Gaillimh in aghaidh Dhoire cluiche mór an lae ach neart cluichí spéisiúla ar siúl

Agus tús á chur le Craobh na hÉireann, tá Gaillimh, Ciarraí, Maigh Eo agus Corcaigh ar fad ag imirt sa chéad bhabhta cluichí i mbabhta na ngrúpaí

Gaillimh in aghaidh Dhoire cluiche mór an lae ach neart cluichí spéisiúla ar siúl

Cuirfear tús le Craobh Shinsir Peile na hÉireann tráthnóna agus ceithre chluiche á n-imirt i mbabhtaí na ngrúpa. Beidh curaidh Chonnacht agus na Mumhan, Gaillimh agus Ciarraí, ag imirt chomh maith leis na foirne a sháraigh siad i gcluichí ceannais na gcúigí coicís ó shin, Maigh Eo agus an Clár.

Ciarraí v Muineachán – Staid an Ghearaltaigh, 3.00in (Beo ar GAAGo)

Cuirfear tús leis na cluichí tráthnóna i gCill Airne agus an fhoireann bhaile ag cur fáilte roimh Mhuineachán sa chéad chluiche i nGrúpa 4. Agus contaetha na Mí agus Lú leo, ní hé an grúpa is deacra riamh atá faighte ag Ciarraí agus Jack O’Connor ach beifear fós ag súil le taispeántas maith os comhair a lucht tacaíochta féin.

Thug an Clár dúshlán áirithe do Chiarraí i gcluiche ceannais na Mumhan cúpla seachtain ó shin agus cé nach raibh fir na Ríochta i mbarr a maitheasa, bhí siad maith go leor chun bua seacht bpointe a bhaint amach.

Coinníodh David Clifford chomh ciúin is a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis sa chluiche sin – d’aimsigh sé ceithre phointe mar sin féin –  ach beidh Ciarraí sásta leis an iarracht a rinne Tony Brosnan taobh leis sa líne lántosaithe agus trí phointe ón imirt scóráilte ag fear na gCrócach.

Ní haon iontas é go bhfuil a áit coinnithe ar an bhfoireann ag Brosnan don chluiche an lae inniu. Tá Paul Geaney ainmnithe in áit Chillian Burke i measc na dtosaithe agus tá Shane Ryan roghnaithe sa chúl tar éis dó cluiche ceannais na Mumhan a chailliúint.

Tá peileadóirí Mhuineacháin in ísle brí ó dícháilíodh ó Roinn 1 na sraithe iad agus chaill siad in aghaidh an Chabháin ina gcéad chluiche i gCraobh Uladh. Is mór an tógáil croí a bheadh i mbua i gCill Airne ach níor bhuaigh Muineachán ar Chiarraí riamh sa chraobh.

Tá cumas go fóill i bhfoireann Vinny Corey, áfach. Shroich siad babhtaí leathcheannais na hÉireann anuraidh. Tá Rory Beggan fillte ó Mheiriceá chun a áit a thógáil sa chúl agus tá an seanfhondúir Conor McManus ainmnithe i measc na dtosaithe don chluiche i Staid an Ghearaltaigh. Bua gan choinne a bheadh ann dá n-éireodh leo ach beidh siad ag súil go bhfágfaidh siad Cill Airne le ruainne dóchais.

Maigh Eo v An Cabhán – Páirc Mhic Éil, 5.00in (Beo ar GAAGo)

Bhí roinnt mhaith cur agus cúiteamh faoi fhoireann seo Mhaigh Eo tar éis dóibh cailliúint in aghaidh na Gaillimhe i gcluiche ceannais Chonnacht ach tá deis ag na himreoirí agus ag Kevin McStay freagra a thabhairt ar lucht a gcáinte tráthnóna i gCaisleán an Bharraigh.

Is cinnte go raibh díomá ar Mhaigh Eo nár éirigh leo Gaillimh a chloí i Staid an Phiarsaigh coicís ó shin nuair a bhí na cuairteoirí dhá phointe chun tosaigh agus 70 nóiméad caite. Bhí na Gaillimhigh níos díograisí in am cúitimh agus thug siad an lá leo ach bhí mí-ádh ar Mhaigh Eo freisin go ndeachaigh cúpla cinneadh ina gcoinne.

D’fhéadfá cuid de na hathruithe a rinne McStay sa dara leath a cheistiú ach ba mhór an chailliúint é Paddy Durcan agus níl Diarmuid O’Connor ach ag teacht ar ais ó ghortú. Ábhar imní é nach bhfuil Tommy Conroy i mbarr a mhaitheasa go fóill ó gortaíodh é cúpla bliain ó shin ach ar a laghad níor cheart go mbeadh Ryan O’Donoghue chomh míchruinn is a bhí sé i gcoinne na Gaillimhe.

Bhí bliain mhaith go leor ag an gCabhán go dtí seo. Chríochnaíodar sa tríú háit i Roinn 2 agus bhí cuma na maitheasa orthu in aghaidh Mhuineacháin agus arís in aghaidh Thír Eoghain i gCraobh Uladh, cluiche aa chaill siad théis am breise. Bhain drochghortú glúine do phríomhscórálaí na foirne, Paddy Lynch, ó shin, rud a fhágann nach mbeidh an brú céanna ar Mhaigh Eo.

Gaillimh v Doire – Staid an Phiarsaigh, 5.30in (Beo ar GAAGo)

Níl aon amhras ach gurb é an cluiche i mBóthar na Trá ceann mór an lae agus Doire le haghaidh a thabhairt ar Ghaillimh cois farraige.

Bhí na Gaillimhigh ar rothaí an tsaoil tar éis dóibh a gcomharsana Maigh Eo a shárú i gcluiche ceannais Chonnacht a bhuíochas don chic saor a shlánaigh an cúl báire Connor Gleeson agus an t-am caite. Ní raibh feachtas na Gaillimhe go dtí sin ach leathchuibhseach ach tabharfaidh an teacht aniar sin an-spreagadh d’fhoireann Phádraic Joyce.

Ceann de na príomhchúiseanna nach raibh ag éirí rómhaith le Gaillimh roimhe sin ná go raibh scata mór imreoirí in easnamh orthu, ina measc cuid de na himreoirí is fearr ar an bhfoireann. In aghaidh Mhaigh Eo, bhí Damien Comer ar ais agus scrios á dheanamh aige agus tháinig Matthew Tierney agus go háirithe Shane Walsh isteach ón mbinse chun an-tionchar a imirt ar an gcluiche. Is é Cillian McDaid anois an t-aon imreoir mór le rá atá fós le filleadh agus tá seisean ainmnithe i measc na n-ionadaithe don chluiche in aghaidh Dhoire inniu.

Beidh gach a bhfuil iontu ag teastáil ó Ghaillimh inniu agus foireann Mickey Harte ag tabhairt aghaidh orthu. Tháinig Dún na nGall aniar aduaidh ar Dhoire i mbabhtaí ceathrú ceannais Uladh ach bhí ceithre seachtaine ag Harte agus a chuid imreoirí chun teacht chucu féin agus réiteach le tabhairt faoi Chraobh na hÉireann a bhuachan. Seans go raibh an briseadh ag teastáil go maith tar éis do Dhoire an oiread sin a chur isteach sa tsraith. D’éirigh leo agus Roinn 1 buaite acu ach bheidh na himreoirí, go háirithe fir an Ghleanna, buíoch as an scíth.

Feicfimid inniu an mbeidh sé de mhisneach ag Doire Odhran Lynch a chur amach go lár na páirce arís do ciceanna amach na Gaillimhe tar éis gur rugadh air faoi thrí in aghaidh Dhún na nGall.

Rud amháin nach dtarlóidh cinnte inniu, ní thabharfaidh fir Dhoire sin an spás céanna do Damien Comer is a thug Maigh Eo don lántosach láidir. Ní haon iontas é mar sin go bhfuil Shane Walsh tugtha isteach sa bhfoireann ag Joyce chun cuid den ualach a iompar agus beidh brú ag Rob Finnerty coinneáil leis an dea-obair atá déanta aige do Ghaillimh i mbliana.

Níl cluiche craoibhe buaite ag Doire riamh ar Ghaillimh ach má bhíonn Conor Glass chomh maith agus a bhí nuair a chas na foirne ar a chéile le linn na sraithe, d’fhéadfadh sé sin athrú tráthnóna, fiú agus Comer, Walsh agus gach duine eile ar ais ag Gaillimh.

An Clár v Corcaigh – Páirc Uí Chíosóig, 6.00in

Cath uile-Mhumhan a bheidh againn sa chéad chluiche i nGrúpa 3. Ó tharla gurb iad Tír Eoghain agus Dún na nGall an dá fhoireann eile sa ghrúpa, beidh a fhios ag an Clár agus Corcaigh go mbeidh toradh chluiche an lae inniu cinniúnach ó thaobh cé acu a thiocfaidh amach as an ngrúpa seo.

Tá údar ag fir an Chláir a bheith sásta go maith leis an taispeántas a thugadar in aghaidh Chiarraí i gcluiche ceannais na Mumhan agus beagáinín brú curtha acu ar fhir na Ríochta sa deireadh. Bhí Emmett McMahon, Dermot Coughlan agus Ikem Ugwueru i measc na n-imreoirí ab fhearr a bhí acu an lá sin agus fágann an obair iontach atá déanta ag Mark Fitzgerald ó tháinig sé isteach mar bhainisteoir ag tús na bliana nach gcuirfeadh sé iontas ar dhuine ar bith dá mbuafadh an Clár inniu.

Na Cláirínigh a bhuaigh an cluiche is déanaí idir na foirne seo nuair a tháinig siad aniar aduaidh ar Chorcaigh in Inis i gCraobh na Mumhan anuraidh. Tá Corcaigh feabhsaithe ó shin áfach agus an chuma orthu go bhfuil siad ag dul sa treo ceart den chéad uair le roinnt blianta.

Thug foireann John Cleary neart le déanamh do Chiarraí i gcluiche leathcheannais na Mumhan cúpla seachtain ó shin cé gur bhuaigh an Ríocht le trí phointe. Tá Rory Maguire ar ais ar fhoireann Chorcaí do chluiche an lae inniu tar éis dó tréimhse a chaitheamh ar an taobhlíne agus fágann líne lántosach cumasach – Chris Óg Jones, Conor Corbett agus Brian Hurley – go mbeidh deiseanna ar chúil acu inniu. Má thapaíonn siad cúpla ceann, ba cheart go mbeadh leo.

Fág freagra ar 'Gaillimh in aghaidh Dhoire cluiche mór an lae ach neart cluichí spéisiúla ar siúl'