlí nua – ‘Dlí Dháithí’.

De réir ‘Dlí Dháithí’, beidh gach duine fásta sa Tuaisceart áirithe mar dheontóir orgáin seachas sa chás go roghnaíonn siad gan a bheith ina ndeontóir orgáin.

Tiocfaidh an dlí  i bhfeidhm sa Tuaisceart ar an 1 Meitheamh.

In Westminster a tugadh an dlí isteach mar nach bhfuil Stormont ag feidhmiú faoi láthair.

Bronnadh Saoirse Bhéal Feirste ar Dháithí Mac Gabhann, arb as Baile Uí Mhurchú dó, an mhí seo caite. Is é an té is óige ar bronnadh an gradam sin air.

Fág freagra ar '‘Gaiscíoch ar leith’ – gradam bronnta ag Príomh-Aire na Breataine ar Dháithí Mac Gabhann'